bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
/
Proverbs 25
Proverbs 25
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
← Chapter 24
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 26 →
1
Seanfhocail le Solamh iad seo inár ndiaidh freisin agus is é Hiziciá, rí Iúdá, a bhreac cóip díobh.
2
Rún a cheilt glóir Dé, ach é a ransú go grinn glóir ríthe.
3
Fág gur ard iad na flaithis agus gur domhain é an talamh, níl dul ar chroí na ríthe a iniúchadh.
4
Scag an dríodar ón airgead agus tiocfaidh sé amach glan.
5
Díbir na hurchóidigh ó láthair an rí agus beidh a ríchathaoir bunaithe ar an bhfíréantacht.
6
Ná bíodh mustar ort i láthair an rí, agus ná seas in áit na bhflatha,
7
Óir is fearr go ndéarfaí: «Gabh anseo aníos,» ná go ndéanfaí thú a ísliú i láthair an phrionsa. An rud a chonaic do shúile,
8
ná sceith é go róthobann sa chúirt. Óir céard a dhéanfaidh tú ar deireadh má bhréagnaíonn do chomharsana thú?
9
Tagair do chúis le do chomharsa, ach ná sceith rún duine eile,
10
Le heagla go ndéanfaidh an té a chluinfeadh thú é a chasadh leat, agus go gcaillfeá do chlú go léir.
11
An focal i luí gaidhte, is cuma é nó úlla óir i leaba airgid.
12
Fáinne óir nó ornáid d' ór fíre, sin mar atá ceartú críonna i gcluais a éisteann.
13
Is cuma nó fionnuaire sneachta fómhair an teachtaire a bhíonn dílis do lucht a sheolta; cuireann sé misneach i gcroí a mháistir.
14
Scamaill is clocha, ach gan braon fearthainne, sin mar atá ag fear na ngealltanas mór gan comhlíonadh.
15
Is féidir breitheamh a bhogadh le foighne; briseann béal bán cnámh.
16
Má fhaigheann tú mil, ith do dhóthain di, ach ná déan craos nó déanfaidh tú í a aiseag.
17
Téigh go hannamh go teach do chomharsan, le heagla go n-éireoidh sé bréan díot agus go dtiocfadh fuath aige duit.
18
Is cuma nó cleith nó claíomh nó ga géar an té a thugann fianaise bhréige in aghaidh a chomharsan.
19
Is cuma nó fiacail lofa nó cos leonta fear gan dílseacht ar a mbeifí ag brath in am an ghátair;
20
bheadh sé chomh maith agat do bhrat a bhaint díot sa doineann. Is cuma nó fínéagra a chur i gcréacht amhráin a chasadh do chroí duairc.
21
Má tá ocras ar do namhaid, tabhair greim le n-ithe dó; nó tart, tabhair braon le n-ól dó.
22
Beidh sméaróidí tine á gcarnadh agat ar a cheann sa tslí sin, agus déanfaidh an Tiarna é a chúiteamh leat.
23
Tagann fearthainn ó bhroinn na gaoithe aduaidh, agus muc ar an malainn ó theanga an bhéadánaí.
24
Is fearr cur fút i gcúil sa lochta, ná bheith in aontíos le bean achrainn.
25
Is cuma nó uisce fuar i scornach thirim, dea-scéala ón gcoigríoch.
26
Is cuma nó tobar a suaitheadh nó foinse a truailleadh, an fíréan a chúbann roimh an urchóideach.
27
[Ní maith í póit mheala, ná géilleadh do bhladar.]
28
An fear gan smacht air féin, is cuma é nó cathair ar leathadh gan cóir chosanta.
← Chapter 24
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 26 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31