bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
/
Proverbs 12
Proverbs 12
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
← Chapter 11
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 13 →
1
An té a mbíonn cion aige ar an smacht, bíonn cion aige ar an eolas; an té ar fuath leis ceartú, is duine dúr é.
2
Bíonn gnaoi an Tiarna ar an duine cóir, ach daorann sé fear na ndrochbheart.
3
Ní dhaingníonn an urchóid aon duine, ach ní bhogfar fréamh an fhíréin go brách.
4
Coróin a fir bean mhaith, ach is fochall ina chnámha bean gan náire.
5
Is ionraic iad smaointe an fhíréin; ach is fealltach iad comhairlí na n-urchóideach.
6
Is gaistí le fuil a dhoirteadh iad briathra an urchóidigh; ach fuasclaíonn béal an fhíréin daoine ó bhaol.
7
Leagtar ar lár na hurchóidigh, agus sin deireadh leo; ach seasóidh teach an fhíréin go daingean.
8
Moltar duine ar fheabhas a chéille; ach bíonn dímheas ar fhear an droch-chroí.
9
Is fearr fear gan ghradam [a dhéanann a ghnó féin], ná fear le héirí in airde a bhíonn gan arán.
10
Tugann an fíréan aire dá chuid stoic, ach is cruálach í trocaire an urchóidigh.
11
Beidh flúirse aráin ag an té a shaothraíonn a chuid talún; níl aon chiall ag an té a leanann beartais bhaotha.
12
Scriostar túr daingean na n-urchóideach, ach maireann fréamha na bhfíréan go daingean.
13
Trí choireanna a bhéil féin a ghabhtar an t-urchóideach sa ghaiste; ach tagann an fíréan slán ón tubaiste.
14
Nuair a shásaítear fear le nithe fónta, sé toradh a bhriathar féin é; filleann toradh shaothar a lámh ar an duine féin.
15
I súile an amadáin is ceart é a chosán; éisteann an t-eagnaí le dea-chomhairle.
16
Ní dhéanann an t-amadán aon mhoill ach a fhearg a thaispeáint; ach ní thógann an duine ciallmhar ceann d' achasán.
17
An té a labhraíonn an fhírinne, tugann sé fianaise chóir; níl san fhinné bréagach ach calaois.
18
Tá duine ann ar geall le sá claímh a mhearbhriathra; ach bíonn cneasú á iompar ag teanga an eagnaí.
19
Maireann beola fírinneacha go brách; ach is gairid é saol na teanga bréagaí.
20
Tá feall i gcroí lucht beartaithe oilc; ach tá lúcháir ag lucht síocháin a chur i gcrích.
21
Níl aon olc i ndán don fhíréan, ach bíonn trioblóidí sa mhullach ar na hurchóidigh.
22
Is fuath leis an Tiarna beola an éithigh; ach is gean leis lucht labhartha na fírinne.
23
Coimeádann an duine tuisceanach a chuid eolais i bhfolach; ach fógraíonn croí na n-amadán a mbaois.
24
Údarás is dual don láimh bhríomhar; ach saothar éigeantach is dual don leisciúil.
25
Cuireann an imní ualach ar chroí an duine; ach cuireann an dea-fhocal áthas air.
26
Tugann an fíréan cúl leis an urchóid; ach treoraíonn cosán na n-urchóideach iadsan amú.
27
Ní bheidh aon ní don phota ag an bhfear díomhaoin; ach beidh saibhreas luachmhar ag an bhfear dícheallach.
28
Lonnaíonn an bheatha ar chosán na córa; ach treoraíonn slí na hearráide chun an bháis.
← Chapter 11
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 13 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31