bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
Deuteronomy 30
Deuteronomy 30
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 29
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 31 →
1
Agus tiucfa a gcrích, a nuáir thiucfaid na neithesi uile ort, an beannughadh agus an mallughadh, noch do chuir misi as do choinne, agus chuimhneochus tú orra a measg na nuile chríoch, chum ar dhíbir do THIGHEARNA Día thú,
2
Agus fhillfeas tú chum do THIGHEARNA Dé, agus uimhleochus tú dá ghlór do réir á nuile neithe aithnighimsi dhíot a niugh, thú féin agus do chlann, red chroidhe uile, agus red anum uile;
3
Ann sin go niompochuidh do THIGHEARNA Día do dhaóirse, agus go mbía truáighe aige dhuit, agus go bhfillfidh agus go ccruinneochuigh sé thusa as gach uile chineadh, a gcionn ar dhíosgaóil do THIGHEARNA Día thú.
4
Má dhíbearthar éanchuid agud don chuid is faide uáit don domhan, cruinneochuidh do THIGHEARNA Día as sin thú, agus do bhéara sé as sin thú:
5
Agus do bhéaruidh do THIGHEARNA Día thú don tír do shealbhuigheadar haithre, agus sealbhochuidh tusa í: agus do dhéana sé maith dhuit, agus foirlíonfuidh sé thú ós cionn haithreadh.
6
Agus timchillghearrfuidh do THIGHEARNA Día do chróidhe, agus croidhe do shleachda, do ghrádhughadh do THIGHEARNA Dé red chroidhe uile, agus led anum uile, chor go mairfe tú.
7
Agus cuirfe do THIGHEARNA Día na mallachdasa uile ar do naimhdibh, agus ar an méid lér fuath thú, noch do rinne inghreim ort.
8
¶ Agus fillfe tú agus uimhleocha tú do ghuth an TIGHEARNA, agus do dhéana tú a nuile ní noch aithnighimsidhíot aniugh.
9
Agus do dhéana do THIGHEARNA Día saidhbhir thú a nuile obair do láimhe, a ttoradh do chuirp, agus a sochar do mhaóine, agus a mbíseach thfearuinn, ar mhaith: óir do dhéana an TIGHEARNA gáirdeachus ionnad ar mhaith, mar do gháirdigh sé ós cionn haithreadh:
10
Má éisteann tú ré guth do THIGHEARNA Dé, do dhéanamh a aithneadh agus a reachda atá scríobhtha ansa leabharso an dlighe, agus má fhilleann tú chum do THIGHEARNA Dé led chroidhe uile, agus led anum uile.
11
¶ Oír a naithnesi noch aithnighimse dhíot a niugh, ní bhfuil a bhfolach ort, nó a bhfad uáit.
12
Ní ar neamh atá sí, chor go naibeorthá, Cía rachus dúinn súas ar neamh dá tabhairt chuguinn, chor go gcluinfiom í, agus go ndéanam í?
13
Ní mó is taobh thall dfairge atá sí, go naibeorthá, Cía rachus tar fairge a nonn uáinn, dá tabhairt chuguinn, chor go gcluinfemis, agus go ndéinmís í?
14
Acht atá an bhriathar róghear dhuit, ann do bhéul, agus ann do chroidhe, chor go ndéantá í.
15
¶ Féuch, do chuir mé síos a niugh dhuit: beatha agus maith, bás agus olc:
16
An tan do aithin mé dhíot a niugh do TIGHEARNA Día do ghrádhughadh, agus siubhal iona shlighthibh, agus a aitheanta do choimhlíonadh agus a reachda agus a bhreitheamhnuis, chum go mbeithfeá béo agus go bhfoirlíonfa: agus beannochuidh do THIGHEARNA Día thú an sa dúithche a bhfuil tú ag dul dá shealbhughadh.
17
Ach má iompóighion do chroidhe úadh, ionnus nach éistfe tú, ach go ttairngthear uadh tú, agus go nadhoruidh tú dée oile, agus go bhfoigheonuidh tú dhóibh;
18
Fúagruimsi dháoibh a niugh, go scriosfuighear sibh go deimhin, agus nach bhfaideochthaói bhur láethe ar an ndúithche, a tteighthí a nonn tar Iordán do dhul dá sealbhughadh.
19
Gairim neamh agus talumh a niugh dfiaghnuisi bhur nághuidh, gur fhoillsigh mé as bhur gcoinne, beatha agus bás, beannughadh agus mallughadh: uimesin beir beatha do roghuin, ionnas go mairfe tú féin agus do shliochd:
20
Ionnus go ngráidheochuidh tú do THIGHEARNA Día, agus go nuimhleocha tú dá ghuth, agus go ndruidfe tú ris: óir is é sin do bheatha, agus fadughadh do láetheadh: chor go ccoimhneocha tú ansa dúithche noch do mhionnuigh an TIGHEARNA dot aithribh, do Abraham, Dísaac, agus do Iácob, do thabhairt dóibh.
← Chapter 29
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 31 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31
32
33
34