bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
/
Proverbs 4
Proverbs 4
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
← Chapter 3
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 5 →
1
Éistigí, a chlann mhac, le teagasc athar; tugaigí aird agus foghlaimigí céard í an tuiscint ghrinn.
2
Aitheanta córa a thugaim daoibh agus ná tréigigí mo theagasc.
3
Ba mhac mise freisin le hais m' athar, agus ba aonmhac muirneach mé ag mo mháthair.
4
Sé mhúin sé dom agus sé a dúirt: «Bíodh mo bhriathra i gcochall do chroí; coinnigh m' aitheanta agus mairfidh tú beo.
5
Bíodh eagna agat, agus bíodh tuiscint; ná déan dearmad di, agus ná claon ó bhriathra mo bhéil.
6
Na tréig í agus coimeádfaidh sí slan thú; tabhair grá di agus cosnóidh sí thú.
7
Tús na heagna, an eagna a ghnothú: faigh an tuiscint mar sin fiú má chosnaíonn sí a bhfuil agat.
8
Bíodh ardmheas agat uirthi, agus tabharfaidh sí ardú céime duit; tuillfidh sí onóir duit, má theannann tú í le do chroí.
9
Cuirfidh sí mionn maisiúil ar do cheann, agus bronnfaidh sí ort coróin ghlórmhar.»
10
Éist, a mhic, agus glac le mo bhriathra, agus mairfidh tú an céad.
11
Múinfidh mé slí na heagna duit, treoróidh mé thú ar bhealaí díreacha.
12
Ag siúl duit ní chuirfear bac ar do choiscéimeanna; nuair a rithfidh tú ní bhainfear tuisle asat.
13
Beir greim docht ar an dea-theagasc, agus ná lig uait é; cosain é ós é do bheatha é.
14
Ná leag cos leat ar chosán na n-urchóideach; ná siúl bealach na gciontach.
15
Seachain é, ná gabh an treo sin; tabhair cul leis, gabh thairis.
16
Ní théann aon chodladh orthu gan olc a dhéanamh; fágtar gan codladh iad mura mbíonn duine ar lár acu;
17
Sí an urchóid is bia acu, agus an lámh láidir an fíon a ólann siad.
18
Tá bealach na bhfíréan mar an láchan, agus a solas ag dul i ngile go hard an lae.
19
Tá bealach na n-urchóideach mar an duibheagán domhain; ní eol dóibh céard a bhaineann tuisle astu.
20
Tabhair aird ar mo bhriathra, a mhic, agus éist go cúramach le briathra mo bhéil.
21
Ná scaoil as do radharc iad, coinnigh i gcochall do chroí iad.
22
Óir is beatha iad don mhuintir a aimsíonn iad, agus is sláinte iad don cholainn ar fad.
23
Thar aon ní eile, bíodh faire agat ar do chroí, óir is ann atá foinsí na beatha.
24
Tabhair cúl leis an mbéal mealltach, agus seachain an comhrá claon.
25
Féachadh do shúile díreach romhat, agus bíodh d' amharc romhat amach.
26
Bíodh an cosán faoi do chosa réidh, agus do shlite go léir daingean.
27
Ná claon ar dheis ná ar chlé, seachain do chos ar an olc.
← Chapter 3
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 5 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31