bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
Deuteronomy 20
Deuteronomy 20
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 19
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 21 →
1
Anuair rachus tú amach do throid a naghuidh do námhad, agus do chífe tú eich, agus carbuid, agus daóine is lía na thú fein, ná bíodh eagla ort rompa: óir atá do THIGHEARNA Día maille riot, noch thug amach as crích na Hégipte thú.
2
Agus is amhla bhías, a núair thiucfuidhe láimh ris an ccath, go ttiucfuidh an sagart chuguibh agus go laibheoruidh ris an bpobal,
3
Agus déara sé riú, Eistigh, ó a Israel, atathaoi ag dul a niugh a ndáil chatha a naghuidh bhur namhad: ná laguigheadh bhur ccroidhthe, agus narab eaglach sibh, agus ná criothnuighidh, agus nar mó bhías úathbhás oruibh ar a son sin;
4
Oír sé bhur TTIGHEARNA Día an té théid libh, do throid re bhur námhuid, da bhur ttártháil.
5
¶ Agus láibheoruid ná hoifigidh ris an bpobal, gha rádh, Cía hé an duine sin do rinne tigh núadh, agus nach ar thoirbhir é? imthigheadh sé agus filleadh dhá thigh, deagla go muirfidh é san chath, agus go ttoirbheoradh duine oile é.
6
Agus cía hé an duine do chuir fineamhuin, agus nach duáigh dá thoradh? imthigheadh seision mar an gcéadna agus filleadh dha thigh, deagla go muirfidh é san chath, agus go níosadh duine eile dhi.
7
Agus cia hé an duine thug gealladh dho mhnaoi, agus nach ttug chuige í? imthigheadh sé, agus filleadh dhá thigh, deagla go ttuitfeadh san chath, agus go mbéaradh fear oile leis í.
8
Agus laibheoruid na hoifigidh tuilleamh ris an bpobal, agus déaruidh siad, Cia hé an duine atá eaglach nó lagchroidheach? imthigheadh sé agus filleadh sé dhá thigh, deagla go laigeochadh croidhe a dhearbhraithreach mar a chroidhe sion.
9
Agus is amhla bhías, a nuáir do dhéanuid na hoifigidh criochnughadh ar a ccomhradh ris an bpobal, go ndeanuidh síad caiptinigh air a tslúagh do thréorughadh na ndáoine.
10
¶ Mar thiucfa tú a bhfogus do chathruigh do throid na haghuidh, ann sin fúagair síothcháin di.
11
Agus is amhluidh bhías, má bheir sí freagra síothchánta ort, agus oscladh romhad, ann sin is amhluidh bhias, a mbiáidh do dhaóinibh innte béid fa airdchíos agadsa, agus ag seirbhís duit.
12
Agus muna ndearna síth riot, achd go ndéana si cogadh ad aghaídh, annsin cuirfe tú foslungphurt re na haghaidh:
13
Agus a nuáir sheachodas do THIGHEARNA Día ad láimhsi i, muirfe tú gach éainfhirionnach ínnte le fáobhar an chloidhimh:
14
Ach na mná, agus na daoine beaga, agus a náirnéis, agus a nuile ní da mbía san chathruigh, a héadáil uile, do bhéara tú chugad féín íad; agus íosa tú éadáil do námhad, noch thug do THIGHEARNA Día dhuit.
15
Mar so dhéanas tú ris na caithreachuibh uile atá ro fhada uáit, nach bhfuil do chaithreachuibh na gcineadhach sa.
16
¶ Ach do chaíthreachuibh na muintiresi, noch do bheir do THIGHEARNA Día dhuit mar oighreachd, ní shaorfa tú béo éinní ann a mbía anál:
17
Ach scriosfa tú thríd amach íad; mar atá na Hititigh, agus na Hamoritigh, na Cananítigh, agus na Peirisítigh, agus na Hibhítigh, agus na Iebusitigh; mar do aithin do THIGHEARNA Día dhíot:
18
Chor nach múinfid dhíbh a dhéanamh do réir a nuile ghráineamhlachd, do rineadarsan dá ndeéibh; mar sin do dhéantaoisi peacadh a naghaidh bhur TTIGHEARNA Dé.
19
¶ A nuáir bhías tú re haghuidh caithreach a bhfad, ag déanamh cogadh na haghaidh chum a gabhala, ní ghearrfa tú a gcrainn ag búaladh tuáighe ionta: óir féadfa tú ithe dhíobh, agus ní ghearrfá tú síos íad (óir sé crann an mhachaire beatha an duine) dá ccur á bfeidhm annsa ccampa.
20
Amháin na crainn a naitheonnidh tú nach crainn thoruidh íad, leacfa tu, agus gearrfa tú síos iad; agus do dhéana tú tuir dhíobh re haghuidh na caithreach bhías a ccogadh riot, nó go ngabhthar í.
← Chapter 19
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 21 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31
32
33
34