bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
/
Proverbs 15
Proverbs 15
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
← Chapter 14
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 16 →
1
Cuireann freagra séimh an fhearg ar gcúl, ach músclaíonn briathra borba cuthach.
2
Riarann teanga na n-eagnaí eolas, ach bíonn baois ar sileadh le béal na n-amadán.
3
Tá súile an Tiarna i ngach treo, agus faire acu ar olc agus maith.
4
Crann beatha í teanga shéimh, ach briseann an urchóid inti an croí.
5
Bíonn drochmheas ag an amadán ar theagasc a athar, ach is gaoismhear é an té a ghlacann le ceartú.
6
Tá mórán maoine i dteach an fhíréin, ach leanann buairt cnuasach an choirpigh.
7
Scaipeann beola na saoithe eolas; ní mar sin le croí na n-amadán.
8
Is gráin leis an Tiarna íobairt an urchóidigh; is gean leis urnaí an fhíréin.
9
Is gráin leis an Tiarna bealach an urchóidigh, ach is gean leis an té a mbíonn tóir aige ar an bhfíréantacht.
10
Tá smachtú dian i ndán don té a thréigeann an cosán; an té ar fuath leis an ceartú, ní mhairfidh sé beo.
11
Tá Seól agus Abadón ar leathadh roimh an Tiarna, nach mó ná sin atá croíthe na ndaoine!
12
Ní maith leis an scigire é a cheartú, agus ní bhíonn caidreamh aige ar lucht na heagna.
13
Gabhann gealgháire le háthas croí, ach briseann cumha chroí an misneach.
14
Eolas is sprioc ag aigne an duine thuisceanaigh, ach baois an bia a bhíonn i mbéal na n-amadán.
15
Is drochlá gach lá ag fear na buairte, ach is fleá gach lá ag an gcroí suairc.
16
Is fearr an builín beag agus eagla an Tiarna ná an builín mór agus buairt dá réir.
17
Is fearr de bhéile luibheanna agus grá leo ná mart méith agus gráin leis.
18
Adhnann an duine lasánta achrann, ach réitíonn an duine sochma aighneas.
19
Tá driseacha go tiubh ar chosán na leisceoirí, ach is ród réidh cosán [na ndícheallach].
20
Cuireann mac ciallmhar áthas ar a athair, ach bíonn drochmheas ag amadán ar a mháthair.
21
Is breá leis an bhfear gan chiall an bhaois, ach siúlann an fear tuisceanach ar an gcosán díreach.
22
Gan dea-chomhairle téann na pleananna amú, ach ritheann leo le cabhair mórán comhairleoirí.
23
Gabhann áthas le freagra pras, agus nach maith é an focal i dtráth!
24
Seolann cosán an eagnaí in airde chun na beatha, agus seachnaíonn sé Seól laistíos.
25
Leagann an Tiarna teach na n-uaibhreach ar lár, ach cosnaíonn sé teorainneacha na baintrí.
26
Is gráin leis an Tiarna smaointe an choirpigh, ach is [gean leis] caint na neamhchiontach.
27
An té a shantaíonn breis éagórach, tugann sé buaireamh sa mhullach ar a theach; ach an té ar fuath leis breabanna, beidh fad saoil aige.
28
Déanann an fíréan machnamh ina chroí [ar bhearta fónta], ach sníonn mailís as béal lucht na hurchóide.
29
Is fada é an Tiarna ó na hurchóidigh, ach tugann sé cluas d' urnaí an fhíréin.
30
Cuireann súilfhéachaint chineálta áthas ar an gcroí, agus cuireann dea-scéala neart sna cnámha.
31
An té a thugann cluas ghéar do cheartú folláin, beidh fáilte roimhe i gcomhluadar na saoithe.
32
An té a dhiúltaíonn don smacht, níl meas aige air féin; an té a éisteann le ceartú faigheann sé breis tuisceana.
33
Is teagasc san eagna é eagla an Tiarna; gabhann an umhlaíocht roimh an onóir.
← Chapter 14
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 16 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31