bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
/
Proverbs 7
Proverbs 7
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
← Chapter 6
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 8 →
1
Coinnigh greim ar mo bhriathra, a mhic, agus cuir m' aitheanta i dtaisce duit féin.
2
Comhlíon m' aitheanta agus mairfidh tú beo; coinnigh mo theagasc mar mhac imreasan do shúile.
3
Ceangail de do mhéireanna iad agus scríobh ar chlár do chroí iad.
4
Abair leis an eagna: «Is tú mo shiúr,» agus tabhair do «chara dil» ar an tuiscint,
5
Le thú a chosaint ar an mbean drúisiúil, ón strainséir mná le briathra bladair.
6
D' fhéach [sí] ó fhuinneog a tí, amach ar an tsráid,
7
[Féachaint] an raibh i measc na bhfear óg gan taithí aon ógánach éaganta.
8
Seo an tsraid síos anois é, le hais a cúinne, agus ag gabháil an chosáin chun a tí,
9
Idir dhá sholas, um thráthnona, faoi choim na hoíche agus sa dorchadas.
10
Ach, féach, seo bean faoina dhéin, gléasta mar striapach agus calaois ina croí.
11
Báirseach gan iontaoibh í, nach dtéann suaimhneas ar a cosa sa bhaile.
12
Bíonn sí san airdeall ar an tsráid, sa mhargadh, agus ag gach cúinne.
13
Beireann sí greim air agus pógann é, agus deir sí leis lena gnúis mhínáireach:
14
«Bhí íobairtí le hofráil agam, agus chomhlíon mé mo mhóide inniu.
15
Uime sin tháinig mé amach i do choinne, agus mé sa tóir ort; agus fuair mé thú.
16
Chóirigh mé mo leaba le brait, agus [leath mé uirthi] togha brailliní ón Éigipt.
17
Chroith mé miorra, aloes, agus cainéal mar chumhráin ar mo leaba.
18
Tar! bímis ag ól ár sáith de dheoch an ghrá go maidin; bíodh suáilceas an ghrá againn.
19
Óir níl m' fhear céile sa bhaile, ach é imithe ar aistear fada.
20
Thug sé mála airgid leis; fillfidh sé abhaile leis an lánré.»
21
Cuireann sí cluain air lena tuile de bhladar mealltach, agus áitíonn air lena plámás séimh.
22
Leanann sé í de gheit, faoi mar a rachadh damh chun a mharaithe, Nó mar a rachadh fia i ngaiste,
23
nó go gcuirfí saighead ina ionathair; Nó mar a sceinnfeadh éan i súil ribe gan a fhios aige go bhfuil an bás faoina chomhair.
24
Éist liom anois, [a mhic], agus tabhair aird ar bhriathra mo bhéil:
25
Ná lig do do chroí dul amú ina bealaí, agus ná bí ag faoileáil ar a cosáin.
26
Óir is iomaí fear a leag sí ar lár, agus thug sí íde ar na gaiscígh go léir.
27
Sé a teach an bealach go Seól agus an tslí síos go cúirteanna an bháis.
← Chapter 6
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 8 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31