bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
/
Revelation 11
Revelation 11
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
← Chapter 10
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 12 →
1
Tugadh dom ansin slat tomhais mar bhata, agus dúradh liom, “Éirigh agus glac tomhas theampall Dé agus na haltóra agus an dreama a bhíos ag adhradh ann,
2
ach fág amach an chúirt atá taobh amuigh den teampall agus ná tomhais é; mar ligeadh leis na ciníocha í, agus cuirfidh siad an chathair naofa faoina gcosa i gcaitheamh dhá mhí is daichead.
3
Agus tabharfaidh mé do mo dhís fhinnéithe cumhacht fáidheadóireachta a bheith acu i gcaitheamh mile dhá chéad is seasca lá, agus saicéadach orthu.”
4
Is iad seo an dá chrann olóige agus an dá chrann solais a sheasas os comhair Ardtiarna na cruinne.
5
Agus más mian le haon duine a ndochar a dhéanamh, tagann tine as a mbéal go slogann sí a naimhde; sin an oidhe atá i ndán don té ar mhian leis a ndochar a dhéanamh.
6
Bíonn sé de chumh-acht acu an spéir a dhúnadh, ionas nach mbeidh aon bháisteach ann sna laethanta a mbíonn siad ag fáidhead-óireacht, agus bíonn de chumhacht acu na huiscí a thiontú ina bhfuil, agus an talamh a bhualadh le plá ar bith chomh minic agus is mian leo.
7
Agus nuair a bhíonn a bhfianaise críochnaithe acu, cuirfidh an beithíoch allta a éiríos as an duibheagán cogadh orthu agus buafaidh sé orthu agus básóidh sé iad,
8
agus luífidh a gconablaigh i sráid na cathrach móire, a dtugtar go fáithchiallach an tSodóm agus an Éigipt uirthi, an t-ionad céanna inar céasadh ár dTiama.
9
I gcaitheamh trí lá go leith beidh a gconablaigh á mbreathnú ag daoine as gach pobal agus treibh agus canúint agus cine gan cead adhlactha le fáil uathu,
10
agus beidh lucht áitithe an domhain ag déanamh áthais agus lúcháire os a gcionn agus ag tabhairt bronntanas dá chéile, ó ba mhór an crá croí iad an dís fháithe úd do lucht áitithe an domhain.
11
Ach tar éis na dtrí lá go leith chuaigh anáil bheatha ó Dhia iontu, agus dʼéirigh siad ar a gcosa agus thit eagla mhór ar a bhfaca iad.
12
Chualathas glór mór as flaitheas neimhe ansin á rá leo, “Tagaigí aníos anseo!” Agus chuaigh siad in airde go neamh le néal agus a naimhde ag breathnú orthu.
13
Agus sa tráth san bhí crith talaimh mór ann, agus thit an deichiú cuid den chathair; fuair seachtó mile duine bás sa chrith talaimh, agus bhí uamhan ar an gcuid eile gur thug siad glóir do Dhia neimhe.
14
Chuaigh an dara mairg thart; seo an tríú mairg ag teacht gan mhoill.
15
Shéid an seachtú haingeal a thrumpa ansin, agus bhí ardghlórtha ar neamh, ag rá, “Rinneadh ríocht ár dTiarna agus a Chríost de ríocht an domhain, agus rialóidh sé go saol na saol.”
16
Agus thit na ceithre chruifir ar fhichid a shuíos ar a gcathaoireacha os comhair Dé, agus thug siad adhradh do Dhia,
17
á rá, “Beirimid buíochas leat, a Thiarna Dia na gcumhacht atá agus a bhí riamh ann, gur ghlac tú ort do mhórchumhacht agus do réim.
18
Dá mhéid é fraoch na gciníocha, tháinig uair dʼfheirge, agus lá bhreithiúnas na marbh, agus an lá a dtabharfar a luach saothair do do sheir-bhísigh, idir fháithe agus naoimh, agus bheag agus mhór a mbíonn ómós acu do dʼainm, an lá a scriosfar scriostóirí an talaimh.”
19
Ba ansin a osclaíodh teampall Dé atá ar neamh, agus chonacthas áirc a chúnaint istigh sa teampall; agus bhí splancacha agus torainn arda agus roisteacha toirní agus crith talaimh, agus cith trom de chlocha sneachta ann.
← Chapter 10
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 12 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22