bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
/
Proverbs 1
Proverbs 1
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 2 →
1
Seanfhocail Sholaimh mac Dháiví rí Iosrael:
2
Le go mba eol céard iad an eagna agus an teagasc; le go dtuigfí briathra ciallmhara;
3
Le go bhfaighfí oiliúint in iompar críonna, san fhíréantacht, sa chóir, agus sa cheart.
4
Le críonnacht a thabhairt don saonta, agus eolas agus tuiscint don óg;
5
Le ciall an tseanfhocail agus na solaoide a cheapadh, briathra na saoithe agus a nathanna
6
Éisteadh an t-eagnaí freisin agus beidh breis eolais aige, agus beidh cumas dea-chomhairle ag an bhfear tuisceanach.
7
Tús na heagna eagla Dé; is beag ar na hamadáin an eagna agus an teagasc.
8
Comhairle ón Saoi
9
Beidh siadsan mar choróin ghrásta ar do cheann agus mar thorc ar do bhráid.
10
Má bhíonn peacaigh do do mhealladh, a mhic ó, ná géill dóibh.
11
Má deir siad: «Tar linn; téimis i luíochán le fonn fola; tugaimis fogha gan choinne faoi na neamhurchóidigh;
12
Déanaimis iad a shlogadh ina mbeatha mar a dhéanfadh Seól, iad a shlogadh hólasbólas mar iad siúd a théann sa chuithe.
13
Gheobhaimid maoin de gach sórt, agus líonfaimid ár dtithe le creach.
14
Fág do chuid roinne fúinne; ní bheidh againn go léir ach an t-aon sparán.»
15
A mhic, ná gabh an bealach leo, agus ná leag do chos ar a gcosán.
16
(Óir tá siad ar cosa in airde chun an oilc, agus deifir orthu le fuil a dhoirteadh.)
17
Is fánach é an líon a leathadh agus an t-éan ag faire.
18
Is ar a bhfuil féin a chuireann na fir seo luíochán; orthu féin a dhéanann siad eadarnaí.
19
Sin mar a bhíonn ag an muintir go léir a bhíonn ar thóir an tsaibhris le láimh láidir; sciobann an foréigean an t-anam ón dream ar leo é.
20
Glaonn an eagna os ard ar na sráideanna, agus cuireann a gáir suas i bhfaichí an mhargaidh;
21
Éann sí ar bharr na mballaí, agus labhraíonn ag geataí na cathrach:
22
«A dhaoine saonta, an fada eile a thabharfaidh sibh gean do bhur saontacht? An fada eile a bhainfidh scigirí taitneamh as a scigireacht agus a bheidh drochmheas ag amadáin ar an eolas?
23
Tugaigí aird ar mo rabhadh; déanfaidh mé smaointe mo chroí a roinnt libh, agus mo theachtaireacht a chur in bhur láthair.
24
De bhrí gur ghlaoigh mé oraibh agus gur dhiúltaigh sibh éisteacht, gur shín mé mo lámh agus nár thug aon duine aird orm;
25
De bhrí nár thóg sibh ceann d' aon chomhairle do mo chuid, agus gur dhiúltaigh sibh do gach rabhadh uaim,
26
Déanfaidh mise gáire faoi bhur gcruachás agus magadh fúibh nuair a thiocfaidh an tubaiste oraibh,
27
Nuair a bhuailfidh an tubaiste sibh dála stoirme, agus a thiocfaidh an mí-ádh agus an anachain sa mhullach oraibh.
28
Glaoifidh siad orm ansin, ach gan freagra a fháil; lorgóidh siad mé, ach gan fáil orm.
29
Óir bhí fuath acu don eolas, agus níorbh é eagla an Tiarna ba rogha leo.
30
Ní ghlacfaidís le comhairle uaim, agus bhí drochmheas acu ar gach rabhadh uaim.
31
Uime sin ní foláir dóibh torthaí a gcúrsaí féin a chaitheamh, agus masmas a chur orthu féin lena mbearta féin.
32
Óir maraíonn a dtuathail féin an mhuintir shaonta, agus scriostar na hamadáin trína sástacht féin.
33
An té a éisteann liomsa, mairfidh sé go sochma, beidh sé ar a shuaimhneas, gan eagla air roimh aon urchóid.»
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 2 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31