bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
/
Revelation 5
Revelation 5
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
← Chapter 4
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 6 →
1
Agus chonaic mé i láimh an té a shuigh ar an ríchathaoir scrolla a raibh scríobhnóireacht breactha air, ar a aghaidh agus ar a chúl, a raibh seacht séala buailte air;
2
agus chonaic mé tréanaingeal á fhógairt i nguth ard, “Cé hé sin ar fiú é an scrolla a oscailt agus a shéalaí a bhriseadh?”
3
Agus ní raibh aon duine ar neamh ná ar talamh ná faoi thalamh a bhí in inmhe an scrolla a oscailt ná amharc a thabhairt faoi,
4
agus chaoin mé uisce mo chinn faoi gan aon duine a bheith le fáil ab fhiú an scrolla a oscailt ná amharc faoi.
5
Arsa duine de na cruifreacha liom ansin, “Ná bí ag caoineadh. Tá de bhua ag an Leon ó threibh Iúda, Bunfhréamh Dháibhí, an scrolla agus a sheacht séala a oscailt.”
6
Agus chonaic mé ina sheasamh idir na cruifreacha agus an ríchathaoir agus na ceithre bheithíoch an tUan mar a bheadh sé in éis a mharaithe, a raibh seacht n-adharc agus seacht súil aige, arbh iad seacht sprid Dé iad a chuirtear amach ar fud an domhain uile;
7
agus chuaigh sé gur ghlac sé an scrolla as láimh dheas an té a shuigh ar an ríchathaoir.
8
Agus nuair a bhí an scrolla ina láimh, thit na ceithre bheithíoch agus na ceithre chruifir ar fhichid ar a mbéal fúthu roimh an Uan, agus cláirseach cheoil agus scála óir lán túise ina lámha, agus is iad urnaithe na naomh an túis sin.
9
Agus chan siad amhrán úrnua, agus dúirt siad, “Is maith is fiú tú breith ar an scrolla agus a shéalaí a fhuascailt, ós tú a cuireadh chun báis agus a cheannaigh le do chuid fola daoine do Dhia as gach treibh agus canúint agus pobal agus cine,
10
agus rinne tú ríocht astu agus sagairt dár nDia-na, agus rialóidh siad ar an talamh.”
11
Dʼamharc mé uaim ansin agus chuala mé timpeall na ríchathaoireach agus na mbeithíoch agus na gcruifreacha fuaim mórshlua aingeal, a bhí ina gcéadta agus ina mílte mile,
12
ag canadh in ard a gcinn, “Is fiú é an tUan a cuireadh chun báis an chumhacht agus an ghlóir agus an bheannaith-eacht a fháil!”
13
Agus chuala mé a bhfuil de chréatúir ann ar neamh agus ar thalamh agus faoi thalamh agus i bhfarr-aige agus ar fud na cruinne á rá, “Don té a shuíos ar an ríchathaoir agus don Uan go raibh an bheannacht agus an onóir agus an ghlóir agus an chumhacht go saol na saol.”
14
Agus dúirt na ceithre bheithloch bhithbheo “Áiméan!” leis, agus thit na cruifreacha síos ag adhradh.
← Chapter 4
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 6 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22