bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
/
Revelation 16
Revelation 16
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
← Chapter 15
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 17 →
1
Chuala mé ansin glór mór ard as an teampall ag ordú do na seacht n-aingeal,ʼ “Imígí go ndoirte sibh lán na seacht scála dʼfhearg Dé amach ar thalamh.”
2
Dʼimigh an chéad aingeal mar sin gur dhoirt amach a scála ar an talamh, agus dʼéirigh neascóidí diana déistin-eacha ar na daoine úd a raibh comhartha an bheithígh allta orthu a mbíodh a íomhá á adhradh acu.
3
Dhoirt an dara haingeal a scála amach san fharraige, agus rinneadh cró fola di mar fhuil ó chorp marbh, agus fuair gach uile dhúil bheo dá raibh san fharraige bás.
4
Dhoirt an tríú haingeal a scála amach faoi na haibh-neacha agus faoi na toibreacha uisce, agus rinneadh fuil dá n-uiscí.
5
Agus chuala mé aingeal an uisce ag rá, “Is ceart cothrom tú sna breithiúnais seo agat, a Athair bheannaithe atá agus a bhí riamh ann.
6
Dhoirt na daoine seo fuil na naomh agus na bhfáithe, agus thug tú fuil dóibh lena hól. Thug tú a gceart féin dóibh.”
7
Agus chuala mé an altóir ag scairteadh os ard, “Bíodh amhlaidh, a Thiarna Dia na gcumhacht, is fírinneach agus is fíorcheart iad do bhreithiúnais!”
8
Dhoirt an ceathrú haingeal a scála amach ar an ngrian, agus ceadaíodh di na daoine a loscadh le tine;
9
agus bhí na daoine craiceann-dóite ag déine an teasa, agus thugadar a mallacht dʼainm Dé, a bhfuil an chumhacht aige ar na plánna seo, agus ní dhearnadar aithrí agus níor thugadar glóir dó.
10
Dhoirt an cúigiú haingeal a scála amach os cionn ríchathaoir an bheithígh allta, agus thit duibhe agus dorchadas ar a ríocht uile; agus bhí na daoine ag cogaint a dteangacha ar mhéid is bhí pian orthu,
11
agus iad ag cur a mallacht ar Dhia na bhflaitheas mar gheall ar a bpianta agus a neascóidí, agus gan aithreachas orthu faoina mí-ghníomhartha.
12
Dhoirt an séú haingeal a scála amach os cionn abhainn mhór na hEúfráite, agus triomaíodh a huiscí, leis an mbealach a réiteach roimh ríthe an domhain thoir.
13
Agus chonaic mé trí sprid neamhghlana mar a bheadh loscáin ann agus iad ag teacht amach as béal an dragúin agus as béal an bheithígh allta agus as béal an fháidh bhréige;
14
is deamhain aeir iad seo a oibríos comharthaí, a chuirtear ar theachtair-eacht chuig ríthe uile an domhain, lena slógadh i gcoinne catha lá mór Dia na gcumhacht.
15
“Seo ag teacht mé mar a thiocfadh gadai! Is beannaithe a fhaightear ina dhúiseacht, agus a chuid éadaí coinnithe slán aige, sa dóigh nach bhfeicfear maoltarnocht gan cumhdach ar a chorp é!”
16
Agus rinneadh a slógadh san áit a ngairtear Ármagedón di san Eabhrais.
17
Dhoirt an seachtú haingeal a scála amach san aer, agus tháinig foghar mór gutha as an teampall, ón ríchathaoir, a dúirt, “Tá críoch curtha air!”
18
Agus bhí splancacha tine agus torainn arda agus roisteacha toirní ann, agus crith talaimh nach raibh a leithéid ann chomh fada is bhí daoine ar an domhan, bhí sé ina chrith talaimh chomh mór sin.
19
Agus scoilteadh an mhórchathair ina trí chuid, agus thit cathracha na gcríoch go talamh, agus chuimhnigh Dia ar an mBabalóin mhór, lena cur dʼiallach uirthi an cupán sin a ól ba lán dʼfhíon fraochmhar a fheirge.
20
Agus dʼéalaigh gach oileán as, agus ní raibh aon sliabh le fáil,
21
agus fearadh cith mór de chlocha sneachta a raibh céad meáchain i ngach cloch de anuas ó neamh ar na daoine, sa chruth gur thug na daoine a mallacht do Dhia mar gheall ar phlá na gcloch sneachta, bhí an phlá chomh creathnach sin.
← Chapter 15
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 17 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22