bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
Deuteronomy 23
Deuteronomy 23
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 22
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 24 →
1
An té loitthear iona chlochuibh, né a ngearthar a bhoill sheicréideacha dhe, ní rachuidh a ccomhchruinniughadh an TIGHEARNA.
2
Ní rachaidh bastard a ccomhthionól an TIGHEARNA; go nuige an deachmhadh glún ni rachuidh sé a steach a gcoimhthionól an TIGHEARNA.
3
¶ An Tammoníteach agus an Moabíteach ní rachuid síad a gcomhthionól an TIGHEARNA; eadhon go nuige an deachmhadh glún ní rachuid a gcomhthionol an TIGHEARNA go bráth:
4
Do bhrígh nach ttangadar chugaibh lé harán agus lé huisge an sa tslighe, anuáir thangabhair amach as a Négipt; agus do bhrígh gur cheanchadar Bálaam mhac Péor as Pétor na Mesopotámia, a taghuidh chum thusa do mhallughadh.
5
Gidheadh níor eíst do THIGHEARNA Día ré Bálaam; ach do iompóigh do THIGHEARNA Día an mallughadh na bheannughadh dhuitsi, do bhrígh gur bhionmhuinn le do THIGHEARNA Día thú.
6
Ní íarrfa tú a síothcháin nó a gconach ar feadh do sháogháil.
7
¶ Ní fhúathocha tú Edomiteach; óir is dearbhrathair dhuit é: ní fhúathocha tú Egipteach: do chionn go rabbuis ad choimhitheach iona dhúithche.
8
An chlann bhearthar dhóibh rachaid a ccoimhthionól an THIGHEARNA iona treas nginealach.
9
¶ A nuáir rachus an slúagh amach a naghuidh do námhad, an sin coimhéad thú féin ar gach uile dhroich ní.
10
¶ Má bhíon bhúr measc éanduine, nach bía glan tre shalchar bheanus dó san noidhche, ansin rachaidh sé amach as an ccampa, ní thiucfa sé táobh a steach don champa:
11
Acht as amhluidh bhías, a nuáir thiucfas an tráthnóna, nighfidh sé é féin lé huisge: agus a nuáir rachas an ghrían faói, tiocfe sé don fhóslungphort a ris.
12
¶ Biáidh ágad mar an gcéadna áit táobh amuigh don fhoslungphort, mar a racha tú amach:
13
Agus biáidh slúasad agad ar harm; agus is amhluidh bhías, a nuáir fhóilmheochus tú thú féin, toicheoluidh tú leis sin, agus iompochuidh tú air hais agus foileochuidh tú an ní thig uáit:
14
Oír siubhluigh do THIGHEARNA Día a lár do champa, dot chumhdachsa, agus do thabhairt do námhad súas ad fhíaghnuisi; ar a nadhbharsin biáidh do champa náomhtha: go nach bhfaicidh sesion éainni salach ionnad, agus go bhfillfeadh sé uáit:
15
¶ Ní thiubhra tú dha mhaighistir an seirbhiseach noch thainic ó na mhaighistir chugad:
16
Coimhneochuidh sé at fhochair, eadhon eadruibh, sa náit thoighfeas sé ann aon dot dhoirsibh, mar a ttaitneann ris: ni sháireocha tú é.
17
¶ Ná bíodh stríapach ar bith dinghionuibh Israel, na sodomíteach do mhacuibh Israel.
18
¶ Ní thiubhra tú túarusdal stríapuighe, nó lúach madruidh, go tigh do THIGHEARNA Dé ar son móide ar bith: óir is athfhúathmhaireachd íadso araon dot THIGHEARNA Día.
19
¶ Ní thiubhra tú áirleagadh ar úsuireachd dot dhearbhrathair; úsuireachd airgid, úsuireachd bhidh, úsuireachd neithe ar bith áirleacthair ar úsuíreachd:
20
Do choimhidhtheach féaduidh tú áirleagadh do thabhairt ar úsuireachd; achd dot dhearbhrathair ní fhéadan tú áirleagadh do thabhairt ar úsuireachd: chor go mbeinneochaidh do THIGHEARNA Día thú ann gach uile ní iona ccuirfe tú do lámh annsa tír a ttéid tú dá shealbhughadh.
21
¶ A nuáir do bhéara tú móid dot THIGHEARNA Día, ná cuir ar cáirde a choimhlíonadh: óir íarrfuidh do THIGHEARNA Día cunntus ort ann go deimhin; agus do bhíadh na pheacadh ort.
22
Acht muna ttuga tú móid, ní bhía na pheacadh ort.
23
Gidh bé ní do chuáidh amach as do bhéul coimhéadfa tú agus coimhlíonfa tú é; eadhon an nofráil thoileamhuil, do réir mar do mhóidigh tú dot THIGHEARNA Día, noch do gheall tú léd bhéul.
24
¶ A nuáir thiocfas tú go gárruidh fíneamhna do chomharsann, ansin is éidir leachd cáora fíneamhna do sháith dithe ar do thoil féin; achd ní chuirfe tú éinní ann do shoitheach.
25
A nuáir thiucfás tú a ngort do chomharsann, an sin féaduigh tú na déusa do tharruing lé do láimh; achd ní chorrocha tú corrán a narbhar do chomharsann.
← Chapter 22
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 24 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31
32
33
34