bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
/
Proverbs 29
Proverbs 29
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
← Chapter 28
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 30 →
1
An té a cheartaítear go minic, ach a chruann a mhuineál, bascfar é go tobann gan fáil ar théarnamh.
2
Nuair a bhíonn na fíréin i gceannas, bíonn lúcháir ar an bpobal; nuair a bhíonn na hurchóidigh i gcumhacht, bíonn an pobal ag osnaíl.
3
An té a thugann grá don eagna, cuireann sé áthas ar a athair; ach an té a thaithíonn striapacha, scaipeann sé a chuid.
4
Daingníonn rí a thír lena cheartas, ach milleann an feallaire é.
5
An té a thugann bladar dá chomharsa, leathann sé líon faoina chosa.
6
Tá gaiste [faoi chosa] an urchóidigh, ach ritheann an fíréan ar aghaidh go lúcháireach.
7
Déanann an fíréan cúram de chearta na mbocht. ní chuireann a leithéid d' eolas as don urchóideach.
8
Déanann scigirí cíor thuathail de chathracha, ach cuireann saoithe srian le fearg.
9
Téadh saoi chun argóna le daoi, ach cibé acu i bhfearg nó i ngáire é, ní éireoidh leis.
10
Is fuath le lucht fola an fear gan cháim, ach [is mór le] daoine ionraice a bheo.
11
Scaoileann an t-amadán lena racht feirge, ach cuireann an saoi srian leis agus smacht air.
12
Má éisteann rialtóir le héitheach, beidh a fheidhmeannaigh uile ina ropairí.
13
Castar an bochtán agus an t-úsaire ar a chéile; cuireann an Tiarna léas ina súile araon.
14
Má thugann rí breith ar na boicht le cothromas, bunófar a ríchathaoir go brách.
15
Bronnann an bata agus an ceartú gaois, ach an leanbh a fhágtar faoi féin, cuireann sé náire ar a mháthair.
16
Nuair a bhíonn na hurchóidigh [i gcumhacht], leathnaíonn an peaca; ach feicfidh na fíréin ar lár iad.
17
Smachtaigh do mhac, agus tabharfaidh sé suaimhneas aigne duit; cuirfidh sé áthas ar do chroí.
18
San áit nach mbíonn fís, caitheann an pobal díobh gach srian; ach is beannaithe an té a choimeádann an dlí.
19
Ní le briathra amháin a cheartaítear an daor; fiú má thuigeann sé iad, ní thabharfaidh sé aird orthu.
20
An bhfeiceann tú duine éigin béalscaoilteach? tá níos mó dóchais ann d' amadán ná dósan.
21
An té a bhíonn ag tláithínteacht le daor óna oige, eisean a bheidh [mar oidhre] air faoi dheireadh.
22
Adhnann an fear drochmhianaigh achrann, agus is cúis mhór peaca fear na feirge.
23
Déanfaidh a dhíomas féin fear a threascairt, ach bainfidh an t-uiríseal ó chroí onóir amach.
24
Tá fuath ag comrádaí an ghadaí dá bheo féin; cluineann sé an mhallacht ach ní sceitheann.
25
Is gaiste é eagla roimh dhaoine, ach ní baol don té a chuireann a mhuinín sa Tiarna.
26
Is iomaí duine a bhíonn ag lútáil le rialtóir, ach is ón Tiarna a fhaigheann gach duine a cheart.
27
Is fuath leis an bhfíréan an coirpeach; agus is fuath leis an urchóideach an té is díreach slí.
← Chapter 28
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 30 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31