bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
/
Revelation 20
Revelation 20
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
← Chapter 19
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 21 →
1
Chonaic mé ansin aingeal ag tuirlingt ó neamh, a raibh eochair an duibheagáin agus slabhra mór aige idir a lámha.
2
Agus rug sé ar an dragún, an nathair nimhe ársa úd, arb ionann é is an Diabhal agus Sátan, agus chuir sé ceangal mile bliain ar a chaolta,
3
agus chaith sé amach sa duibheagán é, agus dhún sé an doras air agus chuir sé séala air, ionas nach meallfaidh sé na ciníocha a thuilleadh go dtí go mbeidh an mile bliain istigh. Ina dhiaidh sin caithfear a scaoileadh saor seal beag.
4
Chonaic mé ríchathaoireacha ansin, agus fágadh an breithiúnas faoina raibh ina suí orthu. Chonaic mé freisin anamacha na ndaoine a dícheannaíodh mar gheall ar a bhfianaise ar Íosa agus ar bhriathar Dé, agus anamacha na ndaoine nár adhair an beithíoch ná a íomhá agus nár ghlac a chomhartha ar chlár a n-éadan ná ar a lámha deasa. Athbheodh iadsan, gur rialaigh siad maraon le Críost ar feadh mile bliain.
5
Ach níor athbheodh an chuid eile de na mairbh go dtí go raibh an mile bliain istigh. Is é sin an chéad aiséirí.
6
Is beannaithe naofa a mbíonn páirt acu sa chéad aiséirí! Ní bhíonn cumhacht ag an athbhás orthu siúd, ach is amhlaidh a bheidh siad ina sagairt ag Dia agus ag Críost, agus ina gcomhríthe leis i gcaitheamh mile bliain.
7
Agus nuair a bheas an mile bliain istigh, scaoilfear Sátan as a phríosún,
8
agus tiocfaidh sé amach as leis na ciníocha atá ag ceithre choirnéal na cruinne a mhealladh, mar atá, Gog agus Magog, á slógadh chun catha; nár lia gaineamh na farraige ná iad.
9
Agus ghluais siad ar aghaidh ar fud agus ar leithead an talaimh gur chuir fáinne timpeall ar fhoslongfort na naomh agus ar an gcathair ionúin; ach thit tine anuas ó neamh a rinne luaith díobh,
10
agus caitheadh an diabhal a mheall iad amach i loch na tine agus na ruibhchloiche, mar a raibh an beithíoch allta agus an fáidh bréige, agus beifear á gciapadh oíche agus lá go saol na saol.
11
Ba ansin a chonaic mé ríchathaoir mhór gheal, agus an té a bhí ina shuí uirthi; ar theith an talamh agus an spéir roimh a ghnúis, agus gan áit ná ionad le fáil acu.
12
Agus chonaic mé na mairbh, idir bheag agus mhór, ina seasamh os comhair na richathaoireach, agus osclaíodh na leabhair. Agus osclaíodh leabhar eile, arb é leabhar na beatha é. Agus tugadh breithiúnas ar na mairbh de réir a raibh scríofa sna leabhair faoina ngníomhartha.
13
Agus thug an Bás agus Háidéas uathu na mairbh a bhí iontu, agus tugadh breithiúnas orthu uile go léir de réir a ngníomhartha.
14
Caitheadh an Bás agus Háidéas amach ansin i loch na tine. Is é an t-athbhás an loch sin na tine;
15
agus gach aon duine nach raibh a ainm scríofa i leabhar na beatha, caitheadh amach é i loch na tine.
← Chapter 19
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 21 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22