bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
/
Proverbs 30
Proverbs 30
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
← Chapter 29
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 31 →
1
Briathra Ágúr
2
Táimse, ní foláir, ródhúr le bheith daonna níl tuiscint duine agam.
3
Níor foghlaim mé eagna, ná ní bhfuair mé aithne ar an Aon Naofa.
4
Cé a chuaigh suas ar neamh agus a thuirling arís? Cé a cheap na gaoithe ina mháma? Cé a ghabh na huiscí ina bhrat? Cé a chuir bonn faoi chríocha na cruinne? Céard is ainm dó féin agus céard is ainm dá mhac? Ar ndóigh is eol duit!
5
Gach briathar a labhraíonn Dia, seasann sé trial na fírinne; is sciath é do gach duine a théann ar a choimirce.
6
Ná cuir lena bhriathra, ar eagla go lochtódh sé thú agus go dtaispeánfadh sé gur bréagadóir thú.
7
Dhá ní a iarraim ort, ná ceil orm iad sula bhfaighe mé bás:
8
Coinnigh i bhfad uaim an t-éitheach agus an bhréag; ná tabhair dom saibhreas ná daibhreas, ach cothaigh mé leis an mbia is cuí dom,
9
Ar eagla go mbeinn sách agus go séanfainn thú, agus go ndéarfainn: «An Tiarna? cé hé féin?» Nó go mbeinn bocht agus go ndéanfainn goid, agus go maslóinn ainm mo Dhé.
10
Ná déan daor a ghearán lena mháistir, le heagla go gcuirfeadh sé mallacht ort agus go mbeadh thiar ort dá bharr.
11
Tá pór ann a chuireann mallacht ar a n-athair, agus nach gcuireann beannacht ar a máthair.
12
Agus pór atá glan, dar leo féin, ach nár níodh fós as a mbrocamas.
13
Tá pór na súl uaibhreach ann, le mór níos fiú i ngach tógáil súile.
14
Tá pór ann le claímhte mar fhiacla, agus sceana mar ghialla acu, Leis na boicht a alpadh agus a scrios de chlár na cruinne; agus lucht na gannchúise a shlogadh agus a scuabadh ó chomhluadar daoine.
15
Tá beirt iníon ag an lia, «Tabhair, tabhair,» a ghlaonn siad. Tá trí nithe nach féidir a shasamh, agus ceithre cinn nach ndeir riamh: «Is leor sin»:
16
Seól, an bhroinn aimrid, an talamh nach féidir a sháitheadh le huisce, agus an tine nach ndeir riamh: «Is leor sin.»
17
An tsúil a fhéachann le fonóid ar a athair, agus le drochmheas ar [mháthair a bhíonn ag dul in aois], piocfaidh fiacha an mhachaire amach í, agus alpfaidh na badhbha í.
18
Tá trí nithe a théann díom a thuiscint, agus ceithre cinn nach mbainim ciall astu:
19
Bealach iolair sa spéir, bealach nathrach ar an gcarraig, bealach loinge i lár na mara, agus bealach fir le maighdean.
20
Seo é bealach an adhaltraigh mná: itheann sí bia agus glanann a béal agus deir: «Ní dhearna mé aon ní as an tslí.»
21
Baineann trí nithe crith as an talamh, agus tá ceithre cinn nach féidir leis cur suas leo:
22
Daor nuair is rí, daoi nuair is sáitheach,
23
Bean thréigthe, nuair a phósann, agus daoirseach nuair a thógann [sí áit] a máistreása.
24
Tá ceithre nithe ar an talamh atá bídeach, ach is acu atá togha na gaoise:
25
Na seangáin, treibh gan neart iad, ach sa samhradh déanann siad deimhin dá soláthar:
26
Na coiníní carraige, treibh gan chosaint iad, ach cuireann siad fúthu sna carraigeacha.
27
Na lócaistí, níl rí orthu, ach máirseálann siad go léir faoi dhea-eagar.
28
An t-earc luachra, d' fhéadfá greim a fháil air i do láimh, ach gnáthaíonn sé páláis ríthe.
29
Tá trí nithe ann le céim mhaorga, agus ceithre cinn go deimhin le hiompar stáidiúil:
30
An leon, an gaiscíoch ar na hainmhithe, nach dtugann cúl le haon ní;
31
An coileach ag starrfach i measc na gcearc, an pocán, taoiseach an tréada, agus an rí [ag aitheasc] a phobail.
32
Má bhí sé de bhaois ionat dul le mire, agus go bhfuil aiféala anois ort, buail bos ar do bhéal;
33
Óir déantar cuigeann le maistriú, tagann fuil as an tsrón nuair a bhrúitear í, agus tagann aighneas as an bhfearg nuair a adhntar í.
← Chapter 29
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 31 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31