bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
Deuteronomy 5
Deuteronomy 5
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 4
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 6 →
1
Agus do ghoir Maóise Israel uile, agus a dubhairt riú, Eist, ó a Israel, ris na statúide agus na breitheamhnuis noch labhruimsi ann bhur ccluasuibh a niugh, go bhfoghlumtháoi íad, agus go ccoimhéadfáoi, agus go ndeantáoi íad.
2
Do rinne an TIGHEARNA ar Ndía cunnradh rinn an Horeb.
3
Ní dheárna an TIGHEARNA an cunnradhso ler naithribh amháin, achd rinne, eadhon rinne, noch atá beó annso a niugh.
4
Do labhair an TIGHEARNA ribh aghuidh ar aghuidh annsa tslíabh amach as lár na teineadh,
5
(Do sheas mísi idir an TIGHEARNA agus sibhsi an tansin, do thaisbéanadh bhreithre an TIGHEARNA dhíbh: óir do bhí eagla oruibh do bhrígh na teineadh, agus ni dheachabhair súas annsa tslíabh;) dhá rádh,
6
¶ Is misi an TIGHEARNA do Dhía, noch thug amach thú as crích na Hégipte, as tigh na dáoirsi.
7
Ní bhía Dia ar bith oile agad am láthairsi.
8
Ní dhéana tú dhuit féin íomháigh ar bith ghrabhálta, nó cosamhlachd neithe ar bith dá bhfuil a bhflaitheamhnus shúas, nó dhá bhfuil san talumh shios, nó dhá bhfuil ansna huisgedhibh faói an talumh:
9
Ní chláonfa tú thú féin sios dóibh ní dhéana tú serbhís dóibh: óir misi an TIGHEARNA do Dhía is Día éudmhar mé, agrus cionnta na naithreadh ar an gcloinn go nuige an treas agús an ceathrámhadh glún don mhéid fhuáthuighios mé,
10
Agus thaisbeanas trócaire do mhiltibh don luchd ghrádhuighios mé agus choimhéadas maitheanta.
11
Ní thiubhra tú ainm an TIGHEARNA do Dhé go diomháoin: óir ní mheasfuidh an TIGHEARNA neimhchiontach an té bheir a ainm go díomhaóin.
12
Coimhéid lá na Sábbóide dhá náomhadh, mar do aithin an TIGHEARNA do Dhía dhíot.
13
Sé lá oibreochus tú, agus dhéanas tú hobair uile:
14
Achd an seachdmhadh lá sé Sábboid an TIGHEARNA do Dhé é: ní dhéana tú obair ar bíth ann, thú féin nó do mhac, nó hinghean, nó hóglach, nó do bhanóglach, do dhamh, nó hassál, nó áon dod áirnéis, nó an coimhidheach at á táoibh a stigh dod dhoirsibh; go madh féidir léd óglach agus led bhanógláoich suaimhneas do ghlacadh mar thú féin.
15
Agus cuimhnigh go raibh tú féin ad sheirbhiseach a ccrích na Hégipte, agus go ttug an TIGHEARNA do Dhía amach as sin thú lé láimh láidir agus lé righe shínte amach: uime sin do aithin an TIGHEARNA do Dhía dhíot an tsábbóid do choimhéud.
16
¶ Tabhair onóir dod athair agus dod mhathair, mar do aithin an TIGHEARNA do Dhía dhíot; chor go bhfaideochtháoi do laéthe, agus go rachadh go maith dhuit, annsa dúthaigh noch do bheir an TIGHEARNA do Dhía dhuit.
17
Ní dhéana tú dúnmharbhadh.
18
Ní dhéana tú adhaltrannus.
19
Ní dhéana tú goid.
20
Ní dhéana tú fiadhnuise bréige a naghaidh do chomharsann.
21
Ní shainteocha tú bean do chomharsann, ní mó shainteochus tú tigh do chomharsann, a fhéarann, nó a óglach, nó a bhanóglach, a dhamh, nó a assal, nó éinní is lé do chomharsuinn.
22
¶ Do labhair an TIGHEARNA na bríathrasa re bhur ccoimhthionól uile annsa tslíabh amach as lár na teineadh, an néill, agus an dorchaduis thiugh, ré guth mór: agus níor chuir ní is mó leis. Agus do scriobh íad an ndá chlár chloiche, agus thug dhamsa íad.
23
Agus tarla, a nuáir do chúalabhairsi an guth amach as lár an dorchaduis, (óir do las an slíabh le teinidh, go ttangabhair laimh riumsa, cinn bhur ttreabh, agus bhur sinnsir;
24
Agus a dubhrabhair, Féuch do thaisbéin an TIGHEARNA ar Ndía a ghloir dhúinn agus a mhórdhachd, agus do chúalamar a ghuth amach as lár na teineadh: do chonncamar a niugh go labhrann Día ré duine, agus go mairionn sé.
25
Annois ar a nadhbharsin cread fá bhfuighimisne bás? óir loiscfidh an teine mhórsa sinn: má chluinmíd guth an TIGHEARNA ar Ndía ní is mó, annsin do gheabham bás.
26
Oír cía atá ann do nuile fheóil, noch do chúaluidh guth Dé bhí ag labhairt amach as lár na teineadh, mar do chúalamairne, agus mhair?
27
Eírighsi a bhfogus, agus éist re gach ní dá naibeóra an TIGHEARNA ar Ndía: agus labhairsi rinne a nuile ní déaras an TIGHEARNA ar Ndía riot; agus éistfiumne, agus do dhéanum é.
28
Agus do chúaluidh an TIGHEARNA foghar bhur mbríathar, a nuáir do labhrabhair riomsa; agus a dubhairt an TIGHEARNA riom, Do chúalaidh mé fúaim bhríathar na muinntiresi, noch do labhradar riotsa: is maith a dúbhradar a nuile ní dár labhradar.
29
O gan a leithéid sin do chroidhe ionnta, go mbía meaglasa orra, agus go gcoimhéadaidís maitheanta a ccomhnuidhe, chor go mbiáidh sé go maith aca, agus agá ccloinn go bráth.
30
Eírigh abair riú, Eirghidhe dá bhur lóistinibh a rís.
31
Achd ar do shonsa, seas am fhochairsi annso, agus laibheóra mé riot na haitheanta uile, agus na statúide, agus na breitheamhnuis, noch do theagóscus tú dhóibh, chor gó ndéanuid iad, annsa dúthaigh do bhéara misi dhóibh re na sealbhughadh.
32
Do bhéartháoi dá bhur naire ar a nadhbharsin go ndeárntáoi mar do aithin an TIGHEARNA bhur Ndía dhíbh: ní chasfuidhe a leaththáoibh ar bhur láimh dheis nó chlé.
33
Siubhólfáoi annsna huile shlighthibh dar aithin an TIGHEARNA bhur Ndía dhíbh, chor go mairfidhe, agus go mbeithear go maith aguibh, agus go bhfáídeochtháoi bhur laéthe annsa dúthaigh noch shealbhochtháoi.
← Chapter 4
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 6 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31
32
33
34