bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
Deuteronomy 28
Deuteronomy 28
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 27
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 29 →
1
Agus tiucfa a ccrích, má éisteann tú go dúthrachdach re glór do THIGHEARNA Dé, do choimhlíonadh agus do dhéanamh a aithneadh uile noch aithníghimsi dhiot a niugh, go gcuirfe do THIGHEARNA Día súas thú ós cionn gach uile chimeadh ar talumh:
2
Agus tiucfhaid na beanachdasa uile ort, agus bearuid ort, má éísteann tú ré glór do THIGHEARNA Dé.
3
Biaidh tú beannuigh sa chathruigh, agus biáidh tú beannuigh ansa mhachaire.
4
Budh bheannuigh bhías toradh do chuirp, agus toradh thfearuinn, agus toradh háirnéisi, biseach do bhó, agus biseach do thréud cáorach.
5
Budh beannuigh do bhascáeid agus do stór.
6
Budh beannuigh thú a nuáir thiucfas tú a steach, agus budh beannuigh thú a nuáir rachus tú amach.
7
Do bhéara an TIGHEARNA fa deara do naimhde noch éirgheas súas ad aghaidh do bhúaladh ad lathair: tiucfaid amach a néintslighe amháin ad aghaidh, agus teithfid romhad a seachd slighthibh.
8
Fuaigeoruidh an TIGHEARNA a bheannughadh ort ann do thigh stórúis, agus ann gach uile ní iona ccuírfe tú do lámh; agus béinneochuidh sé thú ansa dúithche do bheir do TIGHEARNA Día dhuit.
9
Daingneochuidh an TIGHEARNA thú mar phobal náomhtha dhó féin, mar do mhionnuigh sé dhuit, má choimhéadann tú aitheanta do THIGHEARNA Dé, agus siubhal iona shlighthibh.
10
Agus do chífe na huile dhaóine ar talumh go ngoirfighear thú a nainm an TIGHEARNA; agus biáidh eagl aaca romhad.
11
Agus do dhéana an TIGHEARNA saidhbhir a maóin thú, a ttoradh do chuirp, agus a ttoradh háirnéisi, agus a ttoradh do thalaimh, an sa dúithche noch do mhionnuigh an TIGHEARNA dot aithribh do thabhairt dhuit.
12
Oisceoluídh an TIGHEARNA a ionmhus maith dhuit, neamh do thabhairt fearthanna dot fhearann na ham féin, agus do bheannughadh uile oibreach do lámh: agus do bhéara tú áirleagadh do mhórán do chineadhachaibh, agus ní iarrfa tú áirleagadh.
13
Agus do dhéana an TIGHEARNA ceann díot, agus ní hearball; agus biáidh tú amháin a núachdar, agus ní bhiáidh tú a níochdar; má éistionn tú re haitheantuibh do THIGHEARNA Dé, noch aithnighimsi dhíot a niugh, dá ccoimhéad agus dá gcoimhlíonadh:
14
Agus ní racha tú a leathtaoibh ó éanfhocal dá labhruimsi riot a niugh ar a láimh dheis, nó ar a láimh chlé, do leanmhuin dée oile do dhéanamh seirbhíse dhóibh.
15
¶ Ach tiucfa a ccrích, muna numhluighe tú do ghlór do THIGHEARNA Dé, do chóimhéad a aithneadh uile do choimhlíonadh agus a reachda uile noch aithnighimsi dhíot a niugh; go ttiucfuid na mallachdasa uile ort, agus go mbéaruid ort:
16
Biáidh tú malluigh an sa chathruigh, agus biáidh tú malluigh an sa machaire.
17
Biáidh do bhascáeid agus do stór malluigh.
18
Biáidh toradh do chuirp malluigh, agus toradh thfearuinn, biseach do bhó agus do thréad cáorach.
19
Biáidh tú malluigh a nuáir thiucfas tú a steach, agus biáidh tú malluigh a nuáir rachus tú amach.
20
Cuirfe an TIGHEARNA mallughadh ort, agus buáidhreadh, agus míochlú, an sa nuile ní iona cuirfe tú do lámh dá dhéanamh, nó go tuitfe tú, agus go nimthidh tú seachad go hobann; do chionn urchóide do ghníomh, ler thréig tú misi.
21
Do bhéaruidh an TIGHEARNA fa deara don phláigh leanmhuin díot, nó go scriosfa sé thú as an ttír, a bhfuil tú ag dul dá shealbhughadh.
22
Buailfidh an TIGHEARNA thú le cnaói, agus lé fiabhrus, agus le hainteas, agus lé loscadh iomarcach; agus leis an gcloidhiomh, agus le feochadh, agus lé gaóthruaidh; agus leanfuid síad thú nó go nimthigh tú seachad.
23
Agus budh prás an spéir bhías ós do chionn, agus íarann an talumh bhías fúd.
24
Do dhéana an TIGHEARNA luáithreadh agus créafóg dfearthuinn do dhúithche: a núas ó neamh thiucfa sé ort, nó go marbhthar thú.
25
Do bhéara an TIGHEARNA fa deara do bhualadh a lathair do námhad: rachaidh tú amach a néintslighe amháin na naghuidh, agus teithfe tú a seachd slighthibh rompa: agus áthrochthar thú da gach éainrioghachd ar an ndomhan.
26
Agus biáidh do chorp na fheóil ag éanlaith a naíeir uile, agus ag beathachuibh na talmhan, agus ní ruaicfidh éanduine dhíot íad.
27
Buailfidh an TIGHEARNA thú lé neascóidibh na Hégipte, agus leis na heamoroidibh, agus leis na gearbuibh, agus le tochus, da nach féadfuighear do leighios.
28
Buáilfe an TIGHEARNA thú le buile, agus le dáille, agus le crith chroidhe:
29
¶ Agus do dhéana tú lámhagán a meadhon an láoi mar ghreamuighios an dall san dorchadas, agus ni bhéara tú biseach ann do shlighthibh: agus biáidh tú brúite amháin agus millte go bráth, agus ní dhídeonuidh éanduine thú.
30
Pósfa tú béan, agus luighfe duine eile lé: do dhéana tú tigh, agus ní áitreabha tú féin ann: cuirfe tú fíneamhuin, agus ní chruinneocha tú a cáora.
31
Muirfighear do dhamh as coinne do shúl, agus ní íosa tú gréim dhe: béarthar hassal ar éigin uáit as coinne haighthe, agus ní haiseocthar dhuit é: béarthar do chaórigh dot námhuid, agus ní biáidh duine agad bhainfeas amach íad.
32
Béarthar do mhic agus hinghiona do dháoinibh oile, agus do chífe do shúile é, agus faillfid ort lán dfoun a tteachda chugad ar feadh an laé: agus ní biáidh camhachda ar bith ann do láimh.
33
Iósuid fineadhacha nach aithnid duit tórtha do dhúithche, agus do shaothair uile; agus biáidh tusa amháin fa dháeirsi gud bhrughadh a gcomhnuidhe:
34
Ionnus go mbía tú ar mire tre radharc do shúl noch do chífeas tú.
35
Buáilfidh an TIGHEARNA thú ann do ghlúinibh, agus ann do chosuibh, le droch bholguidh nach éidir do shlánughadh, ó bhonn do choise go mullach do chinn.
36
Béaruidh an TIGHEARNA thú féin, agus an rígh chuirfeas tú os do chionn, go tír nár baithnidh dhuit féin nó dot aithribh; agus annsin do dheana tú serbhís do dhéeibh oile, do chrannuibh agus do chlochuibh.
37
Agus biáidh tú ad úathbhás, agus ad sheanrádh, agus ad fhorfhocul a measc na nuile chineadh gus a mbéara an TIGHEARNA thú.
38
Béara tú mórán síl amach fán machaire, agus ní chruinneocha tú achd beagán a steach; óir iosuid na lócuistigh é.
39
Cuírfe tú fíneamhna, agus deiseocha tú íad, gidheadh ní ibhthe tú don nfíon, agus ní chruinneocha tú na cáora; óir iosuid na péiste iad.
40
Beid cráinn ola agad ar feadh do théorann uile, achd ní ungfa tú thú féin leis a nóla; oir sgeithfidh do chrann ola a mheas.
41
Ginfe tú mic agus inghiona, agus ní budh leachd fein íad; óir rachuid a mbraighdionus.
42
Millfid na lócuistigh do chrainn uile agus sochar thfearuinn.
43
An coimhidhtheach bhías bhur measc éireochuidh sé súas ós do chionn go ro árd; agus ísleochthair thusa go ro ísiol.
44
Do bhéara sé áirleagadh dhuit, agus ní thiubhra tusa íasachd dósan: biáidh sé na cheann agad, agus budh tusa an tearball.
45
Os a chionn sin tiucfuid na mallachdasa uile ort, agus leanfuid thú, agus béaruid ort, nó go milltior thú; do chionn nár umhluidh tú do ghlór dod THIGHEARNA Dé, do choimhead a aithéanta agus a reachd noch do aithin sé dhíot:
46
Agus béid síad ort mar chomhartha agus mar iongnadh, ar do shliochd go bráth.
47
Do chionn nach déarna tú serbhís dot THIGHEARNA Día lé gáirdeachus, agus le luthgháir chroidhe, ar son iomadamhlas an nuile neithe.
48
Uime sin do dhéana tú serbhís dot námhuid noch chuirfios an TIGHEARNA ad aghuidh, a nocrus, a ttart, a dtárrnochdachd, agus a ríachdanus gach uile neithe: agus cuirfe sé cuing iaruinn ar dó mhuinéul, nó go scriosfa sé thú.
49
Do bhéara an TIGHEARNA cineadh ó áit imchián ad aghuidh, ó imiol an domhuin, comhlúath agus eitiollus an tiólar; cineadh nach ttuicfe tú a tteanga;
50
Cineadh gá mbía gnúis bhorb, nach bhféachfuidh do phearsuinn ársuigh, agus nach ttaisbeanuidh fabhar don nóg:
51
Agus iosuidh sé sochar háirnéisi, agus toradh thfearuinn, nó go madh marbh thú: noch mar an ccéadna nach bhfúigfidh arbhar, nó fion, nó ola, nó biseach do bhó, nó do thréud caorach, nó go scriosfa sé thú.
52
Agus suighfidh sé ad bhun ann do uile dhoirsibh, nó go mbristior síos do bhalluidhe árda daingne, ann ar chuir tú do dhóigh, ar feadh do chríche: agus suighfidh sé ad bhun ann huile dhoirsibh ar fad do thíre uile, noch do thug do THIGHEARNA Día dhuit.
53
Agus íosuidh tú toradh do chuirp féin, feoil do mhac agus hinghean, (noch do thug do THIGHEARRNA Día dhuit), ansa champa, agus annsa chumhgach, lé millfid do naimhde thú:
54
Ionnus an té bhías máoth bhur measg, agus ro dheaghmhaiseach, go mbía a shúil go holc a ttaobh a dhearbhráthar, agus a ttaobh mhná á bhrolluigh, agus a ttaobh na bfuighioll dá chloinn fhúigfios sé:
55
Ionnus nach ttiubhra sé déinneach aca roinn dfeóil a chloinne íosas sé: do chionn nár fágbhadh éainní ansa champa aige, agus annsa chumhgach, lé mbuáidheoruidh do naimhde thú an do dhoirsibh uile.
56
An bhean mháoth mhaiseach bhías bhur measc, nach luaighfeadh bonn a coisi do bhuain ré talumh lé fínialtas, agus lé rimheighe biáidh a súil go holc a ttaobh fhír á brolluigh, agus a ttaobh a mic, agus a ttaobh a hinghine,
57
Agus a ttaobh a hóig thig amach as idir a dá cois, agus a ttaobh a cloinne noch bhéarus si: óir íosuidh sí íad duireasbhuidh éainneithe eile go secréideach, sa ccampa agus ansa gcumhgach lé mbuaidheoruidh do námhuid thú ann do dhoirsibh.
58
Muná ccoimhéada tú uile bhríathra an dlighesi dá ndéanamh mar atáid scríobhtha ansa leabharsa, chor go mbia eagla a nanma ghlórmhuir bhaoghluidhsi ort, DO THIGHEARNA DIA;
59
Annsin do dhéana an TIGHEARNA do phlágha iongantach, agus plágha do shleachda, plágha móra, agus mhairfios á bhfad, agus tinnios doilghe, fadálach.
60
Mar an gcéadna do bhéara sé ort uile éasláinteadh na Hégipte, roimhe a raibh eagla ort; agus ceaingeoluid dhíot.
61
Mar an gcéadna gach éaineaslainte, agus gach uile phláigh, nach bhfuil scríobhtha a leabhar an dlighesi, do bhéara an TIGHEARNA íad sin ort, nó go scriostar thú.
62
Agus is beag a nuibhir fhúigfighear dhíbh, a nionad go rabhabhair mar réulta nimhe ar iomadamhlachd; do chionn nar umhluigh tú do ghuth do THIGHEARNA Dé.
63
Agus tiucfuidh a ccrích, mar do ghairdigh an TIGHEARNA ós bhur ccionnsa do dhéanamh bhur maitheasa, agus da bhar méadughadh; marsin gháirdeochus an TIGHEARNA ós bhur gcionn dá bhur scrios, agus do dhéanamh neimhní dhaóibh; agus tairreongthar sibh as an ttalumh a bhfuiltí ag dul dá shealbhughadh.
64
Agus sgaipfuigh an TIGHEARNA ar fud gach uile phobuil thú, ón gcionn go chéile don talumh eadhon gus an gcuirr eile; agus ansin foigheonuidh tú do dheeibh oíle, nach ar bhíul duit féin nó dot aithribh, eadhon do chrannuibh agus do chlochuibh.
65
Agus ní bhfuighe tú suáimhneas ar bith a measc na gcineadhachsa, ní mó gheabhas bonn do choise socamhal: ach do bhéara an TIGHEARNA dhuit ann sin croidhe criothánach, agus claochlogha radharc, agus doilghios inntinne:
66
Agus biáidh hanum croichte a gcuntabhairt as do choinne; agus biáidh eagla ort do ló agus doidhche, agus ní bhiáidh daingion ar bith agad ar hanum:
67
Agus déara tú ar maidin, A Dhé nach é an tráthnóna tá ann! agus déura tu tráthnóna, A Dhé nach í an mhaidin atá ann! tré eagla do chroidhe lé mbía eagla ort, agus tre radharc do shúl noch de chífeas tú.
68
Agus do bhéara an TIGHEARNA don Négipt a ris tú a longuibh, air ar labhair mé riot annsa tslighe, Ní fhaicfe tú ní bhus mó a rís í: agus annsin reacfuighear sibh re bhur naimhdibh mar fhearuibh agus mar mhnáibh dáora, agus ní cheainneochuigh éanduine sibh.
← Chapter 27
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 29 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31
32
33
34