bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
Deuteronomy 7
Deuteronomy 7
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 6
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 8 →
1
Anuair do bhéura an TIGHEARNA do Dhía thú don tír a bhfuil tú ag dul dá shealbhughadh, agus ar tteilgean amach mhóráin cineadhach romhad, na Hititigh, agus na Girgasitigh, agus na Hamorítigh, agus na Cananítigh, agus na Perisítigh, agus na Hibhitigh, agus na Iebusitigh, seachd gcíneadhacha ba mhó ná sibhse agus ba cumhachduigh;
2
Agus a nuáir do bhéara an TIGHEARNA do Dhía dhuit íad; buáilfe tú íad, agus scriossuidh tú íad thríd a mach; ní dhéana tú cunradh air bith riú, nó trócaire do thaisbeanadh dhóibh:
3
Ní mó dhéanas tú pósadh ar bith riú; ní thiubhra tú hinghean dá mhac, agus ní ghlacfa tú a inghion dod mhac.
4
Oír fillfid síad do mhae ó misi leanmhuin, chum serbhísi do dhéanamh do dheéibh oile: mar sin bhías fearg an TIGHEARNA ar na lasadh ad aghaidh, agus léirscriósfa sé thú go hobann.
5
Ach marso do dhéantaoi riú; teilgfidhe seachad a naltóra, agus bristidhe síos a níomháighe, agus gearrfuidhe síos a garrain, agus loiscfidhe a níomháighe grabhálta le teinidh.
6
¶ Oír is pobal naomhtha don TIGHEARNA do Dhía thusa: do thogh an TIGHEARNA do Dhía thú chum bheith na phobal áirigh aige féin, ós cíonn gach uile phobail da bhfuil ar aghuidh na talmhan.
7
Ní thug Día a ghrádh dháoibh, agus níor thogh sibh, dó chionn gur mó a nuibhir sibh ná pobal ar bith; óir ba sibh pobal ba lugha do nuile phobal:
8
Achd do chionn gur ghrádhuigh an TIGHEARNA sibh, agus do chionn go ccomhailfadh na mionna thug sé dá bhur naithribh, thug an TIGHEARNA amach sibh lé láimh lái lir, agus do fhúascuil sé amach as tigh na dáoirse sibh, as láimb Phárao righ na Hégipte.
9
¶ Biodh a fhios agad ar a nadhbharsin gur bé an TIGHEARNA do Dhia, ís Día ann, Dia firinneach, noch choimhéadas a chunnradh agus a thrócaire don droing ghrádhuigheas é agus choimhlíonus a aitheanta, go míle geinealach;
10
Agus chíntighios ris a ndroing fhúathuigheas é as coinne a naighthe, dá scrios: ní bhía sé mainneachdnach ris an té fhuáithigheas é, cúiteochuidh sé ris é as coinne a aghaidhe.
11
Coimheadfa tusa ar a nadhbharsin na haitheanta, agus na statúide, agus na breitheamhnuis, noch mhúinimsi dháoibh a niugh, do dhéanamh.
12
¶ Unne sin tiucfa a ccrích, má eistionn sibh leis na breitheamhnusuibh, agus a ccoimhéad, agus a ndéanamh, go gcoimhéadfuidh an TIGHEARNA do Dhía dhuitse an cunnradh agus an trócaire do mhionnuigh sé dod aithribh:
13
Agus gráidheochuigh sé thú, agus beinneochuidh sé thú, agus méideochuidh sé thú: agus beinneochuidh sé mar an gcéadna toradh do bhronn, agus toradh thfearuinn, harbhar, agus thfíon, agus hola, agus ionnláoghas do bhó, agus tréada do cháorach, ann sa dúthaigh noch do mhionnuigh sé dod aithribh do thabhairt dhuitsi.
14
Bíaidh tú beannuigh ós cionn gach uile phobal: ní bhíaidh firionnach ná bainionnach aimrid bhur measc, nó a measc bhur náirnéise.
15
Agus bhéaruidh an TIGHEARNA gach uile easláinte uáibh, agus ní cuirfidh éainní de droichthinneasuibh na Hégipte oruibh, (noch as eól díbh;) achd cuirfe sé íad ar a ndroing fhuaithighios thú.
16
Agus scriosfaidh tusa a nuile phobal thoirbheorus an TIGHEARNA do Dhía dhuit; ní bhía trúaighe ag do shúil dóibh: ní mó dhéanas tú serbhís da ndéeibh; óir bíaidh sin mar dhul ort féin.
17
Má deir tú an do chroidhe, Is mó na fineadhachasa ná misi; cionnus chúirfios mé as a seilbh íad?
18
Ná bíodh eagla ort rompa: achd cúimhneocha tú go maith cread do rinne an TIGHEARNA do Dhía ré Phárao, agus ris an Négipt uile;
19
Na cathuíghthe móra do chonnairc do shúile, agus na comharthaidh, agus na hiongantasa, agus an láimh chumhachdach, agus an rith sínte amach, lé ttug an TIGHEARNA bhar Ndía amach thú: mar sin do dhéana an TIGHEARNA do Dhía ris a nuile phobal ré a mbía eagla ort.
20
Os a chionn sin cuirfidh an TIGHEARNA dó Dhía an hornet eatorra, no go mbásuighthior an mhéid fhúigfidhior, agus fhoileochus íad féin ortsa.
21
Ní bhía úathbhás ort ar a sonsan: oír atá an TIGHEARNA do Dhía eadruibh, Día cumhachdach agus uathbhásach.
22
Agus cuirfidh an TIGHEARNA do Dhía na fineadhachaso amach romhad air bheagán agus air bheagán: ní scriosfa tú a néinfheachd íad, deagla go bhfásfadh beathuigh an mhachaire ort.
23
Achd do bhéara an TIGHEARNA do Dhía dhuit íad, agus sgriosfuidh sé íad le dioghbhudh móir, no go rabhuid millte.
24
Agus do bhéuruidh sé a ríghthe ann do láimh, agus sgriosfa tú a nainm ó bheith faói neamh: ní thiucfa do dhuine ar bhith seasamh romhad, nó go sgriosfa tú íad.
25
¶ Iómháighe grábhalta a ndée loiscfidh tú lé tenidh: ní shainteochuidh tú an tairgiod ná án tór atá orra, agus ní ghlacfa tú chugad é, deagla go ngéabhthaoi a ngaiste leis thú: oír is adhfhúathmhaireachd don TIGHEARNA do Dhía é.
26
Ní mó bhéuras tú adhfhuathmhaireachd chum do thighe, deagla go mbeitheá ad ní mhalluigh cosmhuil ris: ach fuathochaidh tú é thríd amach, agus biáidh gráin ort roimhe go hiomlan; oír is ní malluigh é.
← Chapter 6
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 8 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31
32
33
34