bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
/
Proverbs 31
Proverbs 31
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
← Chapter 30
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
1
Briathra Lamúéil rí Mhasá, a mhúin a mháthair dó.
2
Céard é seo, a mhic? Céard é seo, a mhic mo bhroinne? Céard é seo, a mhic mo mhóideanna?
3
Ná caith do neart go léir le mná, ná do [leasracha] leis an lucht millte ríthe seo.
4
Ní dual do ríthe, a Lamúéil, ní dual do ríthe fíon a ól, ná do fhlatha bheith tugtha do dheoch chrua.
5
Le heagla go ndéanfaidís dearmad le barr óil, ar gach a reachtaíodh, agus satailt ar chearta na n-ainniseoirí.
6
Tabhair deoch chrua don té atá ag saothrú an bháis, agus fíon don chroí atá lán de dhomlas;
7
Ólaidís agus déanaidís dearmad ar a dtubaiste, agus ná cuimhnídís ar a n-ainnise a thuilleadh.
8
Oscail féin do bhéal ar son an bhalbháin, agus ar son chearta cách atá treigthe.
9
Labhair féin! tabhair breith chóir! cosain cearta na mbocht, agus na ndealbh.
10
(Dán Aibítreach san Eabhrais)
11
Is inti a chuireann a fear a mhuinín go léir, agus ní bheidh aon cheal brabaigh air dá barr.
12
Ní dochar ach sochar a dhéanfaidh sí dó ar feadh a saoil.
13
Lorgann sí olann agus líon, agus oibríonn sí go dícheallach lena lámha.
14
Is geall le hárthach ceannaí í agus í ag tabhairt a cuid bia ón imigéin.
15
Déanann sí mochóirí roimh lá agus tugann bia dá teaghlach, agus riarann a gcúraimí ar a cuid ionailtí.
16
Déanann sí gort a iniúchadh agus é a cheannach; cuireann sí fíonghort lena mbíonn saothraithe aici lena lámha.
17
Cuireann sí a neart mar chrios faoina coim, agus taispeánann fuinneamh a géag.
18
Feiceann sí gur maith is fiú é a saothar agus ní mhúchtar a lampa san oíche.
19
Coinníonn sí an coigeal ina láimh agus beireann a méireanna ar an bhfearsad.
20
Caitheann sí go fial leis an duine dearóil, agus tugann sí déirc don duine bocht.
21
Ní eagla léi sneachta a theacht ar a teaghlach, mar go bhfuil éadach [cluthair] ar a seirbhísigh go léir.
22
Déanann sí a cuilteanna féin, agus bíonn línéadach mín agus éidí corcra uimpi.
23
Bíonn a fear céile faoi dhea-mheas ag geataí na cathrach, nuair a shuíonn sé i gcomhluadar sheanóirí na tíre.
24
Déanann sí braillíní a fhí agus a dhíol, agus tugann sí criosanna don cheannaí.
25
Bíonn neart agus dínit mar bhrat uimpi, agus ní cás di gáire faoin lá amárach.
26
Nuair a osclaíonn sí a béal, déanann sí é le stuaim; agus tá teagasc caoin ar a beola.
27
Coimeádann sí súil ghéar ar a teaghlach, ní chaitheann sí bia an díomhaointis.
28
Éiríonn a clann ina seasamh, agus fógraíonn siad gur méanar di; canann a fear céile moladh di:
29
«Rinne mórán ban éachtaí atá le moladh ach sáraíonn tusa iad go léir.»
30
Is mealltach í an scéimh, agus is neamhbhuan í an áilleacht; is don bhean ar a bhfuil eagla an Tiarna is dual moladh.
31
Tugaigí di toradh a saothair, agus moladh a gníomhartha í ag geataí na cathrach.
← Chapter 30
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31