bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
/
Proverbs 27
Proverbs 27
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
← Chapter 26
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 28 →
1
Ná bí ag maíomh i dtaobh an lae amárach, mar ní eol duit cad a thiocfaidh mar chuid leis an lá.
2
Moladh an fear thall thú, agus ná déanadh do bhéal féin é; déanadh an strainseir é, ach ná déanadh do bheola féin.
3
Is trom í an chloch agus tá meáchan sa ghaineamh, ach is troime ná iad araon ciapadh ó amadán.
4
Is dian é an cuthach agus is tréan í an fhearg, ach cé sheasódh an fód in aghaidh an fhormaid?
5
Is fearr ceartú os ard ná grá faoi cheilt.
6
Créachta gan ghoimh a thugann cara; is iomadúil iad póga eascarad.
7
Is beag ar an sáitheach mil, ach is milis leis an ocrach gach searbh.
8
Is cuma nó éan ar fán óna nead fear atá ar fán óna bhaile.
9
Baineann ola na comhairle an ceo den chroí, ach cuireann milse an mhuintearais sólás ar an anam.
10
Ná tréig do chara, ná cara d' athar; ná rith go teach do dhearthár lá na tubaiste. Is fearr comharsa i mbéal an dorais ná deartháir i bhfad ó bhaile.
11
«Bíodh ciall agat, a mhic, agus cuir lúcháir ar mo chroí, le go mbeadh freagra agam ar fhear mo mhaslaithe.
12
Feiceann fear na céille an baol chuige agus téann i bhfolach uaidh; téann na baotháin ar aghaidh agus díolann siad as.
13
Tóg brat duine nuair a théann sé i mbannaí le strainséir, bíodh sé féin mar gheall agat nuair a théann sé in urrús le coimhthígh.
14
An té a chuirfidh a bheannacht os ard ar a chomharsa i mochóirí na maidine, áireofar é a bheith ag mallachtú.
15
Is cuma nó sconna ar sileadh gan staonadh lá baistí, báirseoir mná;
16
Is geall le bheith ag smachtú na gaoithe, nó ag fáil greim deasóige ar an ola, bheith ag iarraidh í a chosc.
17
Iarann a chuireann faobhar ar iarann; agus cuireann fear faobhar ar fhear eile.
18
An té a shaothraíonn an crann fígí, íosfaidh sé a thoradh; an té a thugann aire dá mháistir, tabharfar onóir dó.
19
[Faoi mar nach ionann ceannaithe aon bheirte], ní ionann croíthe na ndaoine.
20
Ní bhíonn Seól ná Abadón riamh sásta ná ní bhíonn súile an duine sásta riamh ach chomh maith.
21
Don airgead an breogán, agus don ór an sorn, agus fear le briathra lucht bladair a mheas.
22
Brúigh an t-amadán sa mhoirtéar le tuairgnín, (fara grán meilte) ach ní scarfaidh a bhaois leis.
23
Bíodh staid do thréada ar eolas agat go maith, agus tabhair aire mhaith do do tháinte.
24
Ní buan maoin, agus an maireann saibhreas ó aois go haois?
25
Nuair a imeoidh an féar, go dtiocfaidh an t-athfhás, agus go mbailítear an foráiste ón sliabh,
26
Ní foláir go soláthróidh na huain brat duit, agus na gabhair cíos do ghort,
27
Agus bainne na ngabhar do sháith bia do do theaghlach, agus beatha do do bhanseirbhísigh.
← Chapter 26
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 28 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31