bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
Deuteronomy 9
Deuteronomy 9
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 8
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 10 →
1
Eist, ó a Israel: Atá tú ag dul tar Iordan san ló aniugh, do shealbhughadh cineadhach is mó agus is láidre ná thú féin, caithreacha mora agus cumhdaighthe súas go neamh,
2
Daoine móra agus árrachda, clann na Nauacimeach, noch is aithne dhuit, agus gha gcúala tú teachd thársa, Cia le na ttiucfadh seasamh a naghuidh chloinne Anac!
3
Tuig ar a nadhbharsin a niugh, gur bé an TIGHEARNA do Dhía, théid romhad; mar theinidh loisgnigh claoidhfidh sé íad, agus cuirfe sé sios íad as coinne haighthe: mar sin dhíbéorus tú amach íad, agus scriostas tú go lúath íad, mar a dubhairt an TIGHEARNA riot.
4
Ná habairsi ann do chroidhe, tar eís an TIGHEARNA do Dhía dá tteilgion amach romhad, ghá rádh, Ar son mfíréantachda thug an TIGHEARNA a steách mé do shealbhughadh an nfearuinnsi: achd ar son pheacuidh na gcineadhachsa chuirios an TIGHEARNA amach romhad íad.
5
Ní ar son thfiréantachda, no direachdas do chroidhe, théid tú do shealbhughadh a bhfearuinn: achd ar son chionta na gcineadhachsa chuirios an TIGHEARNA do Dhía amach romhad íad, agus chor go gcoimhlíonfadh an focal noch do mhionnuigh an TIGHEARNA dot aithribh, Abraham, Isaac, agus Iácob.
6
Tuig ar a nadhbharsin, nach dtabhairan an TIGHEARNA do Dhía an fearann maithsi dhuit dá shealbhughadh ar son thfiréantachda féin; óir is pobal crúadhmhuinéil thú.
7
¶ Agus cuimhnigh, agus ná dearmuid, mar do bhrostuigh tú an TIGHEARNA do Dhía chum feirge san bhfásach: ón ló fár fhág tú amach críoch na Hégipte, nó go ttáinic tú don náitsi, do bhabhair cogthach a naghuidh an TIGHEARNA.
8
Mar an gcéadna an Horeb do bhrostnigh tú an TIGHEARNA chum feirge, ionnus go raibh an TIGHEARNA feargach ribh chum bhur millte.
9
A nuáir do chúaidh misi súas annsa tslíabh do ghlacadh na cclár ccloichthe, cláir an chunnartha noch do rinne an TIGHEARNA ribhsi, annsin do rinne me comhnuighe ann sa tsliabh ceathrachad lá agus ceathrachad oidhche, níor ith mé arán agus ní mó do ibh mé uisge:
10
Agus do thug an TIGHEARNA dhá chlár chloiche dhamh scríobhtha lé méur Dé; agus do bhí scríobhtha orra sin do réir a nuile bhriathar, do labhair an TIGHEARNA ribhsi annsa tsliabh amach as lár na teineadh a ló an chomhchruinnigh.
11
Agus tárla ccionn cheathrachad lá agus cheathrachad oidhche, go ttug an TIGHEARNA dhamh an dá chlár chloiche, eadhon cláir an chunnartha.
12
Agus a dubháirt an TIGHEARNA riom, Eirigh, imthigh síos go lúath as so; óir do thruaill do phobal noch thug tú amach as a Négipt íad fein; do fhilliodar go hobann as an tslighe do aithin misi dhíobh; do rinneadar iómháigh leaghtha dhóibh féin.
13
Os a chionn sin, do labhair an TIGHEARNA riomsa, dha rádh, Do chonnairc mé an pobal so, agus, féuch, is daóine crúadhmhuiníl íad:
14
Léig dhamh, ionnus go scriosfa mé íad, agus go mbaithidh mé amach a nainm ó bheith faói neamh: agus do dhéana mé dhíotsa cineadh is mó agus is cumhachdnigh ná iad.
15
Mar sin do fhilleas agus tánag a núas ón tslíabh, agus do bhi an shabh tré lasadh ó theinidh: agus do bhádar dhá chlár an chunnartha an mo dhá láimh.
16
Agus damhairc mé, agus, féuch, do pheacuigheabhairsi a naghuidh an TIGHEARNA bhur Ndía, agus do rinneabhair dhaóibh féin láogh leaghtha: diompóigheabhair go lúath sibh féin ón tslighe do aithin an TIGHEARNA dhíbh.
17
Agus do ghlac misi an dá chlár, agus do theilg mé as mo dhá láimh íad, agus do bhris mé ós coinne bhur súl íad.
18
Agus do thuit mé síos ós coinne an TIGHEARNA, mar an gcéud úair, ceathrachad lá agus ceathrachad oidhche: níor ith mé arán, agus ní mó dibh mé uisge, ar son na nuile pheacadh do pheacuigheabhairsi, ag déanamh cionnta a radharc an TIGHEARNA, do chur feirge air.
19
Oír do bhí eagla na feirge orm agus an míothaitnidh mhóir, lé a raibh an TIGHEARNA feargach bhur naghuidhsi dá bhur milleadh. Achd do éist an TIGHEARNA riom a nuairsin mar an gcéadna.
20
Agus de bhí an TIGHEARNA ro fheargach re Háaron chum a mhillte: agus do ghuidh misi ar son Aáron fós a núair chéadnasin.
21
Agus do ghlac mé bhur ccoir, an láogh do rinneabhair, agus do loisg mé lé teinidh é, agus do bhrúigh mé é, agus do mheil mé go roimhín é, eadhon go raibh choimín re luáithreadh: agus do chaith mé a luáithreadh ionsa nabhuinn thig a núas as an tslíabh.
22
Agus do bhrostuigheabhair an TIGHEARNA chum feirge a Ttaberah, agus in Masa, agus in Cibrot‐hatáabhah.
23
Ar an modh gcéadna a núair do chuir an TIGHEARNA sibh as Cades‐barnea, gha rádh, Eirighe súas, agus sealbhúighe an fearann thug misi dhíbh; annsin do chathuigheabhair a naghaidh aithne an TIGHEARNA bhur Ndía, agus níor chreideabhair é, agus níor éisteabhair re na ghuth.
24
Do bhábhair ceannairceach a naghuídh an TIGHEARNA ón ló fár aithnid dhamhsa sibh.
25
Marso do thuit mé síos a bhfíadhnuisi an TIGHEARNA ceathrachad lá agus ceathrachad oidhche, mar do thuit mé síos an chéad úair; do chionn go ndubhairt an TIGHEARNA go millfeadh sé síbh.
26
Do ghuidh misi ar a nadhbharsin an TIGHEARNA, agus a dubhairt mé, A TIGHEARNA a Dhé, ná mill do pobal agus hoighreachd, noch no fhúascuil tú led mhórdhachd, noch thug tú amach as a Négipt lé láimh láidir.
27
Cuimhnigh do sheirbhísigh, Abraham, Isaac, agus Iácob; ná féuch ar easurramachd na ndaóinesi, nó ar a nolc, nó ar a bpeacadh:
28
Ar eagla go naibéoradh an dúithche as a ttug tú amach sinn, Do bhrígh nar fhéud an TIGHEARNA a mbreith don tír do gheall sé dhóibh, agus do bhrígh gur fhúathuigh sé íad, thug sé amach íad da marbhadh fan bhfásach.
29
Gidheadh síad do phobalsa íad agus hoighreachd, noch thug tú amach led neart chumhachdach agus led righ sínte amach.
← Chapter 8
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 10 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31
32
33
34