bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
/
Revelation 14
Revelation 14
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
← Chapter 13
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 15 →
1
Dʼamharc mé ansin, agus bʼshiúd é an tUan ina sheasamh ar mhullach Shliabh Shióin agus céad daichead is a ceathair de mhílte in éineacht leis a raibh a ainmsean agus ainm a Athar scríofa ar chláir a n-éadan.
2
Agus chuala mé an glór ó neamh a bhí mar thorann na dtonnta móra, agus mar ardtuargaint toirní; agus an glór seo a chuala mé bhí sé mar chláirseoirí ag seinm ar a gcláirseacha,
3
agus bítear ag ceol amhráin úrnua os comhair na ríchathaoireach agus os comhair na gceithre bheithíoch bhithbheo agus os comhair na gcruifreacha. Níor fhéad aon duine an t-amhrán úd a fhoghlaim ach amháin an céad daichead is a ceathair de mhilte a athcheannaíodh ó thalamh an domhain.
4
Is iad nár thruailligh iad féin le mná, ós glan geanmnaí iad; is iad a leanas an tUan cibé áit a dtéann sé; is iad a athcheannaíodh as an gcine daonna mar chéad torthaí do Dhia agus don Uan,
5
agus nach bhfuarthas aon bhréag ina mbéil, ó nach bhfuil aon smál peaca orthu.
6
Agus chonaic mé aingeal eile ag eitilt idir spéir agus talamh, agus soiscéal síoraí aige lena fhógairt dá gcónaíonn ar thalamh an domhain, do gach cine agus treibh agus canúint agus pobal;
7
agus dúirt sé os ard, “Bíodh ómós do Dhia agaibh agus tugaigí glóir dó, ó tháinig uair a bhreith-iúnais, agus tugaigí a dhíol adhartha don té a rinne neamh agus talamh agus an fharraige agus toibreacha an fhíoruisce.”
8
Lean an dara haingeal é, agus é á rá, “Thit Babalóin mhór ar an talamh, agus tá sí ina luí ar lár, ise a thug ar na ciníocha uile fíon a hainmhéine a ól.”
9
Agus lean an tríú haingeal dóibh, ag fógairt de ghuth ard, “Má adhrann aon duine an beithíoch allta ina íomhá, nó má ghlacann sé comhartha ar chlár a éadain nó ar a láimh,
10
ólfaidh seisean freisin fíon fhearg Dé, a dhoirtfear amach amh gan meascadh i gcupán a fheirge, agus céasfar é le tine agus le ruibhchloch i láthair na naomhaingeal agus i láthair an Uain.
11
Agus bíonn toit a gciaptha ag dul in airde go saol na saol; gan faoiseamh lae ná oíche ag lucht adhartha seo an bheithígh allta agus a íomhá, ná ag cibé duine dá nglacann comhartha a ainm air féin.”
12
Is anseo atá riachtanas le dochloíteacht ag na naoimh, an dream atá dílis dʼaitheanta Dé agus do chreideamh Íosa.
13
Agus chuala mé glór ó neamh ag rá, “Scríobh é seo: Is beannaithe as seo amach a bhfaigheann bás i gcreideamh an Tiarna.” “Is beannaithe iad dáiríre,” a deir an Spiorad, “sa chruth go mbeidh scíth acu óna n-oibreacha, mar bíonn a ndea-ghníomhartha á leanúint.”
14
Dʼamharc mé ansin, go bhfaca mé néal geal bán, agus an té a bhí ina shuí ar an néal ba chosúil le mac duine é, agus bhí coróin óir ar a cheann, agus corrán líofa ina láimh.
15
Agus tháinig aingeal eile amach as an teampall, gur scairt i nglór ard leis an té a bhí ina shuí ar an néal, “Cuir do chorrán ann agus bain an barr, mar is lán aibí é fómhar an talaimh.”
16
Agus leis sin thug an té a bhí ina shuí ar an néal aon mhórbhuille amháin lena chorrán ar an talamh, agus baineadh leis sin fómhar an talaimh.
17
Agus tháinig aingeal eile amach as an teampall a bhí ar neamh, a raibh corrán líofa aigesean freisin.
18
Tháinig aingeal eile ansin ón altóir, an t-aingeal sin a bhí i gceannas na tine, gur scairt in ard a ghlóir leis an té a raibh an corrán líofa aige, “Cuir do chorrán ann, agus cruinnigh craobhacha fhíniúin an talaimh, mar is lánaibí atá a chaora.”
19
Agus leis sin thug an t-aingeal aon mhórbhuille amháin inar chruinnigh sé caora fhíniúin an talaimh, gur chaith isteach iad i gcantaoir mhór fhearg Dé;
20
agus rinneadh an chantaoir a shatailt ar an taobh amuigh den chathair, agus tháinig an tuile fhola amach as an gcantaoir, ar dhoimhne shrian chapaill, a chuaigh ar fhad mile sé chéad staid.
← Chapter 13
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 15 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22