bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
/
Proverbs 18
Proverbs 18
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
← Chapter 17
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 19 →
1
An té a mhaireann leis féin, déanann sé mar is rogha leis agus cuireann [comhairle d' aon sórt] fearg air.
2
Ní hé an machnamh is geal leis an amadán, ach bheith ag tabhairt a thuairime os ard.
3
Nuair a thagann an urchóid leanann drochmheas chomh maith; agus leanann an easonóir an masla.
4
Uiscí doimhne iad briathra an duine, tuile bhrúchtach, foinse eagna.
5
Ní maith é lé a bheith leis an urchóideach, ná an fíréan a fhágáil ar díth córa.
6
Tarraingíonn caint an amadáin aighneas air féin, agus tugann a bhéal cuireadh chun é a léasadh.
7
Scriosann béal an amadáin é féin, agus is gaiste dó a bheola.
8
Is geall le sóláis mhilse briathra an chúlchainteora, agus sleamhnaíonn siad síos isteach sa ghoile.
9
An té a bhíonn díomhaoin i mbun a ghnóthaí, is deartháir é don scriosadóir.
10
Túr daingean ainm an Tiarna, ritheann an fíréan faoina dhéin agus ní baol dó.
11
A mhaoin is cathair thréan don saibhir; is balla ard í, dar leis.
12
Bíonn uaill i gcroí an duine roimh é a scrios, ach umhlaíocht a ghabhann roimh onóir.
13
Baois agus náire is ea freagra a thabhairt gan éisteacht ar dtús.
14
Is féidir le meanma an duine breoiteacht a iompar, ach cé a d' fhéadfadh cur suas le heaspa misnigh?
15
Faigheann an aigne éirímiúil greim ar an eolas, agus bíonn cluas an eagnaí ar thóir an eolais.
16
Tuilleann bronntanas slí isteach do dhuine, agus tugann sé i láthair na bhflatha é.
17
Samhlaítear go mbíonn an ceart ag an té is túisce a chuireann a chás in iúl, nó go dtagann an dara duine agus go ndéanann scrúdú air.
18
Cuireann an crann críoch le haighnis, agus déanann réiteach idir aighneasóirí cumhachtacha.
19
Is geall le cathair láidir deartháir a fhaigheann cúnamh dearthár; is cuma [cairde] nó barraí caisleáin.
20
Nuair a bhíonn goile duine lán is trí shaothar a bhéil féin toradh a bhéil féin is sáith aige.
21
Tá bás agus beatha faoi smacht na teanga; an mhuintir ar geal leo í, ní foláir dóibh a toradh a chaitheamh.
22
An té a aimsíonn bean chéile, aimsíonn sé sonas, agus bíonn fabhar aige ón Tiarna.
23
Achainíocha a bhíonn ar bhéal an bhochtáin, ach boirbeacht a thagann mar fhreagra ón saibhir.
24
[Tá cairde ann] a sheolann daoine chun na tubaiste, ach tá a thuilleadh ann ar gaire iad ná deartháir.
← Chapter 17
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 19 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31