bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
/
Revelation 13
Revelation 13
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
← Chapter 12
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 14 →
1
Agus chonaic mé an beithíoch allta ag éirí aníos as an bhfarraige, a raibh deich n-adharc agus seacht gcinn air, agus deich mionn ríoga ar a adharca, agus ainm diamhaslach ar a chinn.
2
Agus bhí an beithíoch a chonaic mé mar liopard, agus a chosa mar chosa mathghamhna, agus a bhéal mar bhéal leoin. Agus ba dó a thug an dragún a chumhacht agus a richathaoir agus ardcheannas.
3
Bhí cuma ghoin bháis ar aon cheann amháin dá chinn, ach cneasaíodh an ghoin bhásmhar sin, agus chuaigh an saol uile i ndiaidh an bheithígh allta agus iontas orthu.
4
Agus dʼadhair na daoine an dragún, ó thug sé a chumhacht don bheithíoch allta, agus dʼadhair siad an beithíoch allta, agus deiridís, “Cé tá inchomhraic leis?”
5
Agus bronnadh béal ar an mbeithíoch allta a chuirfeadh briathra díomasacha diamhaslacha as, agus ligeadh an t-ardcheannas leis i gcaitheamh dhá mhí is daichead;
6
agus dʼoscail sé a bhéal le haithis a thabhairt do Dhia, agus masla a chur ar a ainm agus ar a áitreabh, is é sin, ar mhuintir neimhe.
7
Ligeadh dó freisin cogadh a chur ar na naoimh, agus bua a fháil orthu. Agus tugadh ardcheannas dó os cionn gach treibhe agus pobail agus canúna agus cine,
8
agus adharfaidh a maireann sa domhan é, gach duine nach raibh a ainm scríofa roimh bhunú an domhain i leabhar bheatha an Uain a cuireadh chun báis.
9
An té a bhfuil cluas air éisteadh sé:
10
Má tá sé i ndán do dhuine bheith ina bhraighdeanach, is i mbraighdeanas a théann sé; an té a mharaíos le béal claímh, is le béal claímh a chaithfear a mharú. Is anseo atá riachtanas le dochloíteacht agus le creideamh ó naoimh Dé.
11
Chonaic mé ansin beithíoch allta eile a dʼéirigh aníos as an talamh; bhí dhá adharc mar uan air agus urlabhra dragúin aige.
12
Bíonn sé ag cur cumhacht an chéad bheithígh in éifeacht ina láthair, agus é ag tabhairt ar an domhan agus a áitreabhaigh uile an chéad bheithíoch a adhradh, ar cneasaíodh a ghoin bhásmhar.
13
Oibríonn sé comharthaí móra, go fiú tine a tharraingt ó neamh go talamh os comhair na ndaoine;
14
agus meallann sé áitreabhaigh an domhain leis na comharthaí seo a gceadaítear dó a oibríú i láthair an bheithígh allta, ag ordú dóibh íomhá a dhéanamh don bheithíoch a goineadh leis an gclaíomh agus a mhair ina dhiaidh;
15
agus a chead aige anáil a chur in íomhá an bheithígh allta go mbíonn fiú cumas labhartha ag íomhá an bheithígh allta, agus a chead aige an dream nach toil leo íomhá an bheithígh allta a adhradh a chur chun báis.
16
Agus lena chois sin cuireann sé iallach ar na daoine uile, idir bheag agus mhór agus shaibhir agus dhaibhir agus shaor agus dhaor, comhartha a ghlacadh orthu féin ar a lámha deasa nó ar chláir a n-éadain,
17
ar nós nach mbíonn cead díolta ná ceannaigh ag aon duine mura mbíonn an comhartha sin an bheithígh allta air, is é sin, ainm an bheithígh allta nó uimhir a ainm.
18
Tá gá le heagna anseo: an té a bhfuil eagna cinn aige comhairíodh sé uimhir an bheithígh allta, ós uimhir dhaonna i, agus is í a uimhir sé chéad seasca is a sé.
← Chapter 12
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 14 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22