bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
/
Revelation 12
Revelation 12
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
← Chapter 11
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 13 →
1
Agus chonacthas comhartha mór ar neamh, bean arbh éadach di an ghrian, agus a raibh an ghealach faoina cosa, agus coróin dhá réalta dhéag faoina ceann;
2
ba thaobhthrom thorrach í, agus í ag éamh i dtinneas clainne.
3
Agus chonacthas comhartha eile ar neamh; bʼshiúd dragún mór dearg a raibh seacht gcinn agus deich n-adharc air agus seacht mionn ríoga ar a seacht gcinn.
4
Agus tharraing a eireaball trian de réaltaí neimhe leis gur chaith anuas chun talaimh iad. Agus sheas an dragún os coinne na mná a bhí ar tí breithe, go slogfadh sé an leanbh ina chraos chomh luath agus a bhéarfaí é;
5
agus rug sí páiste fir, a bhfuil sé i ndán dó na ciníocha uile a rialú le slat iarainn, ach fuadaíodh an leanbh in airde chuig Dia agus chuig ríchathaoir Dé,
6
agus theith an bhean amach ar an bhfásach, a bhfuil ionad ullmhaithe ag Dia ann ina coinne, ina n-oilfear í i gcaitheamh mile dhá chéad is tríocha lá.
7
Bhí cogadh ann ansin i spéartha neimhe, Micheál agus a chuid aingeal i gcogadh leis an dragún; agus throid an dragún agus a chuid aingeal,
8
ach ní bhfuair siad bua sa chath ná ionad ar neamh ní ba mhó.
9
Agus caitheadh síos an dragún mór, an nathair nimhe ársa úd, dár chomhainm dó an Diabhal agus Sátan, mealltóir na cruinne uile —, caitheadh síos go talamh é, agus caitheadh a chuid aingeal síos maraon leis.
10
Agus chuala mé é á fhógairt os ard ar neamh, “Is anois a ligeadh an réim le slánú agus le cumhacht agus le ríocht ár nDé, agus le hardcheannas a Chríosta, ó teilgeadh síoscúiseoirárgcomhbhráithre, abhíoságcúiseamh os comhair Dé oíche agus lá.
11
Ach rug siad bua air tri fhuil an Uain agus tri bhriathar a bhfianaise, ó ba bheag leo a mbeo go bás.
12
Bíodh ollghairdeas oraibh, a neamha agus a mhuintir neimhe! Ach is mairg don mhuir agus don talamh, ar tháinig an diabhal anuas chugaibh agus fearg bhuile air, ós feasach dó gur gairid a sheal.”
13
Agus nuair a chonaic an diabhal é féin teilgthe chun an talaimh, chuaigh sé ar thóir na mná a raibh an mac aici.
14
Ach bronnadh dhá eite an iolair mhóir ar an mbean, le héalú ar eitilt ón nathair nimhe chun an fhásaigh, go dtí an t-ionad a n-oilfear í ar feadh trátha agus dhá thráth agus leaththráth.
15
Agus sceith an nathair nimhe tuile uisce as a chraos mar abhainn ann i ndiaidh na mná, lena cartadh leis an sruth.
16
Ach chuir an talamh tarrtháil ar an mbean, mar dʼoscail an talamh a bhéal gur shlog an abhainn a sceith an nathair nimhe as a bhéalsan.
17
Bhí fearg ar an nathair nimhe ansin leis an mbean, agus dʼimigh sé a chur cogaidh ar thuilleadh dá sliocht, mar atá ar an dream a chomhallas aitheanta Dé agus a thugas fianaise ar Íosa. Agus sheas sé ar ghaineamh na farraige.
← Chapter 11
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 13 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22