bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
/
Proverbs 19
Proverbs 19
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
← Chapter 18
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 20 →
1
Is fearr an bochtán a mhaireann go fíréanta ná an té atá saibhir ach claon ina shlite.
2
Ní maith í an díograis gan an machnamh; an té a bhrostaíonn a chéim, cailleann sé an tslí.
3
A bhaois féin a scriosann conách duine, ach is ar an Tiarna a thugann sé aghaidh a chaoraíochta.
4
Méadaíonn cairde le méadú maoine, ach tréigeann a aon chara an bochtán.
5
Ní rachaidh an finné bréige gan phionós, agus ní rachaidh fear na mbréag slán.
6
Bíonn a lán ar thóir fabhar ón bhfial; is cara ag gach aon duine an té a scaipeann bronntanais.
7
Bíonn fuath ag a dheartháireacha go léir don bhochtán, nach mó ná sin mar a theitheann a chairde uaidh. Bíonn focail de dhíth air, ach ní bhíonn siad ar láimh aige.
8
An té a aimsíonn an eagna, fónann sé dó féin; an té a dhéanann cúram den tuiscint, aimsíonn sé sonas.
9
Ní rachaidh an finné bréagach gan phionós, agus scriosfar an té a spalpann éitheach.
10
Ní cuí don amadán maireachtáil i sócamas, agus is lú ná sin is cuí do dhaor bheith i gceannas ar fhlatha.
11
Cuireann ciall srian le fearg duine, agus is glóir dó scaoileadh le coir.
12
Is geall le glam leoin fearg rí, ach le drúcht ar fhéar a ghnaoi.
13
Scriosann amadán mic a athair; is geall le sconna ar sileadh scabhlaeireacht mná.
14
Tagann teach agus maoin mar oidhreacht athar, ach tagann bean chiallmhar ó láimh an Tiarna.
15
Cuireann leisce duine i dtoirchim suain, ach beidh ocras fós ar an duine díomhaoin.
16
An té a choimeádann na haitheanta, coimeádann sé é fein; an té ar beag leis an briathar, gheobhaidh sé bás.
17
An té a bhíonn cineálta leis na boicht, tugann sé iasacht don Tiarna, déanfaidh sé cúiteamh ar son a ndearna sé.
18
Cuir smacht ar do mhac fad a mhaireann an dóchas; ná cuir romhat é mhilleadh ar fad.
19
Díolfaidh fear an drochmhianaigh as; scaoil leis agus is measa ná sin [a bheidh an scéal agat].
20
Tabhair cluas do chomhairle, agus glac le teagasc, le go mbeadh breis gaoise agat as seo amach.
21
Is iomaí beartas a bhíonn á dtaibhreamh do dhuine, ach is é aidhm an Tiarna a sheasfaidh buan.
22
Bíonn súil le dílseacht ó dhuine, agus is fearr bochtán ná bréagaire.
23
Seolann eagla Dé chun na beatha; an té a mbíonn sí aige, bíonn bia agus fothain aige, gan scéin roimh aon olc air.
24
Tumann an leisceoir a chrobh sa mhias, ach ní bhacann le hé a bhreith chun a bhéil.
25
Buail an scigire, agus mar sin is mó a bheidh an t-aineolaí san airdeall; ceartaigh fear na tuisceana agus beidh breis eolais aige.
26
An té a chuireann a athair as seilbh, agus a chuireann a mháthair chun siúil, is mac gan náire é agus ábhar masla.
27
Ná tabhair cluas do theagasc a thuilleadh, a mhic, más d' fhonn faillí a dhéanamh ina bhfuil le rá ag an eolas é.
28
Tugann an drochfhinné tarcaisne don cheart; alpann craos an urchóidigh an t-olc.
29
Tá [an bata] ullamh do scigirí, agus léasadh do dhroim na n-amadán.
← Chapter 18
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 20 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31