bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
Deuteronomy 3
Deuteronomy 3
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 2
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 4 →
1
Ann sin do iontoigheamar, agus do chuádh suas air an tslíghe go Basan: agus tháinic Og righ Bhásan amach ár naghuidh, é féin agus a dháoine uile, chum catha ag Edrei.
2
Agus a dubhairt an TIGHEARNA riomsa, Ná bíodh eagla ort roimhe: óir do bhéara misi é féin, agus a dháoine uile, agus a dhúthaigh, ad láimh; agus do dhéana tú ris mar do rinne tú ré Sihon righ na Namoríteach, noch do áitribh an Hesbon.
3
Mar sin thug an TIGHEARNA ar Ndía ann ar lámhuibh mar an gcéadna Og, rígh Bhásan, agus a dháoine úile: agus do bhuáileamar é go nár fágbhadh áonduine béo aige.
4
Agus do ghabhamar a chaithreacha nile an tansin, ní raibh cathair aca nach ar bhaineamar dhíobh, trí fichthid cathair tír Argob uile, rioghachd Og a Mbasan.
5
Do chumhdnigheadh na caithreacha uile le balluighibh arda, lé geatuidhibh, agus lé barruidhibh; taobh amuigh do mhórán mór do bhailtibh gan bhalla.
6
Agus do scriosamar thríd amach uile íad, mar do rinneamar re Sihon rígh Hesbon, ag scrios go hiómlán na bhfear, na mban, agus na leanamh, an gach aonchathair.
7
Achd do ghlacamar mar chreich dhuinn féin, a náirnéis uile, agus éadáil na gcaithreach.
8
Agus do bhaineamar a nuáir sin amach as láimh dhá rígh na Namoríteach an dúthaigh do bhí don táoibhsi do Iordan, ó abhuinn Arnon go slíabh Hermon;
9
An Hermonsin as de ghoirid na Sidonianuigh Sirion; agus goirid na Hamorítigh Senir dhe;
10
Caithreacha an réitigh uile, agus Gileád uile, agus Básan uile, go Salchah agus Edrei, caithreacha do rioghachd Og a Mbásan.
11
Oír do bé Og righ Básan amháin do mhair dtuighioll na naitheach; féuch, do bhí a leaba na leaba híarann; nach bhfuil sí a Rabbat chloinne Ammon? náoi ccubhaid do bhí na fad, agus ceithre cubhaid na leithead, do réir chubhad fir.
12
¶ Agus thug misi an dúthaighsi, noch do shealbhuigheamar a nuáir sin, ó Aroer, noch atá láimh ris a nabhuinn Arnon, agus leath sléibhe Gilead, agus a ccaithreacha sin, do na Reubenítibh agus do na Gadítibh.
13
Agus thug mé an chuid oile do Ghilead, agus Básan uile, eadhon rioghachd Og, do leith threibhe Manasseh; rioghachd Argob, uile maille re Basan uile, noch dá ngortháoi dúthaigh na naitheach.
14
Do ghlac Iair mhac Manasseh tír Argob uile go himlibh Gesúri agus Maachati; agus do ghoir dhíobh do réir a anma féin, Basan‐Habhotiair, agus a ningh.
15
Agus thug mé Gilead do Mhachir.
16
Agus thug mé ó Ghilead go sruth Arnon do na Reubenítibh agus do na Gadítibh, leath an ghleanna, agus an timiol air fad go sruth Iabboc, noch is teóra do chloinn Ammon;
17
An réiteach fós, agus Iordan agus an teóra, ó Chinnerei go nuige fairge an réitigh, a nfairge shailte, fáoi Asdot‐pisgah táobh shoir.
18
¶ Agus do aithin misi dháoibh a nuairsin, dhá rádh, Thug an TIGHEARNA bhur Ndía an fearannsa dháoibh dá shealbhughadh: rachtháoi thairis armtha a lathair bhur ndearbhráithreach clann Israel, a nuile dhuine dá bhfuil iomchubhaibh chum an chogaidh.
19
Ach fanfuid bhur mna, agus bhur cclann bheag, agus bhur náirnéis, ann bhur gcaithreachaibh, nóch thug misi dáoibh, (óir atá a fhios agum go bhfuil iomad áirnéisi aguibh;)
20
Nó go ttugaidh an TIGHEARNA suáimhneas dá bhur ndearbhraithribh, comhmaith agus dáoibhsi, agus nó go sealbhuighid síad mar an gcéadna an fearann thug an TIGHEARNA bhur Ndía dhóibh táobh thall do Iordan: agus annsin fillfidhe gach éanduine aguibh chum a sheilbhe, noch thug misi dháoibh.
21
Agus do aithin misi a nuáirsin do Iosua, ghá rádh, Do chonncadar do shúile gach ní da ndeárna an TIGHEARNA do Dhía ris an dá ríghsé: mar sin dhéunas an TIGHEARNA ré gach uile rioghachd a ngéabha tusa.
22
Ní bhiáidh eagla oruibh rompa: óir troidfidh an TIGHEARNA bhur Ndía ar bhur son.
23
¶ Agus do ghuidh misi an TIGHEARNA fá namsin, ghá rádh,
24
A TIGHEARNA Día, do thosuighis ar do mhórdhachd, agus do láimh chumhachduigh do thaisbeanadh dod shearbhfhoghantuigh: óir cía an Día ar neamh nó ar talamh, fhéudas a dhéanamh do réir hoibreachsa, agus do réir do neirt?
25
Guidhim thú, léig dhamh dul anonn, dféachuin a nfearuinn mhaith atá táobh thall do Iordan, an slíabh maith sin, agus Lebanon.
26
Ach do bhí an TIGHEARNA feargach riomsa ar bhur sonsa, agus níor bháill leis méisdeachd: agus a dubhairt an TIGHEARNA riom, Go madh lór dhuit sin; ná labhair ní is mó rium fá nadhbharsa.
27
Eirigh súas go mullach an chnoic, agus tóg súas do shúile leath shíar, agus leath thuáigh, leath shoir, agus leath theas, agus féuch é léd shúilibh: óir ni racha tú tar an Iordanso ánonn.
28
Ach aithin do Iosua, agas cuir meisneach ann, agus neartuigh é: óir rachuidh seision anonn roimhe na dáoinibhsi, agus do bhéura sé orra an dúthaigh do shealbhughadh a noighreachd noch do chífe tusa.
29
Mar sin do chomhnuigheamar san ngleann thall as coimne Bheth‐peor.
← Chapter 2
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 4 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31
32
33
34