bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
/
Proverbs 17
Proverbs 17
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
← Chapter 16
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 18 →
1
Is fearr crústa tur agus síocháin, ná teach fleá agus ceannairc.
2
Sé an daor cliste an máistir nuair is drabhlásach é an mac; beidh sé i bpáirt leis na deartháireacha chun na hoidhreachta.
3
Don airgead an breogán, don ór an sorn; ach le croíthe a phromhadh, tá an Tiarna ann.
4
Éisteann an t-urchóideach le béal mailíseach, agus tugann an bréagaire aird ar theanga an bhéadáin.
5
Masla don chruthaitheoir is ea fonóid faoin mbocht; an té a gháireann faoin ainnise, ní rachaidh sé gan phionós.
6
Sliocht a sleachta coróin na sean; a n-athair glóir na clainne.
7
Ní oireann béal soilbhir don bhaoth, ach is lú ná sin a oireann éitheach don phrionsa.
8
Buachloch breab dar le fear a bronnta; ritheann leis cibé slí a chasann sé.
9
An té a mhaitheann coir, spreagann sé grá; ach an té thagraíonn arís di, cuireann sé cairde in earraid.
10
Fágann ceartú rian níos déine ar an bhfear tuisceanach, ná mar a fhágann céad buille ar an amadán.
11
Níl a thaibhreamh don urchóideach ach ceannairc, cuirfear teachtaire dásachtach fána chomhair dá réir sin.
12
B' fhearr teacht ar bheithir a chaill a cuid coileán ná ar amadán i mbun a bhaoise.
13
An té a thugann olc mar chúiteamh ar mhaith, ní dhíbreoidh sé an t-olc óna theach.
14
Is cuma aighneas a thosú nó scaoileadh le tuile; buail cos air dá bhrí sin sula n-adhntar an t-achrann.
15
An ciontach a shaoradh nó an neamhchiontach a dhaoradh, is gráin leis an Tiarna iad araon.
16
Cén tairbhe airgead i láimh an amadáin le gaois a cheannach, agus é gan chiall?
17
Is cara cara i gcónaí, ach is d' uain na hainnise a shaolaítear deartháir.
18
An fear gan chiall tugann sé gill agus téann i mbannaí lena chomharsa.
19
An té ar maith leis aighneas, is maith leis [buillí]; fear na mbriathra uaille, bíonn sé ag suirí le drochíde.
20
Ní bhíonn sonas i ndán d' fhear an chroí chlaoin; titeann an tubaiste sa mhullach ar fhear na teanga fealltaí.
21
Cúis bhróin dá athair an baothán mic; níl lúcháir i ndán d' athair amadáin.
22
Oideas fónta an croí meidhreach; seirgeann na cnámha le heaspa misnigh.
23
Glacann an t-urchóidí breab faoi scáth brait, leis an gcóir a chur dá treoir.
24
Cuireann an fear tuisceanach an eagna roimhe, ach sroicheann raon súl an amadáin go himill na cruinne.
25
Ábhar dóláis dá athair mac baoth, agus cúis bhróin é dá mháthair a thug ar an saol é.
26
Níl sé cóir pionós a chur ar an bhfíréan, ach is measa fós an t-uasal a bhualadh.
27
Tá eolas ag an té ar féidir leis smacht a chur ar a theanga; coimeádann an fear tuisceanach smacht air féin.
28
Bíonn cáil na heagna fiú ar an amadán má choimeádann sé a bhéal dúnta; nuair nach mbíonn focal as, meastar go bhfuil sé cliste.
← Chapter 16
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 18 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31