bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
Deuteronomy 14
Deuteronomy 14
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 13
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 15 →
1
Is sibh clann an TIGHEARNA bhur Ndía: ní ghearrfuidhe sibh féin, agus ní dhéantaoi lomadh ar bith eidir bhur súilibh ar son an mhairbh.
2
Oír is pobal náomhtha thú don TIGHEARNA do Dhía, agus do thogh an TIGHEARNA thú chum bheith ad phobul áirigh aige féin, tar gach uile chineadh dá bhfuil ar an ttalumh.
3
¶ Ní íosa tú éinní adhúathmhar.
4
Is íad so na hainmhithigh íostaói: eadhon an damh, an cháora, agus an gabhar,
5
Ann cáirrfhíadh, agus an pocrúadh, agus an fíadh fionn, agus an gabhar fíadháin, agus an pigarg, agus an damh alluigh, agus an chamhois.
6
Agus gach uile bheathach noch roinneas an nionga, agus scoiltios an scoilteadh a ndá ladhuir, agus chognas an chír measg na nainmhinteadh, íostaói iadsin.
7
Gidheadh ní íostaói íadso don mhéid chognas a ccír, nó roinneas a nionga scoilte; mar atá an camhall, an geirrfhíadh, agus an coinín: óir cognaid an chír, achd ní roinnid an nionga; uime sin atáid neamhghlan dhíbhsi.
8
Agus na muca, do chionn go roinnid an nionga, agus nach ccognuid an chír, atáid neamhghlan dáóibh: ní iostaoi dá bhfeóil, ní mó bhainfúidhe ré na gconablach marbh.
9
¶ Is iad so iostaói do nuile dá bhfuil ionnsna huisgedhíbh: a nuile ar a mbía eiteach agus bláosca íostaói íad:
10
Agus gidh be ar bith air nach bhfuil eiteach nó bláosca ní íostaói íad; atáid neamhghlan daóibh.
11
¶ Do nuile éun ghlan íostaói.
12
Acht is iad so dá nach iostaoi: an tiolar, an téan fionn, agus an tíascaire cáirneach,
13
Agus an préachán gearr, agus an préachán ceirteach, agus an préachan ingneach do réir a chiníl,
14
Agus gach uile fhíach dubh do réir a chiníl,
15
Agus an tulchabhcan, a náinléog, agus an chúach, agus an seabhac do réir a chiníl,
16
An tulcabhchan beag, agus an túlcabhchan mór, agus a neala,
17
Agus an peliocan, agus an tiolar timchiollach, agus an fiach fairge,
18
Agus an chorr ghlas, agus an chorr ghrían do réir a chiníl, agus an filbín, agus a níaltóg leathair.
19
Agus gach uile ní snáigheach eitillios atá neamhghlan duitsi: ní híostar iad.
20
Ach féadthaói gach uile éan glan dithe.
21
¶ Ni íostaói éinní reachus déag uadh féin: do bhéura tú é don choimhidheach bhías ann do dhoirsibh, go nithe sé é; nó féadfa tú a dhíol ris an ndeóraidh: óir is pobal náomhtha thusa don TIGHEARNA do Dhía. Ní bhruithfe tú meannán a mbainne a mhathar.
22
¶ Do bhéura tú úait go ceart an deachmhadh dot uile shíol, noch do bheir an talumh úadh gach a blíadhain.
23
¶ Agus íosa tú a bhfiadhnuisi do THIGHEARNA Dé, san náit noch thoighfeas sé a ainm do shuídhiughadh ann, deachmhadh harbha, thfíona, agus hola, agus primidil tsealbhann agus do thréud; chor go bhfoghlamaidh tú eagla do THIGHEARNA Dé do bheith ort a gcomhnuidhe.
24
¶ Agus má bhíonn an tslighe ro fhada agad, as nach bhféudann tú a iomchur; nó má bhíonn a náit rofhada uait, noch thoighfeas do THIGHEARNA Día do chur a anma ann, a nuáir bheinneochus do THIGHEARNA Día thú:
25
Ann sin do dhéana tú airgiod de, agus ceaingeola tú an tairgiod súas ann do láimh, agus rachaidh tú don náit noch thoighfeas do THIGHEARNA Día:
26
Agus do bhéura tú an tairgiod sin ar gidh bé ní a mbía dúíl ag hinntin ann, ar dhamhuibh, nó ar chaorchuibh, nó ar fhionn, nó ar dhigh láidir, gidh bé ní bhus toil led inntinn: agus íosa tú annsin a bhfiadhnuisi do THIGHEARNA Dé, agus do dhéana tú gáirdeachus, thú fein, agus do mhuintir,
27
Agus an Lebhíteach bhías táobh a stigh dot dhoirsibh; ní thréigfe tú é; óir ni bhfuil roinn ná oighreachd aige maille riot.
28
¶ A ndeireadh thrí mblíadhan do bheura tú amach deachmhuidh do bhisigh uile an bhlíadhuin sin féin, agus cuirfe tú a ttaisge í taobh a stigh dot dhoirsibh:
29
Agus tiucfaidh an Lebhíteach, do bhrígh nach bhfuil roinn nó oighreachd aige maille leachdsa, agus an coimhightheach, agus an dílleachda, agus an bhaintreabhach, atá táobh a stigh dot dhoirsibh, íosuid agus béid sáitheach; chor go mbeinneochuidh do THIGHEARNA Día thú an gach uile obair do láimhe noch do ní tú.
← Chapter 13
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 15 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31
32
33
34