bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
Deuteronomy 31
Deuteronomy 31
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 30
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 32 →
1
Agus do chuáidh Maóise, agus do labhair sé na bríathrasa re Hisrael uile.
2
Agus a dubhairt sé riú, Atáimsi a niugh céad agus fichthe blíaghain daóis; ní fhéaduim ní sa mhó dul a steach nó teachd amach: mar an gcéadna a dubhairt an TIGHEARNA riom, Ní racha tú a nonn tar an Iordán sa.
3
Ráchuidh do THIGHEARNA Día, anonn romhad, agus scriosfa sé na cineadhachaso romhad, agus sealbhochuidh tusa íad: agus rachaidh Iosua, a nonn romhad, mar a dubhairt an TIGHEARNA.
4
Agus do dhéana an TIGHEARNA riú mar do rinne sé ré Sihon agus ré Og, ríghthe na Namoríteach, agus re na ndúithche, noch do scrios sé.
5
Agus seachoduigh an TIGHEARNA súas íad roimh bhur ghnuis, chor go ndéantaói ríu do réir a nuile aithne noch do aithin misi dhíbh.
6
Bíthí láidir agus bíodh meisneach mhór aguibh, ná himeagluidh, agus ná biodh úamhan aguibh rompa: óir sé do THIGHEARNA Día, théid libh; ní fheallfa sé ort, agus ní thréigfe sé thú.
7
¶ Agus do ghoir Maóise ar Iosua, agus a dubhairt ris a radharc Israel uile, Bí neartmhar agus bíodh meisneach mhaith agad: óir caithfe tú dul leis an bpobal so don dúíthche noch do mhionnuigh an TIGHEARNA da naithribh do thabhairt dóibh; agus do bhéara tú orra a glacadh a noighreachd.
8
Agus an TIGHEARNA, is eision an té rachus romhad; biáidh sé maille riot, ni fheallfa sé ort, ní mó thréigfios sé thú: ná himeagluidh, agus ná bíodh úamhan ort.
9
¶ Agus do scríobh Maóise an dlígheadhsa, agus thug do na sagartuibh é do chloinn Lebhi, noch do iomchair airc chunnartha an TIGHEARNA, agus do sheannibh Israel uile.
10
Agus do aithin Maóise dhíobh, ghá rádh, A ccionn gacha seachdmhadh bliadhan, a sollamantachd bhliadhna an fhúascuilte, a bhféasta na ttabernaclach,
11
A nuáir thiocfas Israel uile dá ttaisbéanadh féin a lathair do THIGHEARNA Dé an sa náit thoighfeas sé, léighfidh tú an dligheadhsa a lathair Israel uile iona néisteachd.
12
Cruinnigh na daóine a bhfochair a chéile, fir, agus mna, agus leinibh, agus do choimhitheach atá táobh a stigh dod dhoirsibh, ionnus go cluinfid síad, agus go bhfoghlumuid, agus go mbía eagla bhur TTIGHEARNA Dé orra, agus go gcoimhéadaid uile bhríathra an dlighe si do dhéanamh:
13
Agus go ccluinfid a cclann, ag nach raibh fios éinneil he, agus go bfoghlumuid eagla bhur TTIGHEARNA Dé do bheith orra, an fad mhairfidhe ansa dúithche mar a ttéighthí tar Iordan dá shealbhughadh.
14
¶ Agus a dubhairt an TIGHEARNA re Maóise, Féach, atáid do láethe a ngar dhuit a ccaithfidh tú bás dfagháil: goir Iosua, agus taisbéanuidh sibh féin a ttabernacuil an chomhchruinnigh, chor go ttiubhra misi cúram dhó. Agus do imthígh Maóise agus Iosua, agus do thaisbéanadar íad féin a ttabernacuil an chomhchruinnigh.
15
Agus do fhoillsigh an TIGHEARNA é féin annsa tabernacuil a bpileur néill: agus do sheas piléur an neill ós cionn doruis an tabernacuil.
16
¶ Agus a dubhairt an TIGHEARNA re Maóise, Féuch, coideoluidh tú a bhfochair haithreadh; agus éireochuidh an pobalsa, agus rachuid do stríapachus a ndiáigh dée gcoimhidheach na tíre, a bhfuilid síad ag dul na measc, agus tréigfid misi, agus bhrisfid mo chunradh noch do rinne mé ríu.
17
Ann sin lasfuidh mfeargsa na naghuidh annsa ló sin, agus tréigfe mé íad, agus ceilfidh mé maghuidh orra, agus sluigfighear íad, agus tiucfaidh mórán uilc agus trioblóide orra; ionnus go naibeoruid síad san ló sin, Nach uime thangadar na huilcsi oruinn, mar nach bhfuil ar Ndía ar measc?
18
Agus go deimhin foileocha misi mo ghnúis an lá sin ar son a nuile olc oibreochuid síad, do chionn gur iompóigheadar chum dée oile.
19
Annois ar a nadhbharsin scríobhuidhsi an dánso dhíbh féin, agus múinidh do chloinn Israel é: cuiridh ann bhur mbhéuluibh é, chor go mbiáidh an dánsa na fhiadhnuisi agumsa a naghuidh chloinne Israel.
20
Oír a nuáir do bhéara misi don tír íad, noch do mhionnuigh mé dá naithribh, atá lán do bhainne agus do mhil; agus íosuid siad agus líonfuid íad féin, agus fhasfuid méath; annsin iompóchuid chum dée oile, agus foigheonuid dóibh, agus cuirfid fearg ormsa, agus brisfid mo chunnradh.
21
Agus tiucfa a gcrích, a nuair thuitfios iomadh uilc agus bhuáidhridh orra, go mbéuruidh an dánsa fiadhnuisi na naghaidh; óir ní dhearmodthar é as béuluibh a sleachda: óir is aithnidh dhamhsa a smuaintighe thionnsgnuid síad, a nois féin, suil do bhéara mé a steach íad don tír do mhionnuigh mé dhóibh.
22
Do scríobh Maóise ar a nadhbharsin an chainticsi an lá sin féin, agus do mhúin do chloinn Israel í.
23
¶ Agus do chuir dualach ar Iosua mhac Nun, agus a dubhairt, Bi láidir béodha: óir bhéara tú clann Israel don tír do mhionnuigh misi dhóibh: agus biáidh misi maille riot.
24
¶ Agus táinic a ccrích, a núair do chuir Maóise deireadh le bríathruibh an dlighesi do scríobhadh a leabhar, no gur críochnuighuidh íad,
25
Gur aithin Maóise do ná Lebhítibh, do iomchur aírc chunartha an TIGHEARNA, ghá rádh,
26
Glac an leabharso an dlighe, agus cuir a ttaobh airc chunartha do THIGHEARNA Dé e, chor go mbiáidh sé ansin mar fhíadhunisi ad aghuidh.
27
Oír atá fios do cheannairrge agumsa, agus do chrúadhmhuiníl: féachuidh, an fad ataímsi fós am bheathuidh aguibh a niugh, do bhábhair cogthach a naghuidh an TIGHEARNA; agus gá mhéid ní is mó ná sin déis mo bháis?
28
Cruinnighidh chugam sinnsir bhur ttreabh uile, agus bhur noifigidh, go labhra mé na bríathrasa iona gcluásuibh, agus go ngoirídh mé neamh agus talumh dfhiadhnuisi na naghaidh.
29
Oír atá fhios agum tar eís mo bháis go ttrúaillfidhigh sibh féin thrid amach, agus go niompochuidhigh do leath thaoibh as a tslighe do mhúin mé dhíbh; agús tuitfidh olc oruibh an sna laéthibh deighionacha; do brígh go ndéantáoi olc a bhfiadhnuise an TIGHEARNA, dá bhrostughadh chuin feirge tré oibreachuibh bhur lámh.
30
Agus do labhair Máoise a ccluasuibh chomhchruinnigh Israel uile briathra na canticesi, no gur críochnuigheadh íad.
← Chapter 30
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 32 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31
32
33
34