bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
Deuteronomy 2
Deuteronomy 2
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 1
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 3 →
1
Annsin dofhilleamar, agus doghluaiseamar don nfásach a slighe na mara Ruáidhe, mar do labhair an TIGHEARNA riumsa: agus do thimchiollamar slíabh Sheir mórán do laéthibh.
2
Agus do labhair an TIGHEARNA riomsa, ghá rádh,
3
Do thimchiollabhair an slíabhso lór a fhad: filligh budh thuáigh.
4
Agus aithinsi don phobal, ghá rádh, Caithfidhe gabhail tré ímiol thire bhur ndearbhráithreach clann Esau, noch áitreabhus a Seir; agus biáidh eagla aca romhuibh: uime sin biodh aire mhaith aguibhsi oruibh féin:
5
Ná beanuidh riú; oir ní thiubhra misi dháobh dá bhfearann, ní thiubhrad, leithead éantroighe amháin; do chionn go ttug mé sliabh Seir do Esau mar sheilbh.
6
Ceinneochtháoi bíadh úatha ar airgead, chor go níostáoi; agus cinneochtháoi fós uisge úatha ar airgead, chor go niobhtháoi.
7
Oír do bheannuigh an TIGHEARNA do Dhía thusa ann uile oibreach do láimhe: atá fios bhur naistier aige thríd an bhfásach mhórsa: do bhi an TIGHEARNA do Dhía an dá fhichthid blíadhanso maille riot; ní raibh easbhaidh ar bith ort.
8
Agus a nuáir do chuamar thar ar ndearbhráithribh clann Esau, noch do áitribh ann Seir, tré shlighe an reitigh ó Elat, agus ó Hesion‐gaber, do fhilleamar agus do chúamar a slíghe fhasaigh Mhoab.
9
¶ Agus a dubhairt an TIGHEARNA riomsa, Ná buáidhrigh ná Moabítigh, agus na déanuigh imreasúin riú a gcath: óir ní thiubra misi dháoibh dá bhfearann mar sheilbh; do chíonn go ttug mé Ar do chloinn Lot mar sheilbh.
10
Do áitreabhadar na Hemimigh ann sin a nallúd, daoine mora, líonmhara, árrachda, mar na Hanacimigh;
11
Noch ar a raibh mar an ccéadna meas aitheach, do nós na Nanacimeach; achd Emimigh ghoirid na Moabitigh dhíobh.
12
Do áitreabhadair na Horimigh mar an gcéadna a Seir san naimsir roimhe; achd is íad clann Esau tháinic na ndíaigh, a núair do dhíbreadar as a radharc íad, agus do áitreabhadar na náit; mar do ní Israel re dúthaígh a sheilbhe, noch thug an TIGHEARNA dhóibh.
13
Annois éirghidh súas, arsa misi, agus téighidh thar abhuinn Shered. Agus do chuámar thar abhuinn Shered.
14
Agus na laéthe iona ttangamar ó Chades‐barnea, nó go ndeachamar tar abhuinn Shered, ba hochd mbliadhna déug air fhithchid íad; nó gur leaghadar a nuile gheinealach don luchd cogaidh a measc an tslóigh, mar do mhionnuígh an TIGHEARNA dhóibh.
15
Oír go deimhin do bhí lámh an TIGHEARNA na naghaidh, dá scrios as measc an tslóigh, nó gúr díoghbháidheadh íad.
16
¶ Marsin tháinic a ccrích, a nuáir do díoghbháidheadh an luchd cogaidh uile agus do éugadar ó bheith a measc an phobail,
17
Gur labhair an TIGHEARNA riumsa, dhá rádh,
18
Rachuidh tú anonn tré Ar, annsa ló a niugh, a tteóruinn Mhóab:
19
Agus a nuáir thiocfas tú a bhfogus thall as coinne chloinne Ammon, ná buaidhrigh íad, agus ná beanuidh riú: óir ní thiubhra misi sealbh ar bith dháoibh do dhúthuigh chloinne Ammon; óir thug mé do chloinn Lot í mar sheilbh.
20
Do measadh mar an gcéadna gur dúthaigh aitheach sin: aithigh do áitreabh annsin san tseanaimsir; agus do ghoirdís na Hammonítigh Samsumimigh dhíobh;
21
Daoíne móra, líonmhara, árrachda, mar na Hanacimigh; achd do scrios an TIGHEARNA íad rompa; agus tangadarsan na ndiáigh, agus do áitreabhadar na nionad:
22
Mar do rinne sé ré cloinn Esau, noch do áitreibh ann Seir, a nuáir do scríos sé na Horimigh rompa; agus tangadarsan na ndiáigh, agus do áitreabhadar na náit gus a niugh:
23
Agus na Habhimigh noch do chomhnuigh ann Haserim, go nuige Assah, do dhibreadar na Caphtorimigh íadsin, noch tháinic amach as Caphtor, agus do áitreabhadar na nionad.
24
¶ Eírighsi súas, ghluáisigh ann bhur tturus, agus imthighidh a nonn thar a nabhuinn Arnon: féuch, thug mé ad láimh Sihon an Tamoríteach, rígh Hesbon, agus a dhúthaigh: tionnscain a sealbhughadh, agus troid ris a ccath.
25
A niugh thoiseochus misi ar uamhan agus eagla romhadsa do chur ar a bhfuil fáoi neamh uile, noch chluinfeas túaruscbháil ortsa, agus criothnochuid, agus béid a ndoilghios ar heaglasa.
26
Agus do chuir mé teachda amach as fasach Cedemot go Síhon rígh Hesbon lé bríathruibh síothchána, dhá rádh,
27
Léig dhamhsa gabháil thríd do dhúthaigh: iméocha mé romham annsa tslighe mhóir, agus ní iontócha mé ar an láimh dheis nó ar an láimh chlé.
28
Reacfaidh tú bíadh riom ar airgiod, go nithe mé; agus do bhéura tú dhamh uisge ar airgiod, go nólfa mé: amháin siubholuigh mé romhum dom chosuibh;
29
Mar do rinneadar rium clann Esau noch áitreabhus a Seir, agus na Moabítigh noch áitreabhus ann Ar; nó go ndeachuidh mé anonn thar Iordan don dúthaigh do bhéir an TIGHEARNA ar Ndía dhúinn.
30
Achd nior áill lé Sihon rígh Hesbon léigean dúinn gabháil thairis: óir do crúadhuigh an TIGHEARNA bhur Ndíasa a spiorad, agus do rinne sé a chroidhe easumhal, chor go seachódadh sé ad láimhse é, mar as follus a niugh
31
Agus a dubhairt an TIGHEARNA riumsa, Féuch, do thosuigh mé ar Shihon agus ar a dhúthaigh do chur romhad: tosuighsi a shealbhughadh, go madh leachd a dhúthaígh a noighreachd.
32
Annsin thainic Sihon amach ar naghuidh, é féin agus a dháoine uile, do throid ag Iahas.
33
Agus do sheachuid an TIGHEARNA ar Ndía romhuinn é; agus do bhuáileamar é féin, agus a chlann, agus a dháoine uile.
34
Agus do ghabhamar a chaithreacha uile fa namsin, agus do bhuaileamar thríd amach na dáoine, agus na mna, agus a cclann bheag, ann gach aon chathair, níor fhágbhamair áon na bheathaigh:
35
Amháin do thógbhamar a náirnéis chuguinn féin mar chreich, agus éadail na ccaithreach noch do ghabhamar.
36
O Aroer, noch atá ar bhrúách na habhann Arnou, agus on chathruigh atá láimh ris an nabhuinn, go nuige Gilead, ni raibh aon chathair amháin róláidir dhúinn: do sheachuid an TIGHEARNA ar Ndía dhúinn uile íad:
37
Amháin go dúthaigh chloinne Ammon ní thangabhair, nó go héanáit don nabhuinn Iabboc, nó do na caithreachaibh ann sna sléibhtibh, nó go héanáit dar thóirmísg an TIGHEARNA ár Ndía oruinn.
← Chapter 1
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 3 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31
32
33
34