bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
/
Proverbs 2
Proverbs 2
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
← Chapter 1
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 3 →
1
A mhic, má ghlacann tú le mo bhriathra, má thaisceann tú m' aitheanta i do chroí,
2
Sa chaoi go dtugann tú cluas don eagna, agus go gclaonann tú do chroí chun na tuisceana,
3
Sea, má ghlaonn tú chugat an grinneolas, má scairteann tú ar an tuiscint,
4
Má lorgaíonn tú í mar a lorgófá airgead, má chuardaíonn tú í mar a chuardofá stór folaithe,
5
Tuigfidh tú ansin cad is eagla an Tiarna ann, agus cuirfidh tú aithne ar Dhia.
6
Óir is é an Tiarna féin a thugann an eagna, agus is as a bhéal a thagann an grinneolas agus an tuiscint.
7
Bíonn a eagna stuama in áirithe aige do na fíréin; is sciath é don mhuintir a chaitheann a saol go macánta.
8
Cosnaíonn sé cosáin na córa; cumhdaíonn sé bealach na ndaoine a bhíonn dílis dó.
9
Tuigfidh tú ansin an fhíréantacht agus an chóir, an ceart agus bealach na fíréantachta.
10
Nuair a thiocfaidh an eagna i do chroí isteach, agus gur geal le d' anam an t-eolas,
11
Beidh an chríonnacht mar gharda ort agus an tuiscint i do chúram,
12
Le thú a chosaint ar shlí na hurchóide, agus ar lucht na claonteanga,
13
Ar an muintir a thréigeann cosáin na fíréantachta d' fhonn siúl ar bhealaí an dorchadais;
14
Orthú siúd ar geal leo an t-olc a dhéanamh, ar gean leo an chamastaíl,
15
Ar casta iad a gcosáin agus nach siúlann ach ar bhealaí cama.
16
Saorfar thú ó ghreim na mná deoranta, ón strainséir mná lena briathra bladair;
17
Threig sise céile a hóige agus rinne dearmad ar chonradh Dé.
18
Tá a teach ag fiaradh chun báis, agus a cosáin ag seoladh chun na dtaisí.
19
Ní fhilleann aon duine a théann ina treo, ní leagann siad cos arís ar chosáin na beatha.
20
Leanfaidh tú, más ea, cosán lucht na córa, agus cloífidh tú le bealaí na bhfíréan.
21
Óir beidh an mhuintir ionraic i seilbh na tíre, agus beidh sé mar bhaile ag an muintir neamhurchóideach.
22
Scriosfar na peacaigh de dhroim na talún, agus scuabfar lucht an fhill ar shiúl aisti.
← Chapter 1
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 3 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31