bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
Deuteronomy 24
Deuteronomy 24
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 23
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 25 →
1
Annuair do bhéara fear bean, agus phósas sé í, agus go ttéigeomhuidh nach bhfuighe sí grádh ar bith úadh, do chionn go bhfuair sé neamhgloine éígin inte: annsín scriobhadh sé dhi scríbhinn dealuighe, agus tugadh dhi ann a láimh é, agus cuireadh amach as a thigh í.
2
Agus a nuáir fhuigfios sí a thigh, is eidir lé imtheachd agus bheith na mnaói ag fear oile.
3
Agus má fhúathuighionn an dara fear í, agus scríbhinn dealuighe do scríobhadh dhi, agus go ttiubhra dhi ann a láimh í, agus a cur amach as a thigh; nó má gheíbh an fear deirionnach bás, do ghabh chuige na mnaoi í;
4
Ní féadann an céidfhear, do chuir uadh í, a glacadh chuige a rís na mnaoi, tar éis a truáillighe; óir is adhfhúathmhaireachd sin a bhfiaghnuisi an TIGHEARNA: agus ní thiubhra tú fa deara don dúithche peacughadh, noch do bheir do THIGHEARNA Día dhuit mar oighreachd.
5
¶ A nuáir do bheir duine bean núadh, ni rachuidh sé amach chum an cogaidh, ní mó chuirfighear cúram éinneithe air: ach biáidh sé sáor san mbaile ar feadh blíadhna, agus do dhéana sé sólás dá mhnáoi noch thug sé.
6
¶ Ni ghlacfá eanduine cloch íachtair nó uachdair muilinn a ngeall: oir glacuidh sé anum duine a ngeall.
7
¶ Má gheibhthíor duine ag goid éanduine dá dhearbhraithribh do chloinn Israel, agus go ndéan sé malairt de, nó go ndíolfaidh é; annsin báiseochthar an gaduighe; agus cuirfe tú an tolc ar gcúl uaibh.
8
¶ Tabhair haire a bpláigh na lubhra, go gcoimhéadfa tú go dúthrachdach, agus go ndéana tú do réir a nuile neithe mhúinfid na sagairt Lebhiteach dhuit: mar do aithin misi dhíobhsan, mar sin choimheadfáoisi dhéanamh.
9
Cuimhnigh cread do rinne do THIGHEARNA Día re Míriam ionsa tslighe, tar éis teachd amach dhaóibh as an Négipt.
10
¶ A nuáir do bhéara tú éinní ar áirleagadh dot dhearbhráthair, ní rachuidh tú a steach dhá thigh da bhreith gíll úadh.
11
Seasfa tú amuigh, agus an té dá ttiubhra tú áirleagadh do bhéara seision amach chugad an géall.
12
Agus ma bhíonn an duine bochd, ní choideola tú agus a gheall agad:
13
Ar gach uile chor do bhéara tú a gheall dó a nuáir théid an ghrían faoi, chor go bféadfa codladh iona éadach féin, agus beannochuidh sé thusa: agus biáidh so na fhiréantachd duit a lathair an THIGHEARNA Dé.
14
¶ Ní sháireocha tú éintserbhíseach túarusdail dá mbia bochd nó daidhbhir, dot dhearbhráithribh, no dot coimhitheachuibh noch atá ann do dhúíthche táobh a stigh dot dhoirsibh:
15
Iona ló cinnte do bhéara tú a thúarusdal dó, agus ní rachuidh an ghrían síos air; óir atá sé bochd, agus cuiridh sé a chroidhe air: deagla go néighfeadh sé ad aghuidh ar an TTIGHEARNA, agus go mbíadh na pheacadh ort.
16
¶ Ní cuirfighear na haithre chum báis ar son na cloinne, nó an chlann chum báis ar son na naithreadh: báiseochthar gach duine ar son a choire féin.
17
¶ Ní chláonfa tú breitheamhnus an choimhithigh, nó an dílleachda; agus ní ghlacfa tú éadach baintreabhuigh a ngeall:
18
Ach cuimhneocha tú go rabhuis féin do sclabhuigh san Négipt, agus gur fhúascuil do THIGHEARNA Día as sin tú: air a nadhbharsin aithnighimsi dhíot an ní so dhéanamh.
19
¶ A nuáir bheanfas tú thfoghmhar ar an machaire, agus dheirmeodus tú punnan annsa machaire, ní racha tú a rís ar a cheann: biáidh sin ag an ccoimhitheach, ag an ndílleachda, agus ag an mbaintreabhuigh: chor go mbéainneochuidh do THIGHEARNA Día thú ann uile oibrighibh do lámh.
20
A nuáir bhuáilfios tú do chrann ola, ní racha tú do spíonadh na ngéag a rís: biáidh sin ag an ccoimhitheach, ag an ndilleachda, agus ag an mbaintreabhuigh.
21
A nuáir chruinneochas tú grápaidh thfíneamhna, ná dioghluim na dhiáigh sin: biáidh sin ag an coimhitheach, ag an ndílleachda, agus ag an mbaintreabhuigh.
22
Agus cuimhneocha tú go raibh ad dháoírseanach a ccrích na Hégipte: uime sin aithnighimsi dhíot an ní so dhéanamh.
← Chapter 23
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 25 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31
32
33
34