bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
/
Proverbs 9
Proverbs 9
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
← Chapter 8
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 10 →
1
Tá a teach tógtha ag an Eagna, agus a seacht gcolún curtha ina seasamh aici.
2
Tá sí tar éis a mairt a mharú a cuid fíona a ullmhú, agus a bord a chóiriú.
3
Tá a cuid banseirbhíseach curtha amach aici, le glaoch amach ó arda na cathrach:
4
«Cibé ar bith duine atá saonta, casadh sé isteach anseo!» agus le lucht na díchéille deir sí:
5
«Téanaigí, ithigí mo chuid aráin, agus ólaigí an fíon atá ullamh agam.
6
Tréigigí bhur mbaois agus mairfidh sibh; siúlaigí ar bhealach na tuisceana.»
7
An té a cheartaíonn fear na fonóide, faigheann sé tarcaisne; an té a dhéanann cáiseamh in aghaidh an urchóidigh, déanfar urchóid dó.
8
Ná ceartaigh fear na fonóide nó beidh an ghráin aige ort, ceartaigh eagnaí agus beidh grá aige duit.
9
Tabhair [teagasc] don eagnaí agus beidh sé níos eagnaí fós; múin an fíréan agus beidh sé níos léannta fós.
10
Tús na heagna eagla an Tiarna; agus grinntuiscint is ea aithne ar an Neach Naofa.
11
Cuirfear breis le líon do laethanta tríomsa, agus cuirfear blianta le fad do shaoil.
12
Más eagnaí thú, téann sin chun do thairbhe; más fonóidí thú, tú féin amháin a bheidh thíos leis.
13
Bean ghliogair an óinseach; tá sí leanbaí, aineolach.
14
Suíonn sí ag doras a tí; suíonn sí i gcathaoir ar na harda os cionn na cathrach.
15
Glaonn sí orthu siúd atá ag gabháil thar braid agus iad i mbun cúraimí an lae:
16
«An fear baoth casadh sé i leataobh anseo!» agus deir sí leis an amadán:
17
«Is milis é an t-uisce a goideadh; is milis é an t-arán a itear faoi choim.»
18
Níl a fhios aige siúd go bhfuil na taisí cruinnithe anseo, go bhfuil a haíonna i ndoimhneas Seól.
← Chapter 8
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 10 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31