bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
/
Revelation 17
Revelation 17
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
← Chapter 16
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 18 →
1
Tháinig aingeal de sheacht n-aingeal na seacht scála chugam ansin agus ar seisean liom, “Tar uait, go dtais-peána mé duit breithiúnas na striapaí móire a shuitear ar na móruiscí,
2
ise ba leannán leapa ag ríthe an domhain, a chuir a maireann ar an talamh ar meisce le deocha diana a drúise.”
3
Agus dʼiompair sé amach chun an fhásaigh mé faoi anáil an Spioraid, agus chonaic mé an bhean ag marcaíocht ar mhuin an bheithígh allta scarlóidigh a raibh a chorp lán dʼainmneacha diamhaslacha, agus a raibh seacht gcinn agus deich n-adharc air.
4
Agus bhí an bhean cóirithe i gcorcra agus i scarlóid agus maisithe le hór agus le seoda agus le péarlaí, agus bhí cupán óir ina láimh a bhí lán de ghráiniúlacht agus de mhígheanmnaíocht a drúise;
5
agus bhí ainm rúnda scríofa ar chlár a héadain: “An Bhabalóin mhór, máthair striapacha agus shailíochtaí an domhain.”
6
Agus chonaic mé an bhean sin agus í ar meisce le fuil na naomh agus le fuil mhairtírigh Íosa. Agus rinne mé iontas mór di nuair a chonaic mé í.
7
Ach dúirt an t-aingeal liom; “Cad é ábhar dʼiontais? Inseoidh mise duit rúndiamhair na mná agus rúndiamhair an bheithígh a bhfuil seacht gcinn agus deich n-adharc air, a iompraíos í.
8
An beithíoch a chonaic tú, bhí sé ann, ach níl sé ann anois. Tá i ndán dó éirí aníos as an duibheagán agus imeacht chun scriosta. Agus an méid sin de dhaoine an tsaoil seo nach bhfuil a n-ainmneacha scríofa ó shuíomh an domhain i leabhar na beatha, beidh iontas orthu an beithíoch allta sin a fheiceáil, cionn is go raibh sé ann, agus nach bhfuil sé ann agus go bhfuil sé le teacht.
9
Is anseo atá riachtanas le heagna chinn: ciallaíonri na seacht gcinn seacht gcnoc a bhfuil an bhean ina suí orthu.
10
Ciallaíonn siad seachtar rí freisin, ar thit cúigear acu, agus a bhfuil rí acu anois, agus rí eile nár tháinig go fóill, agus nach bhfanfaidh ach seal beag nuair a thiocfas sé.
11
Agus maidir leis an mbeithíoch allta sin a bhí ann agus nach bhfuil ann, tá sé sin ar an ochtú rí, ach is leis an seachtar é, agus imeoidh sé chun scriosta.
12
Agus na deich n-adharc a chonaic tú, is deichniúr rí iadsan nach bhfuair a ríochtaí go fóill, ach a ghlacfas cumhacht ríúil maraon leis an mbeithíoch allta i rith aon uaire amháin.
13
Bíonn siad uile ar aon intinn amháin lena bhfuil de cheannas agus de chumhacht acu a bhronnadh ar an mbeithíoch allta.
14
Cuirfidh siadsan cogadh ar an Uan, agus gheobhaidh an tUan a mbua, ós é Mórthiarna na dtiarnaí agus Ardrí na ríthe é, agus ós togharmtha tofa tairise iad a lucht leanúna.”
15
Agus ar seisean liom, “Na huiscí a chonaic tú, a bhfuil an striapach ina suí orthu, ciallaíonn siadsan pobail agus mórshluaite agus ciníocha agus canúintí.
16
Agus maidir leis na deich n-adharc a chonaic tú, agus an beithíoch allta, tabharfaidh siad fuath don striapach; agus fágfaidh siad fás folamh fornocht í, agus íosfaidh siad a feoil agus loiscfidh siad chun luaithe í,
17
ó chuir Dia ina gcroíthe a bheartas féin a chur i ngníomh nuair a bhronn siad a gcumhacht ríoga ar an mbeithíoch allta, ionas go bhfíorófaí briathra bhéal Dé.
18
Agus an bhean úd a chonaic tú, is í an chathair mhór sin í a bhfuil ríthe uile an domhain faoina smacht aid.”
← Chapter 16
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 18 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22