bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
Deuteronomy 11
Deuteronomy 11
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 10
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 12 →
1
Ar a nadhbharsin gráidheocha tú an TIGHEARNA do Dhía, agus coimhéadfa tú a chúram, agus a reachda, agus a bhreitheamhnuis, agus a aitheanta, a gcomhnuidhe.
2
¶ Agus bíodh a fhios agad aniugh: óir ní labhraim re bhur cclainn ag nach raibh a fhíos, agus nach bhfacuidh smachd an TIGHEARNA bhur Ndía, a mhórdachd, agus a lámh láidir, agus a righ sínte amach,
3
Agus a ionganta, agus a ghníomhradh, noch do rinne sé a méadhón na Hégipte ré Pháraoh rígh na Hégipte, agus re na dhúithche uile;
4
Agus mar do rinne sé ar shlúagh na Hégipte, re na neachuibh, agus re na gcarbaduibh; mar do chur sé dfíachuibh ar uisge na mara Ruáidhe éirghe ós a ccionn a núair do leanadar sibhsi, agus mar do mhill an TIGHEARNA íad gus an ló a niugh;
5
Agus cread do rinne sé dhíbhse san bhfásach, nó go ttangabhair don náitsi;
6
Agus cread do rinne sé re Datan agus re Abiram, mic Eliab, mhic Reuben: cionnus do oscuil an talumh a bhéul, agus do shluig síos íad, agus a muintír, agus a lóistíne, agus a nuile shubstaint do bhí iona seilbh, a measc Israel uile:
7
Ach do chonncadar bhur súilesi uile ghníomhradh móra an TIGHEARNA noch do rinne sé.
8
Uime sin coimhéadfuidhe na huile aitheanta noch aithnighimsi dhibh a niugh, chor go mbeithí láidir, agus go reachdaói a steach agus go sealbhóchuidhe an fearann, a bhfuiltí ag dul dá shealbhughadh;
9
Agus go madh heídir libh bhur laéthe dfadúghadh ann sa tír, do mhionnuigh an TIGHEARNA da bhur naithribh do thabhairt doibh agus dá síol, dúithche noch thúiltighios lé bainne agus le mil.
10
¶ Oír an fearann, a bhfuil tú ag dul dá shealbhughadh, ní mar chrích na Hégipte atá sé, ó ttangabhairsi amach, mar ar chuir tú do shíol, agus ar fhliuch tú é léud chois, mar gháirdín luibhionn:
11
Acht an fearann, a bhfuiltighe ag dul dá shealbhughadh, is fearann cnoc agus gleann é, agus ibhéas uisge dfearthuinn nimbe:
12
Dúithche agá bhfuil suim ag an TTIGHEARNA do Dhía innte: óír atáid súile do THIGHEARNA Día uirre a gcomhnuighe, ó thosach fós go deireadh na blíadhna.
13
¶ Agus tiucfa a gcrích, ma éistionn sibh go dúthrachdach rém aitheantuibhsi noch aithnighim dhaóibh a niugh, an TIGHEARNA bhur Ndía do ghrádhughadh, agus seirbhís do dhéanamh dhó lé bhur nuile chroidhe agus le bhur nuile anum,
14
Go ttiubhra misi dháoibh fearthuínn bhur ttalmhan na ham féin, an chéud fearthuinn agus an fhearthuinn dheighionach, chor go ccruinneochá tú a steach harbhar, agus thfíon, agus hola.
15
Agus cuirfe mé féur ád mhachairibh dot áirnéis, chor go madh heidir leachd ní dithe agus bheith sáitheach.
16
Tugaidh bhur naire dháoibh féin, nach mbiáidh bhur gcroidhe meallta, agus go bhfillfeadh sibh a leathtáobh, agus serbhís do dheanamh do dhéeibh oile, agus adhradh dhóibh;
17
Agus ann sin go lasfadh fearg bhar TTIGHEARNA Día bhur naghuidh, agus go ndúinfeadh súas neamh, ionnus nach mbíadh fearthuin ar bith ann, agus nach ttiubhradh an talumh a thoradh; agus deagla go nimeochadh sibh seachad go hobann ón ttalumh mhaith noch do bheir an TIGHEARNA dháoibh.
18
¶ Ar a nadhbharsin cuirfidhe iad so mo bhriathrasa a ttaisge ion bhur ccroídhthibh agus ion bhur nanum, agus ceaingéoltáoi íad mar chomhartha ar bhur láimh, chor go mbeithdís mar éadanán eidir bhur súilibh.
19
Agus múinfidhe íad dá bhur gcloinn, ag labhairt orra a nuáir shuidhfios tú ion do thigh, agus a nuáir shiubholus tú annsa tslighe, a nuáir luidhfios tú síos, agus a nuáir éireochus tú súas.
20
Agus scríobhtha tú íad ar phostuighibh dhoruis do thighe, agus ar do gheatuighibh:
21
Chor go bhfaduighthe bhur láethe, agus láethe bhur ccloinne, an sa dúithchenoch do mhionnuigh an TIGHEARNA dá bhur naithribh do thabhairt dóibh, mar laéthe nimhe ar an ttalumh.
22
¶ Oír má choimhéudtháoisi go dúthrachdach na huile aitheantasa noch aithnighimsi dháoibh, do dhéanamh, an TIGHEARNA bhur Ndía do ghrádhughadh, siubhal iona shlighthibh uile, agus ceangal leis;
23
Annsin cuirfidh an TIGHEARNA amach na fineadhachasa uile romhad, agus sealbhóchtháoisi cineadh is mó agus is cumhachduigh na sibh féin.
24
Gach uile bhall a sailteoruidh boinn bhur ccos budh libh féin é: ón fhásaca agus ó Lebanon, ó nabhuin, abhann Euphrátes, eadhon go nuige an bhfairge is faide amach is eadh bhías bhur ttéora.
25
Ní feadfaidh duine ar bith seasamh roibh: óir cuirfe an TIGHEARNA bhur Ndía bhur neagla agus bhur gcriothnughadh ar a nuile fhearann ar a sailteortháoi, fá mar a dubhairt sé ribh.
26
¶ Feuchuidh, do chuir mé romhuibh a niugh beannughadh agus mallughadh;
27
Beannughadh, má umhluighionn sibh daitheantaibh an TIGHEARNA bhur Ndía, noch aithnighimsi dháoibh a niagh:
28
Agus mallughadh, muna numhluighthí daitheantuibh an TIGHEARNA bhur Ndía, achd iómpodh a leathtáoibh as an tslighe noch aithnighimsi dháoibh a niugh, do dhul do leanmhuin deé oile, nar bhaithnidh dáoibh.
29
Agus tiucfa a ccrích, a nuair bhéuras an TIGHEARNA do Dhía thú a steach ionsa bhfearann chum a ttéid tú dhá shealbhughadh, go couirfe tú an beannughadh ar shliabh Gerisim, agus an mallughadh ar shliabh Ebal.
30
Nach bhfuilid síad ar an ttaóibh oíle do Iordan, ar a tslighe mar a ttéid an ghrían faói, a ttír na Gcanaaníteach, noch áitreabhus ann sa réiteach thall as coinne Ghilgal, láimh ré machairighibh Mhóreh?
31
Oir reachtháoi tar Iordan do dhul a steach do shealbhughadh a nfearuinn do bheir an TIGHEARNA bhur Ndía dhaoíbh, agus sealbhochthaói é, agus áiteochthaói ann.
32
Agus do bhéarthaoi aire do choimhlionadh na huile reachda agus bhreitheamhnuis chuirimsi síos daóibh a niugh.
← Chapter 10
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 12 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31
32
33
34