bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
/
Revelation 4
Revelation 4
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
← Chapter 3
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 5 →
1
Ina dhiaidh sin dʼamharc mé uaim, agus bʼshiúd doras oscailte ar neamh! Agus dúirt an chéad ghlór úd, a chuala mé mar a bheadh trumpa ag caint liom, “Tar aníos anseo go dtaispeána mé duit a bhfuil le tarlú ina dhiaidh seo.”
2
Agus leis sin bhí mé ar maos sa Spiorad Naomh, agus bʼshiúd an ríchathaoir ina seasamh ar neamh agus an té a bhí ina shuí ar an ríchathaoir!
3
Agus bhí lí sheaspair agus sháird ar an té a bhí ina shuí uirthi, agus bhí tuar ceatha ar lí smaragaide ina fháinne mórthimpeall na ríchathaoireach.
4
Agus timpeall na ríchathaoireach bhí ceithre chathaoir ar fhichid, a raibh ceithre chruifir ar fhichid ina suí orthu faoi éadach geal, agus corónacha óir faoina gcinn.
5
Agus tagann splancacha agus glórtha agus roisteacha toirní as an ríchathaoir, agus bíonn seacht gcrann solais ar dhianlasadh os comhair na ríchathaoireach, arb iad seacht sprid Dé iad;
6
agus tá muir théachta ghlan ghloiní mar chriostal ann os comhair na ríchathaoireach. Agus timpeall na ríchathaoireach, i lár gach taoibh den ríchathaoir, tá na ceithre bheithíoch bhithbheo, a bhfuil a gcoirp lán de shúile rompu agus ina ndiaidh:
7
tá an chéad bheithíoch mar leon ann, agus tá an dara beithíoch cosúil le damh, agus tá gnúis dhaonna ar an tríú beithíoch, agus tá anceathrú beithíoch mar iolar ag eitilt,
8
agus bíonnsé sciathán ar gach uile bheithíoch, agus iad lán de shúile fúthu agus tharstu, agus ní bhíonn stad orthu oíche ná lá ach ag canadh, “Is naofa, naofa, naofa é Tiarna Dia na gcumhachtaí, a bhí agus atá agus atá le teacht!”
9
Agus níl uair dá dtugann na beithígh bhithbheo glóir agus onóir agus buíochas don té a shuíos ar an ríchathaoir, agus a mhaireas go saol na saol,
10
nach dtiteann na ceithre chruifir ar fhichid ar a mbéal fúthu roimh an té a mhaireas go saol na saol; ag caitheamh a gcorónacha síos os coinne na ríchathaoireach, agus ag canadh,
11
“Ós tú ár dTiarna agus ár nDia, is maith is fiú tú an ghlóir agus an onóir agus an chumh-acht a bheith á lua leat, ós tú a chruthaigh a bhfuil ann, agus ós de do thoilse a bhí siad ann agus a cumadh iad.”
← Chapter 3
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 5 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22