bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
/
Proverbs 8
Proverbs 8
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
← Chapter 7
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 9 →
1
Nach nglaonn an eagna? Nach n-ardaíconn an tuiscint a glór?
2
Seasann sí ar na hardáin, le hais an bhóthair; ar na cosáin atá a stáitse,
3
Ag na geataí os comhair na cathrach; glaonn sí go hard ar an mbealach chun na ngeataí:
4
«Oraibhse atá mé ag glaoch, a fheara; ar chlann na ndaoine atá mé ag lámh.
5
A lucht an aineolais, foghlaimigí an chríonnacht; agus sibhse, a amadána, [bíodh ciall agaibh].
6
Éistigí, mar tá nithe uaisle le rá agam; agus as mo bheola tiocfaidh an ceart.
7
Fógróidh mo bhéal an fhírinne; agus is fuath le mo bheola an urchóid.
8
Is ceart iad briathra uile mo bhéil, níl cor ná cam iontu.
9
Is díreach iad don té a thuigeann, agus is ceart iad don té a aimsíonn an t-eolas.
10
Glac le smacht uaimse in áit an airgid, agus le heolas in áit togha an óir.
11
Mar is luachmhaire an eagna ná pearlaí, agus níl aon ní arbh fhiú a shantú seachas í.
12
Mise, an Eagna, tá cónaí orm sa chríonnacht; aimsím eolas agus éirím;
13
Is liomsa dea-chomhairle agus ceartbhreithiúnas; is liomsa géire intleachta agus cumas.
14
(Is cuma fuath don olc nó eagla an Tiarna;) is fuath liom uabhar, díomas, cosán an oilc agus an béal bréagach.
15
Is tríomsa a rialaíonn ríthe, agus a reachtaíonn rialtóirí dlíthe córa.
16
Is tríomsa a riarann flatha agus a rialaíonn uaisle an domhan.
17
Tugaim grá don mhuintir a thugann grá dom, agus an mhuintir a lorgaíonn mé, faigheann siad mé.
18
Tá maoin agus onóir agamsa, saibhreas buan agus conách.
19
Is fearr mo thoradh ná ór dá fhíre, agus mo fhómhar ná togha an airgid.
20
Siúlaim i mbealach na fíréantachta, i mbealaí na córa,
21
Ag dáileadh maoine ar an muintir a ghránn mé, agus ag líonadh a dtaiscí.
22
Chruthaigh an Tiarna mé i dtús a shaothair, roimh gach ní eile dá ndearna sé anallód.
23
I bhfad ó shin is ea a rinneadh mé, i dtosach báire sular cruthaíodh an domhan féin.
24
Ní raibh na duibheagáin fós ann, ná na toibreacha ag brúchtaíl le huisce nuair a rugadh mé.
25
Sular cuireadh na sléibhte ina n-áit, sula raibh na cnoic fós ann, saolaíodh mise;
26
Sula ndearna sé talamh nó tír, nó fóid thosaigh an domhain.
27
Bhí mise ann nuair a bhí sé ag daingniú na bhflaitheas thuas, agus ag rianú bun na spéire ar dhromchla an duibheagáin,
28
Agus ag socrú na scamall lastuas, agus ag daingniú foinsí an duibheagáin,
29
Agus ag ceapadh teorann don fharraige, chun nach mbrisfeadh na huiscí a reacht, agus ag leagan síos dúshraith na cruinne.
30
Bhí mé lena thaobh mar cheardaí oilte ag cur áthais air ó lá go lá, agus ag súgradh ina láthair gan stad,
31
Agus ag déanamh spraoi ar fud an domhain mhóir, agus ag baint aoibhnis as caidreamh daoine.
32
«Anois, a chlann mhac, eistigí liomsa; is méanar don mhuintir a leanann de mo bhealaí.
33
Éistigí le teagasc agus bígí eagnaí; ná déanaigí faillí air:
34
Is méanar don fhear a éisteann liomsa, ag faire gach lá ag mo gheataí, ag feitheamh ag mo dhoirse.
35
Óir an té a gheobhaidh mise, gheobhaidh sé an bheatha, agus gnóthóidh sé gnaoi an Tiarna.
36
Ach an té dhéanann díobháil domsa, leonann sé a anam féin; agus an mhuintir a thugann fuath domsa, tugann siad grá don bhás.»
← Chapter 7
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 9 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31