bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
/
Proverbs 28
Proverbs 28
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
← Chapter 27
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 29 →
1
Teitheann an t-urchóideach agus gan aon duine sa tóir air; tá an fíréan chomh cróga le leon.
2
Bíonn rialtóirí ina scuainí ag tír de bharr a pheacaí; ach is fada buan a mhairfidh sé má bhíonn rialtoirí tuisceanacha eagnaí aige.
3
An bochtán a luíonn ar na bochtáin, is geall le batharnach báistí é nach bhfágann ruainne le n-ithe.
4
Lucht tréigthe an dlí, molann siad na hurchóidigh; ach an mhuintir a chomhlíonann é, cuireann siad ina n-aghaidh.
5
Ní thuigeann na hurchóidigh cad is cóir ann, ach tuigeann lucht eagla an Tiarna gach ní.
6
Is fearr fear bocht a shiúlann san fhíréantacht, ná fear saibhir na mbealaí claon.
7
Mac gaoismhear a choimeádann an dlí, ach tugann comrádaí na ndrabhlásach náire dá athair.
8
An té chuireann lena mhaoin le caimiléireacht agus le húsaireacht, is do dhuine eile a scaipfidh ar na boicht a dhéanann sé cnuasach.
9
An té a iompaíonn a chluas ó éisteacht leis an dlí, is gráiniúlacht fiú a urnaí.
10
An té a chuirfidh an fíréan ar seachrán ar bhealach an oilc titfidh sé isteach ina chuithe féin. Siad an mhuintir neamhchiontach oidhrí an tsonais.
11
Is críonna é an saibhir, dar leis féin, ach béarfaidh an bocht air má bhíonn tuiscint ann.
12
Nuair a bhíonn an lá leis na fíréin, is mór í an lúcháir; nuair a fhaigheann na hurchóidigh ceannas, téann daoine i bhfolach.
13
Ní rithfidh leis an té a cheileann a chionta; ach an té a admhaíonn iad agus a thréigeann iad, déanfar trócaire air.
14
Is méanar don té ar a bhfuil eagla [an Tiarna] i gcónaí, ach an té a chruann a chroí, titfidh an tubaiste sa mhullach air.
15
Is cuma nó leon cuthaigh, nó beithir ocrach, drochrialtóir ar phobal bocht.
16
An rialtóir gan stuaim, is fear leatroim é; an té ar fuath leis an tsaint, gnóthóidh sé fad saoil.
17
An té ar a bhfuil fuil duine eile, beidh sé ina theifeach go bás; ná tabhair cabhair dó.
18
Déanfar an té a shiúlann san fhíréantacht a fhuascailt; ach an té a bhíonn go guagach idir dhá bhealach, titfidh sé ar cheann acu.
19
Beidh flúirse aráin ag an té a shaothraíonn a chuid talún, ach raidhse bochtaine ag an té a leanann beartais bhaotha.
20
Beidh beannachtaí go líonmhar ar an bhfear ionraic, ach an té a bheidh ag iarraidh éirí saibhir go tapa, ní rachaidh sé gan phionós.
21
Ní maith é leathchuma a dhéanamh ar aon duine; ach déanfaidh daoine éagóir ar son ghreim aráin.
22
An fear santach súil, téann sé sa tóir ar an saibhreas; ach ní eol dó cén ghannchúis a bhuailfidh é.
23
An té a cheartaíonn duine eile gheobhaidh sé níos mó fabhair ar deireadh ná fear an bhladair.
24
An té a chreachann a athair nó a mháthair agus a deir: «Ní aon éagóir é sin!» is comrádaí do bhithiúnach é.
25
Spreagann an santach achrainn; an té a bhfuil a mhuinín aige as an Tiarna, beidh an rath air.
26
An té a bhfuil a mhuinín aige as a smaointe féin, is amadán é; ach déanfar an té a shiúlann ar chosán na heagna a fhuascailt.
27
An té a thugann déirc don bhocht, ní bheidh easpa air choíche; ach an té a dhúnann a shúile ina choinne, luífidh mallacht ar mhallacht air.
28
Nuair a fhaigheann na hurchóidigh ceannas, téann daoine i bhfolach, ach nuair a théann siad ar ceal, téann breis ar na fíréin.
← Chapter 27
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 29 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31