bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
/
Proverbs 11
Proverbs 11
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
← Chapter 10
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 12 →
1
Tá an ghráin ag an Tiarna ar an meá éagórach, ach is gean leis an meáchan cóir.
2
Tagann an t-uabhar ar dtús, ansin an náire; tá an eagna ar fáil i measc na n-uiríseal.
3
Déanann a n-ionracas na hionraice a stiúradh, ach scriosann a bhfeall na feallairí.
4
Ní aon chabhair an mhaoin lá na feirge, ach fuasclaíonn an fhíréantacht ón mbás.
5
Réitíonn a shuáilcí an cosán don neamhchiontach, ach baineann a urchóid féin an t-urchóideach dá bhonna.
6
Déanann a bhfíréantacht na hionraice a fhuascailt, ach cuireann a n-ainmhianta féin na feallairí i ngeimhle.
7
Ní chuireann an bás deireadh le dóchas an fhíréin, ach téann muinín lucht na haindiagachta amú.
8
Saortar an fíréan ón tubaiste, ach titeann sí ar an urchóideach ina ionad.
9
Scriosann an t-aindiaga a chomharsa lena theanga, ach saortar na fíréin le barr eolais.
10
Nuair a ritheann leis na fíréin, bíonn lúcháir ar an gcathair; nuair a scriostar na hurchóidigh, cuirtear na gártha áthais suas.
11
Tógtar cathair trí bheannachtaí na bhfíréan, ach scartáiltear í trí bhéal na n-urchóideach.
12
Amadán an té a dhéanann magadh faoina chomharsa; fanann an duine tuisceanach ina thost.
13
Sceitheann an duine béalscaoilteach nithe a bhíonn faoi cheilt ach coimeádann an duine iontaofa rúin.
14
Teipeann pobal cheal treorach; ní baol dóibh nuair is iomadúil iad na comhairleoirí.
15
An té a théann i mbannaí ar strainséir, beidh thiar air; an té ar fuath leis dul i mbannaí, tá sé ar láimh shábháilte.
16
Tuilleann bean ghrástúil onóir [dá fear]; [níl sa bhean gan meas ar an gcóir ach easonóir faoi réim].
17
Fónann an fial dó féin; ach goineann an duine cruálach é féin.
18
Saothraíonn an t-urchóideach beatha bhaoth; an té a shíolann an fhíréantacht beidh fómhar teann aige.
19
An té a bhíonn daingean san fhíréantacht, beidh fad saoil aige; níl ach an bás i ndán don té a bhíonn ar thóir na hurchóide.
20
Is fuath leis an Tiarna lucht droch-chroí; is geal leis an mhuintir nach cam cosán.
21
Déan deimhin de, ní rachaidh an t-urchóideach as gan phionós; ach déanfar lucht na fíréantachta a fhuascailt.
22
Is cuma nó fáinne óir i bpus muice, bean bhreá gan stuaim.
23
Sonas is críoch ar mhian na bhfíréan; téann dóchas na n-urchóideach amú.
24
Bíonn duine fial, ach méadaíonn ar a mhaoin; bíonn duine eile sprionlaithe, ach is i mbochtaine a théann sé.
25
Éireoidh an fial saibhir; an té thugann deoch, gheobhaidh sé deoch.
26
Cuireann daoine mallacht ar an té a choimeádann an t-arbhar i dtaisce; ach beannacht ar an té a dhíolann é.
27
An té a thóraíonn an mhaith, tóraíonn sé fabhar; ach an té a lorgann an urchóid, tagann an urchóid ina threo.
28
An té a bhfuil a mhuinín ina mhaoin, feofaidh sé; ach beidh an fíréan faoi bhláth mar an duilliúr glas.
29
An té a bhuaireann a theaghlach, beidh an ghaoth aige mar oidhreacht; beidh an baoth mar dhaor ag an eagnaí.
30
Bíonn crann na beatha mar thoradh ag an bhfíréan; ach sciobtar na hurchóidigh ar shiúl [roimh am].
31
Má fhaigheann an fíréan an luach saothair is dual dó ar talamh, nach mó ná sin a gheobhaidh an t-urchóideach agus an peacach!
← Chapter 10
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 12 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31