bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
/
Revelation 22
Revelation 22
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
← Chapter 21
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
1
Thaispeáin sé dom ina dhiaidh sin abhainn fhíoruisce na beatha síoraí, chomh glé solasta le criostal,
2
i lármheán shráid na cathrach, arb í a foinse ríchathaoir Dé agus an Uain; agus thaispeáin sé dom ar dhá thaobh na habhann crann dhá thoradh déag na beatha, a thugas athrach toraidh gach mí; agus bhíodh duilleoga an chrainn mar chéiríní leighis ag na ciníocha.
3
Agus ní bheidh aon ní faoi mhallacht a thuilleadh, ní bheidh ann ach ríchathaoir Dé agus an Uain, agus a sheirbhísigh á adhradh,
4
agus radharc acu ar a ghnúis, agus a ainm scríofa ar chlár a n-éadan.
5
Agus ní bheidh aon oíche ann níos mó; ná riachtanas le solas lampa ná le solas na gréine acu, ó beidh an Tiarna Dia mar sholas acu, agus iad ina ríthe ag rialú go saol na saol.
6
Agus dúirt sé liom, “Is fírinneach iontaofa an focal é, gur chuir an Tiarna, an Dia a bhronn a Spiorad ar na fáithe, a aingeal uaidh le bheith ag taispeáint dá sheirbhísigh cad é atá le tarlú roimh i bhfad.
7
Bíodh a fhios agaibh nach fada uaibh mo theacht.” Is beannaithe a chomhallas briathra thairngreacht an leabhair seo.
8
Mise Eoin an té a chuala agus a chonaic na nithe seo. Agus nuair a bhí siad cluinte feicthe agam, thit mé ar mo bhéal ag cosa an aingil sin a thaispeáin dom iad lena adhradh;
9
ach ar seisean liom, “Tá sé crosta ort a dhéanamh! Níl ionamsa ach comhsheirbhíseach leatsa agus le do bhráithre, na fáithe, agus lena gcomhallann briathra an leabhair seo. Tabhair dʼadhradh do Dhia amháin.”
10
Agus ar seisean liom, “Ná dún briathra thairngreacht an leabhair seo le séala, ó nach fada uaibh an t-am.
11
A chead ag an drochdhuine an t-olc a dhéanamh, agus ag an duine salach bheith á shalú féin, agus a chead ag an duine cóir an choir a dhéanamh, agus a chead ag an naomh bheith naofa.
12
“Bíodh a fhios agaibh go dtiocfaidh mé gan mhoill, agus go mbeidh mo luach saothair liom, le cúiteamh le gach aon duine mar a thuill a shaothar.
13
Is mise an tAlfa agus an tÓmega, an té a bhí ann ar dtús agus a bheas ann sa deireadh, an chéad thosach agus an chríoch dheireanach.
14
“Is beannaithe a níos a n-éadaí, ar nós go mbeidh ceart seilbhe chrann na beatha acu agus cead acu siúl isteach ar na geataí chun na cathrach.
15
Is fada uaithi amach a gheofar na daoine madrúla agus na hasarlaithe agus na drúiseoirí agus na dúnmharfóirí agus lucht adhartha na n-íola, agus gach aon duine a ghráíos agus a chleachtas na bréaga.
16
“Is mise Íosa a chuir mʼaingeal uaim chugaibh leis an bhfianaise seo i gcoinne na n-eaglaisí. Is mise bunfhréamh Dháibhí agus sliocht a shleachta, agus réalta dhealrach na deargmhaidine.”
17
Is é a deir an Spiorad agus an Bhrídeog, “Tar.” Agus abradh an té a éisteas, “Tar”. Agus tagadh an té a bhfuil tart air, agus an té a bhfuil dúil aige ann, bíodh uisce thobar na beatha saor in aisce aige.
18
Fógraím mar rabhadh do lucht éiste briathra thairngr-eacht an leabhair seo: má chuireann aon duine leo, cuirfidh Dia leis-sean na plánna úd a gcuireann an leabhar seo síos orthu,
19
agus má bhaineann aon duine aon siolla de bhriathra an leabhar seo na tairngreachta, bainfidh Dia de a pháirtsean i gcrann na beatha agus sa chathair naofa, a mbaineann an leabhar seo leo.
20
Is é a deir an té sin a thugas fianaise ar na nithe seo, “Scéal cinnte é go bhfuil mé ag teacht roimh i bhfad.” Áiméan, bíodh amhlaidh. Tar chugainn, a Thiarna Íosa!
21
Go raibh grásta an Tiarna Íosa Críost leis na naoimh uiie go léir. Áiméan.
← Chapter 21
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22