bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
/
Proverbs 16
Proverbs 16
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
← Chapter 15
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 17 →
1
Déanann croí an duine an beartú; ach sé an Tiarna a thugann an freagra.
2
Bíonn iompar an duine gan cháim dar leis féin, ach is é an Tiarna a thomhaiseann an intinn.
3
Fág do shaothar go léir faoin Tiarna, agus cuirfear do phleananna go léir i gcrích.
4
Rinne an Tiarna gach ní le haghaidh cuspóra ar leith, agus an t-urchóideach le haghaidh lá na tubaiste.
5
Is fuath leis an Tiarna an croí uaibhreach, bí deimhin de nach rachaidh sé gan phionós.
6
Déantar leorghníomh sa pheaca trí dhílseacht agus seasmhacht; seachnaíonn fear an t-olc le heagla an Tiarna.
7
Nuair a thugann bealaí duine taitneamh don Tiarna, déanann sé cairde fiú dá eascairde.
8
Is fearr an beagán agus an chóir ná an mórán agus an éagóir.
9
Beartaíonn duine a chúrsa ina chroí ach sé an Tiarna a threoraíonn a chéimeanna.
10
Tagann oracail ó bhéal an rí, ní dhéanann sé dearmad nuair a fhógraíonn a bhreith.
11
Is leis an Tiarna an mheá agus na scálaí cothroma; is é a rinne na meáchana uile sa mhála.
12
Is gráin le ríthe an t-olc a dhéanamh, mar is í an fhíréantacht is bonn faoin ríchathaoir.
13
Bíonn fáilte ag an rí roimh bheola fíréanta; bíonn grá aige don té a labhraíonn go cóir.
14
Teachtaire báis fearg rí, ach déanfaidh an t-eagnaí í a cheansú.
15
Bíonn an bheatha i ngile ghnúis an rí, agus is geall le scamaill bháistí an earraigh a ghnaoi.
16
Is fearr an eagna a aimsiú ná an t-ór; tóg tuiscint mar rogha thar an airgead.
17
Casann ród an fhíréin i leataobh ón olc; an té a fhaireann cá bhfuil a thriall caomhnaíonn sé a bheo.
18
Gabhann uabhar roimh thubaiste; agus éirí in airde roimh threascairt.
19
Is fearr a bheith umhal ó chroí i measc na n-íseal ná an chreach a roinnt leis na huaibhrigh.
20
Beidh an rath ar an té a thugann aird ar an mbriathar; is méanar don té a mbíonn a mhuinín aige as an Tiarna.
21
Tugtar fear na críonnachta ar an té atá eagnaí croí; cuireann milse briathar le meallacacht ráite.
22
Is foinse beatha an ghaois don té a bhfuil sí ina sheilbh ach is í an bhaois crá na n-amadán.
23
Múineann croí an eagnaí gliceas dá bhéal, agus cuireann sé le meallacacht a bhriathar.
24
Is cuma nó cior mheala briathra séimhe; is milis iad le blaiseadh agus is sláintiúil iad don chorp.
25
Tá cosán ann a shamhlaíonn ceart do dhuine, ach níl de chríoch leis ach an bás.
26
Bíonn goile an tsaothraí ag saothar dó, agus a chraos ocrach á ghriogadh.
27
Beartaíonn an t-alfraits olc, agus is cuma nó tine loiscneach briathra a bhéil.
28
Síolann an cealgaire aighneas, agus deighleann an béadánaí dlúthchairde óna chéile.
29
Cuireann an foréigneach a chomharsa ar seachrán, agus meallann é ar bhóthar nach fónta.
30
Tá urchóid á taibhreamh d' fhear sméidte na súl, agus tá an t-olc déanta ag an té a chuireann grabhas air féin.
31
Coróin ghlóire é an ceann liath agus beatha fhíréanta a thuilleann í.
32
Is fearr an duine stuama ná an gaiscíoch tréan; agus an té atá ina mháistir air féin ná an té a dhéanann cathair a ghabháil.
33
Ar an ucht a chaitear na cranna, ach ón Tiarna a thagann an réiteach.
← Chapter 15
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 17 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31