bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
/
Revelation 10
Revelation 10
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
← Chapter 9
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 11 →
1
Chonaic mé aingeal cumhachtach eile ag tuirlingt ó neamh, a raibh néal thar a chorp, agus tuar ceatha faoina cheann, agus a ghnúis mar an ghrian, agus a chosa mar cholúin thine.
2
Bhí leabhrán beag oscailte aige ina Iáimh. Agus leag sé a chos dheas ar fharraige, agus a chos chlé ar thalamh,
3
agus scairt sé i nglór ard, mar leon ag búiríl; agus nuair a scairt sé, chualathas fuaim na seacht dtoimeach.
4
Agus nuair a chuala mé na seacht dtoirneach, bhí mé ar tí scríobh, ach chuala mé glór ó neamh ag rá liom, “Cuir séala ar an méid a dúirt na seacht dtoirneach, agus ná scríobh é.”
5
Agus maidir leis an aingeal a chonaic mé ina sheasamh i bhfarraige agus ar thalamh, thóg sé a lámh dheas i dtreo na spéire,
6
agus mhionnaigh sé in ainm an té a mhaireas go saol na saol, a chruthaigh neamh agus a bhfuil inti, agus an talamh agus a bhfuil air, agus an fharraige agus a bhfuil inti, nach mbeadh moill ann a thuilleadh,
7
ach cothrom na laethanta sin a seinnfear an trumpa sin a bhfuil an seachtú haingeal ar tí a shéidte, go gcomhlíonfar rúndiamhair Dé, mar atá réamhinste aige dá sheirbhísigh na fáithe.
8
Ba ansin a labhair an glór a chuala mé ó neamh an dara huair liom, á rá, “Imigh agus glac an leabhrán atá oscailte i Iáimh an aingil atá ina sheasamh i bhfarraige agus ar thalamh.”
9
Chuaigh mé mar sin go dtí an t-aingeal gur iarr air an leabhrán a thabhairt dom; agus dúirt sé liom, “Glac agus caith é; beidh sé searbh ar do ghoile, ach beidh sé chomh milis le mil i do bhéal.”
10
Agus ghlac mé an leabhrán as láimh an aingil gur chaith é; agus bhí sé chomh milis le mil i mo bhéal, ach nuair a bhí sé ite agam, dʼéirigh mo ghoile searbh.
11
Agus dúradh liom, “Caithfidh tú tairngr-eacht a dhéanamh an athuair i dtaobh pobal agus ciníocha agus canúintí agus ríthe iomaí.”
← Chapter 9
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 11 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22