bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
Deuteronomy 18
Deuteronomy 18
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 17
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 19 →
1
Ni Bhfuighid na sagairt Lebhítigh, agus treabh Lébhi uile, roinn nó oighreacht a Nisrael: íosuid síad ofrála an TIGHEARNA déanta lé teinidh, agus a oighreachd.
2
Uime sin ní bhfuighid oighreachd ar bhith a measg a ndearbhráithreach: sé an TIGHEARNA a noighreachdsan, mar a dubhairt sé riu.
3
¶ Agus budh é so ceart na sagart ón phobal, ón droing ofralus iodhbairt, ma damh nó ma caora; go ttiubhraid don tsagart an slennéan, agus an dá ghíall, agus an mhéudal.
4
Céadthoradh harbhair mar an ecéadna, agus thfíona, agus hola, agus primidil lomraidh do cháorach, do bhéura tú dhó.
5
Oír do thogh do THIGHEARNA Día eision amach as do threabhuibh uile, do sheasamh do dhéanamh serbhíse a nainm an TIGHEARNA, é féin agus a mhic go bráth.
6
¶ Agus má thig Lebhíteach as áon dot dhoirsibh amach as Israel uile, mar a ndéarna sé comhnuighe, agus má thig sé maille re toil a inntinne don náit thoighfeas an TIGHEARNA;
7
Ann sin do dhéana sé miniostralachd a nainm a THIGHEARNA Dé, mar do níd a dhearbhráithre uile na Lebhitigh, sheasas ann sin a bhfiaghnuisi an TIGHEARNA.
8
Do gheabhuid uirid ré chéile re ithe, táobh amuich don ní thig ó mhalairt a athardháchd.
9
¶ A nuáir thiucfas tú don dúithche do bheir do THIGHEARNA Día dhuit, ní fhoghluimfe tú dhéanumh do réir adhfhuathmhaireachd na gcineadhach sin.
10
Ní bhfuighthior bhur measc éanduine bhéurus air a mhac no air inghin dul thríd an tteinidh, nó ghnáthuighios fáistine, nó coimheaduighe aimsior, nó geasadóir, nó luchd piséog,
11
Nó draói, nó fear dhéanta comhairle re leannan síth, nó faistineach, no duibhelneach.
12
Oír a nuile dhuine do ní na neithesi is adhfhuathmhaireachd don TIGHEARNA iad; agus do chionn na ngraineamhlachdasa do dhíbir do THIGHEARNA Día amach romhad iad.
13
Biáidh tú iomlán ag do THIGHEARNA Día.
14
Oír do umhluigheadar na críochasa, noch shealbhochus tú, do luchd adhartha aimsear, agus do luchd fáistine: acht ar do shonsa, nior fhuiling do THIGHEARNA Día dhuitsi sin do dhéanamh.
15
¶ Tóigfe do THIGHEARNA Día Fáigh dhuit as do lár féin amach, dot dhearbhráithribh, mar misi; dhó sin umhlochtaoi;
16
Do réir a nuile neithe dar íarr tú ar do THIGHEARNA Día ann Horeb a ló an chomhchruinnighe, ghá rádh, Ná cluinim a rís guth mo THIGHEARNA Dé, agus ná faicim an teinidh rómhorso ní ís mó, chor nach bhfuighe mé bás.
17
Agus a dubhairt an TIGHEARNA riomsa, Is maith a dubhradar ar labhradar.
18
Tóigfe misi dhóibh Fáigh amach as a ndearbhráithribh féin, budh cosmhuil riotsa, agus cuirfe mé mo bhríathra ann a bhéul; agus laibheoruidh sé ríu a nuile ní dá naitheonadsa dhe.
19
Agus is amhla bhías, gidh bé ar bith nach éistfidh ream bhriathruibhsi noch laibheorus seision am ainmsi, beanfad cuntus de ann.
20
Achd an fáigh, gheabhus do labhairt a mainmse, focal nach ar aithin mise dhe a labhairt, nó laibheorus a nainm dee oile, cuirfighear an fáigh sin go deimhin chum báis.
21
¶ Agus má deir tú ad chroidhe, Cionnus bhías fios an fhocail nár labhair an TIGHEARNA aguinn?
22
A nuaír laibheorus fáigh a náinm an TIGHEARNA, muna ttí an ní sin a gcrich, nó nach biáidh mar sin, sé sin un ní nár labhair an TIGHEARNA, ach do labhair an fáigh go handóthchusach: ní bhiaidh eagla ort roimhe.
← Chapter 17
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 19 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31
32
33
34