bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
/
Revelation 7
Revelation 7
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
← Chapter 6
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 8 →
1
Chonaic mé dá éis sin ceithre aingeal ina seasamh ag ceithre choirnéal na cruinne, ag cur cúil ar cheithre ghaoth an domhain, ionas nach séidfeadh aon ghaoth ar thalamh ná ar mhuir ná ar aon chrann coille.
2
Agus chonaic mé aingeal eile anoir chugam ó éirí na gréine, agus séala an Dé bhí aige, agus dʼfhógair sé de ghuth ard do na ceithre aingeal a raibh orthu muir agus talamh a choscairt,
3
agus dúirt sé leo, “Ná coscraígí an talamh ná an mhuir ná na crainn go raibh séala buailte againn ar sheirbhísigh ár nDé ar chlár a n-éadan.”
4
Agus chuala mé lion an dreama ar cuireadh séala orthu, céad daichead is a ceathair de mhílte, as gach treibh de chlann Iosrael.
5
Cuireadh séala ar dhá mhíle dhéag de threibh Iúda, agus ar dhá mhíle dhéag de threibh Rúben, agus ar dhá mhíle dhéag de threibh Ghad,
6
agus ar dhá mhíle dhéag de threibh Aisear, agus ar dhá mhíle dhéag de threibh Neftáilim, agus ar dhá mhíle dhéag de threibh Mhanaisse,
7
agus ar dhá mhíle dhéag de threibh Shiméón, agus ar dhá mhíle dhéag de threibh Lébhí, agus ar dhá mhíle dhéag de threibh Isacar,
8
agus ar dhá mhíle dhéag de threibh Sheabúlún, agus ar dhá mhíle dhéag de threibh Iósaif, agus bhí dhá mhíle dhéag de threibh Bheniamín ar cuireadh séala orthu.
9
Dʼamharc mé dá éis sin, agus bʼshiúd slua síoraí nach raibh aon áireamh air, de dhaoine as gach aon chine, agus as a bhfuil ann de threibheanna agus de phobail agus de chanúintí sa chruinne, agus iad ina seasamh os comhair na ríchathaoireach agus os comhair an Uain, agus éadach geal orthu agus craobhacha pailme idir a lámha,
10
agus iad ag scairteadh in ard a nglór, “Is ónár nDia-na a shuíos sa ríchathaoir, a thagas an slánú, uaidh agus ón Uan!”
11
Agus sheas na haingil uile go léir mórthimpeall na ríchathaoireach agus na gcruifreacha agus na gceithre bheithíoch, agus thit siad ar a mbéal fúthu os coinne na ríchathaoireach, agus thug siad adhradh do Dhia,
12
agus dúirt siad, “Áiméan! Moladh agus glóir agus eagna agus buíochas agus onóir agus neart agus cumhacht lenár nDia-na go saol na saol! Áiméan.”
13
Chuir duine de na cruifreacha forrán orm ansin ag fiafraí díom, “Cé hiad agus cá has iad siúd a bhfuil an t-éadach geal orthu?”
14
Arsa mise leis, “A shaoi, is agat is fearr a íhios.” Agus ar seisean liom, “Sin iad an dream a tháinig slán as an bpianpháis mhór; agus a bhfuil a róbaí nite gealta acu i bhfuil an Uain.
15
Dá bhrí sin de bíonn siad os comhair chathaoir Dé, ag fónamh dó lá agus oíche ina theampall; agus an té a shuíos ar an ríchathaoir mar dhídean acu.
16
Ní bheidh ocras ná iota orthu a thuilleadh; ní thiocfaidh bruitheadh gréine ná brothall teasa orthu.
17
Mar beidh an tUan mar aoire acu ó cheartlár na ríchathaoireach, agus treoróidh sé iad chuig fuaráin fhíoruisce na beatha; agus triomóidh Dia gach deor ó na súile.”
← Chapter 6
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 8 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22