bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
Deuteronomy 1
Deuteronomy 1
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 2 →
1
Siadso na bríathra do labhair Maóise re Hisrael uile don táoibhsi do Iordan annsa bhtásach, annsa réiteach thall as coinne na mara Ruáidhe, idir pháran, agus Tophel, agus Laban, agus Haserot, agus Disahab.
2
Uidhe éanlá déag ó Horeb a slighe shléibhe Seir go Cádes‐barnea.
3
Agus tárla annsa cheathrachdmhadh blíadhan san néanmhadh mí déug, ar an ccéad lá don mhí, gur labhair Maóise re cloinn Israel, do réir a nuile ní do labhair an TIGHEARNA ris do aithne dhíobhsan;
4
Tar éis Sihon righ na Namoríteach do mharbhadh dho, noch do áitreibh ann Hesbon, agus Og rígh Básan, noch do áitreibh ann Astarot ann Edréi:
5
Ar an táoibhsi do Iordán, a ttír Mhoab, do thionnsguin Maoisé an dligheadhso dfoíllsiughadh, ghá radh,
6
¶ Do labhair an TIGHEARNA ar Ndía rinne an Horeb, gá rádh, Do fhanabháir go lor fhad ar a tslíabhso:
7
Fillidh, agus gluáisidh íonbhur slighe, agus éirghidh go slíabh na Namoriteach, agus don nuile áit láimh ris, annsa réiteach, annsna cnocuibh, agus annsa ghleann, agus budh dheas, agus láimh ris an bhfairge, go dúthaigh na Gcanaaníteach, agus go Lebanon, go suighe an nabhuinn mhóir, abhuinn Euphrates.
8
Feachuidh, do chuir mé an talumh as bhar gcoinne: éirghidh a steach agus sealbhuíghidh an fearann do dhearbh an TIGHEARNA dá bhur naithribh, Abraham, Isaac, agus Iácob, do thabhairt doibh agus dá sliochd na ndiáigh.
9
¶ Agus do labhair misi ribhse a nuáirsin, gá rádh, Ní bhfuilimsi cumusach ar bhur niomchar leam féin am áonar.
10
Do mhéaduigh an TIGHEARNA bhur Ndía sibhsi, agus, féuchuidh, atátháoi a niugh mar réulta nimhe ar iomadamhlachd.
11
Go ndéarna an TIGHEARNA Día bhur naithreadh sibhsi míle uáir comhiomadamhuil is tátháoi, agus go mbeannuighidh sé sibh, mar do gheall sé dháoibh!
12
Cionnus is éidir liomsa amháin bhur geúram diomchar, agus bhur núalach, agus bhur nimreasuin?
13
Glacuidhsi chugaibh dáoinne críonna, agus tuigsionacha, agus aitheanta a measc bhur ttréabha, agus do dhéana misi uachdaráin díobh ós bhur gcionn.
14
Agus do fhreagrabhairsi mé, agus a dubhrabhair, An ní do labhair tú is maith dhúinne a dhéanamh.
15
Annsin do ghlac mé togha bhur ttreabh, dáoine críonna, agus aitheanta, agus do rinneas cinn díobh ós bhur gcionnsa, caiptínigh ós cionn mhílteadh, agus caiptínigh ós cionn chéud, agus caiptínigh ós cionn cháogad, agus caiptínigh ós cionn deithneamhair, agus óifigidh a measc bhur ttreabh.
16
Agus do chuir mé an tansin dúalach ar bhur mbreitheamhnuibh, gá rádh, Eístígh na cúisionna idir bhur ndearbhraithreibh, agus beíridh breath go ceart idir gach éanduine agus a dhearbhrathair, agus an coimhidhtheach bhías na fhochair.
17
Ní thiubhartháoi meas ar phearsannuibh a mbreitheamhnus; achd éistfidhe an beag mar an mór; ní bhiáidh eagla oruibh re gnúis dhuine; óir is lé Día an breitheamhnus: agus an chúis bhías rochruáidh oruibh, tugaidh chugamsa, agus éistfe me í.
18
Agus do aithin me dhíbh a nuáirsin a nuile ní budh cóir dháoibh a dhéanamh.
19
¶ Agus a nuáir do ghluaisiomar as Hóreb, do chúamar thríd an bhfásach mór uathbhásach uile, noch do chonncabhair ar slighe shléibhe na Namoríteach, mar do aithin an TIGHEARNA ar Ndía dhínn; agus tangamar go Cádes‐barnea.
20
Agus a dubhairt misi ribh, Thangabhair go slíabh na Namoríteach, noch do bhéir an TIGHEARNA ar Ndía dhúinn.
21
Féuch, do chuir an TIGHEARNA ar Ndía an dúthaigh romhuibh: éirghidh agus sealbhuighidh í mar a dubhairt an TIGHEARNA Día bhur naithreadh; ná himeagluidhigh, agus na bíodh mímheisneach oruibh.
22
¶ Agus tangabhair a ngar dhamhsa gach áon aguibh, agus a dubhrabhair, Cuirfeam dáoine romhuinu, agus spíonfuid dhúinn an dúthaigh, agus do bhéaruid scéula chuguinn cía an tslighe a gcaithfeam dul súas, agus cía híad na caithreacha ann a racham.
23
Agus do thaitin an glór riomsa go maith: agus do thogh mé dhá fhear dheug agnibh, áon as gach treibh:
24
Agus do fhilleadar agus do chúadar súas annsa tslíabh, agus tangadar go gleann Escol, agus do spíonadar amach é.
25
Agus do ghlacadar cuid do thoradh na tíre ann a lamhuibh, agus thugadar leó a núas chuguinn é, agus thugadar scéula chuguinn a rís, agus a dubhradar, Is maith an talumh é, noch do bheir an TIGHEARNA Día dhúinn.
26
Gidheadh níor bháill libhsi dul súas, ach do rinneabhair cathughadh a naghuidh aithne an TIGHEARNA bhur Ndía:
27
Agus do rinneabhair ithiomrádh ann bhur lóistínibh, agus a dubhrabhair, Do chionn go raibh fúath ag an TTIGHEARNA oruinne, thug sé amach sinn as crích na Hégipte, dar ttabhairt a lámhuibh na Namoríteach dar marbhadh.
28
Cáit a rachum súas? do dhroichmheisnigheadar ar ndearbhráthre ar gcroidhe, dhá rádh, Is mó agus is árrachduigh na daoine úd ná sinne; atúid na caithreacha mór agus ár na mballughadh súas go neamh; agus fós do choncamar mic Anacim ann.
29
Annsin a dubhairt misi ribh, Ná chriothnuighidh, agus nar ab mó bhías eagla oruibh rompa.
30
Troidfidh an TIGHEARNA bhur Ndía ar bhur son, noch théid romhuibh, do réir a nuile neithe do rinne ar bhur son san Négipt as coinne bhur súl.
31
Agus annsa bhtásach, mar a bhfaca tú cionnus do iomchair an TIGHEARNA do Día thú, mar diomchóradh duine a mhac, annsa nuile shlighe dá ndeachabhair, nó go ttangabhair a steach don náitsi.
32
Gidheadh annsa nísi níor chreideabhair an TIGHEARNA bhur Ndía,
33
Noch do chuaidh romhuibh annsa tslighe, do thógha áite amach dhibh ann a suigheochadh sibh bhur lóistínigh, a tteinidh san noidhche, do thaisbéanadh dháoibh cía an tslighe ánn a ngéubhadh sibh, agus a néull san ló.
34
¶ Agus do chúalaidh an TIGHEARNA fuáim bhur mbríathar, agus do bhí féarg aír, agus do mhionnuígh sé, dhá rádh,
35
Go deimhin ní fhaicfidh duine dhiobhso, an droichghinealáchsa an dúthaigh mhaithsi, noch do mhionnuigh misi do thabhairt dá bhur naithribh,
36
Achd amháin Cáleb mhác Iephunneh; do chífe seision í, agus is dósan do bhéura mé an tír air ar shaltuir sé, agus dá chloinn, do chionn gur lean sé go hiomlán an TIGHEARNA.
37
Mar an gcéadna do bhí an TIGHEARNA feargach riumsa ar bhur sonsa, dhá rádh, Ní racha tú ann súd a steach.
38
Achd Ioshua mhac Nun, noch sheasfas ad lathair rachaidh sé ann a steach: cuir meisneach ann: óir do bhéura sé ar Israel an noighreachd do shealbhúghadh.
39
Os a chionn sin bhur ndáoine beaga, noch a dubhrabhair a bheith na ccreich, agus bhur cclann, ag nach raibh fios uilc nó maitheasa san ló sin, rachuid siadsion ann a steach, agus is dóibhsion do bhéura mé é, agus sealbhochuidh síad é.
40
Achd ar bhur sonsa, fillidh, agus éirghidh ann bhur slighe a steach chum an nfásuigh a slighe na mara Ruáidhe.
41
Annsin do fhreagrabhairsi agus a dubhrabhair riumsa, Do pheacuigheamar a naghaidh an TIGHEARNA, rachum súas agus troidfiom, do réir a nuile neithe do aithin an TIGHEARNA ar Ndía dhínn. Agus a nuáir do iadh gach áon aguibh é féin na arm cogaidh, do bhábhair ullumh chum dul súas annsa chnoc.
42
Agus a dubhairt an TIGHEARNA riumsa, abair riú, Ná héirgidh súas, agus na troididh; óir ní bhfuilimsi bhur measc; deagla go muirfídhe sibh a lathair bhur námhad.
43
Mar sin do lábhair mé ribh; agus níor éisteabhair rium, achd do chathuigheabháir a naghuidh aithne an TIGHEARNA, agus do chúabhair go handóthchusach súas fan chnoc.
44
Agus tangadar na Hamorítigh, noch do áitreibh annsa tslíabhsin, amach ann bhur naghaidh, agus do ruáigeadar sibh, mar do níd beiche, agus do scriosadar sibh a Seir, go nuige Hormah.
45
Agus dó fhilleabhair agus do ghuileabhair a lathair an TIGHEARNA; achd níor éist an TIGHEARNA re bhur nglor, agus ní thúg cluas dáoibh.
46
Mar sin do fhanabhair ann Cádes mórán do laéthibh, do réir na laétheadh do fhanabhaír annsin.
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 2 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31
32
33
34