bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
/
Proverbs 20
Proverbs 20
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
← Chapter 19
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 21 →
1
Tá an fíon gan stuaim, agus is trodaire é an braon crua; níl aon chiall ag an té a mheallann sé.
2
Is geall le glam leoin fearg rí, agus an té a ghriogann chun cuthaigh é, milleann sé a bheatha féin.
3
Is onóir do dhuine aighneas a sheachaint, ach beidh gach amadán ag achrann.
4
Tá an fómhar thart, ach níl aon treabhadh déanta ag an leisceoir; beidh súil in airde aige in am an bhainte, ach ní beidh dada ann dó.
5
Is cuma nó uisce domhain a mbíonn ar aigne ag duine ina chroí istigh; níl ag an duine tuisceanach ach é a tharraingt amach.
6
Is iomaí duine a deir go bhfuil sé féin dílis, ach cé a aimseoidh fear inmhuiníne?
7
An fíréan a bhfuil a bhealaí gan cháim, is méanar dá chlann ina dhiaidh.
8
An rí a shuíonn ina shuí breithimh, scagann sé gach olc lena shúile.
9
Cé ar féidir leis a rá: «Ghlan mé mo chroí, táim saor ó mo pheaca?»
10
Meáchan anseo, a mhalairt ansiúd; tomhas anseo tomhas eile thall; is gráin leis an Tiarna iadsan araon.
11
Taispeánann an leanbh dúinn fiú agus é ag súgradh, an olc nó an maith a bheidh a bhearta.
12
An tsúil a fheiceann agus an chluas a chluineann, is é an Tiarna a rinne iad araon.
13
Ná bí ceanúil ar an gcodladh, nó beidh an bhochtaine agat mar chéile; bíodh do shúile ar leathadh agus beidh flúirse bia agat.
14
«Níl aon mhaith ann, níl sin,» a deir an ceannaí ach imíonn sé leis agus é ag maíomh as féin.
15
Tá an t-ór ann, agus raidhse cloch lómhar, ach is iad beola an eolais an tseoid róluachmhar.
16
Tóg brat duine nuair a théann sé i mbannaí le strainséir; bíodh sé féin mar gheall agat nuair a théann sé in urrús le coimhthígh.
17
Faigheann duine blas milis ar an mbia a fuarthas trí chalaois, ach is geall le grean ina bhéal é ina dhiaidh sin.
18
Meáigh do bhearta i gcomhairle le daoine eile; agus fear cath le treoir chiallmhar.
19
Déanann an cardálaí rúin a nochtadh; ná bíodh caidreamh agat dá bhrí sin le fear na baothchainte.
20
Má chuireann duine mallacht ar athair nó ar mháthair, múchfar a lóchrann faoi dhorchadas dubh.
21
An oidhreacht a fuarthas de gheit ar dtús, ní bheidh beannacht uirthi faoi dheireadh.
22
Ná habair: «Déanfaidh mé an t-olc a chúiteamh»; ach bíodh do dhóchas as an Tiarna agus tiocfaidh sé i gcabhair ort.
23
Is fuath leis an Tiarna malairtí meáchan; ní maith iad na meánna fealltacha.
24
Treoraíonn an Tiarna céimeanna an duine; conas más ea is féidir dó a bhealach a thuiscint?
25
Is gaiste roimh dhuine a rá de phreib: «Tá sé tíolactha.» agus gan machnamh a dhéanamh ach tar éis a mhóide.
26
Déanann an rí cliste na hurchóidigh a cháitheadh, agus tiomáineann an roth tharstu.
27
Sé spiorad an duine lampa an Tiarna, ag spiúnadh doimhneas a chroí.
28
Déanann cinéaltas is dílse an rí a chosaint, agus is í an fhíréantacht teannta a ríchathaoireach.
29
A neart féin glóir na n-ógánach, ach an ceann liath maise na seanóirí.
30
Is maith an leigheas ar an olc buillí créachtaithe; agus glanann buillí an t-ionathar.
← Chapter 19
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 21 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31