bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
Deuteronomy 6
Deuteronomy 6
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 5
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 7 →
1
Annois is íad so na haitheanta, na reachda, agus na bhreitheamhnuis, do aithin an TIGHEARNA bhur Ndía do theagasg dhíbh, chor go ndéantáoi íad annsa bhfearann a bhfuiltí ag dul dá shealbhughadh:
2
Ionnus go mbía eagla an TIGHEARNA do Dhía ort, agus go ccoimheudfá a reachda uile agus a aitheanta, noch fhúagruimsi dhuit, thú féin, agus do chlann, agus clann do chloinne, ar feadh do sháoghuil; íonnus go bhfaideochtháoi do laéthe.
3
¶ Eíst ar a nadhbharsin, a Israel, agus tabhair haire sin do dhéanamh; chor go mbeithear go maith agad, agus go líonfa tú go hiomaroach, mar do gheall an TIGHEANA Día haithreadh dhuit, annsa tír an a bhfuil tuile bhainne agus meala.
4
Eíst, ó a Israel: an TIGHEARNA ar Ndíane is éin TIGHEARNA amhain é:
5
Agus grádhochuidh tú an TIGHEARNA do Dhía réd chroidhe uile, agus réd anam uile, agus réd chumhachduibh uile.
6
Agus béid na bríathraso, aithnighimsi dhíot a niugh, ann do chroidhe:
7
Agus múinfidh tú go dúthrachdach dod chloinn íad, agus laibheóruidh tú orra a nuáir shuidhfeas tú ann do thigh, agus a nuáir shiubhólas tú an tslighe, agus a nuáir luídhfheas tú síos, agus a nuáir éireochus tú súas.
8
Agus ceangola tú íad mar chomhartha ar do láimh, agus béid amhuil éadanána idir do shúilibh.
9
Agus scríobhtha tú íad ar phostuighibh do thighe, agus ar do dhoirsibh.
10
Agus is amhla bhías a nuáir bhéurus an TIGHEARNA do Dhía thú don dúthaigh noch do mhionnuigh dod aithribh, do Abraham, do Isaac, agus do Iácob, go ttiubhradh dhuit caithreacha móra maithe, nach tú féin do chuir súas,
11
Agus tighthe lán do na huile neithibh maithe, nach tú féin do líon, agus toibreacha tochalta, nach tú féin do thochuilt, fíneamhna agus croinn ola, nach tú féin do phlannduigh; a nuáir íosas tú agus bhías tú lán;
12
Annsin tabhair haire deagla go ndearmadfá an TIGHEARNA, noch thug ámach thú as crích na Hégipte ó thigh na dáoirsi.
13
Biaidh eagla an TIGHEARNA do Dhía ort, agus do dhéana tú seirbhís dó, agus mionnochaidh tú ann a ainmsion.
14
Ní leanfa tú dée ar bith oile, do dhéeibh na ndáoine atá fá ccuáirt bhur dtimchioll;
15
(Oír an TIGHEARNA do Dhía is Día éadmhar bhur measg é) deagla go lasfadh fearg an TIGHEARNA do Dhía ad aghuidh, agus go scriosfadh thú ó dhruim na talmhan.
16
Ní chuirfe tú cathughadh ar an TTIGHEARNA do Dhía, mar do chuir tú air a Massah.
17
Coimhéad go dithchiollach aitheanta an TIGHEARNA do Dhía, agus a fhiaghnuisigh, agus a reachda, noch do aithin sé dhíot.
18
Agus do dhéana tú an ní is díreach agus is maith a radharc an TIGHEARNA: chor go mbeithear go maith agad, agus go bhféadfa tú dul a steach agus an fearann maith do shealbhughadh noch do mhionnaidh an TIGHEARNA dod aithribh,
19
Agus teilgfe sé amach do naimhde uile romhad, mar do labhair an TIGHEARNA.
20
¶ Agus a nuáir fhíafrochus do mhac dhíot ansa naimsir atá ag teachd, ghá rádh, Créd is cíall do na fiadhnuisibh, agus do na reachtuibh, agus do na breaitheamhnusuibh, noch do aithin an TIGHEARNA ar Ndía dhíbh?
21
Ann sin déara tú re do mhac, Do bhámairne ar sclábhuighibh ag Phárao san Négipt; agus thug an TIGHEARNA amach as an Négipt sinn le láimh láidir:
22
Agus do thaisbéin an TIGHEARNA comharthuidhe agus iongantasa móra, agus doilghe ar an Négipt, ar Phárao, agus ar mhuintir a thighe uile, as comhair ar súl:
23
Agus thug sé sinne amach as sin, chor go ttiubhradh sé a steach sinn, do thabhairt dhúinn na dúthaighe do mhionnuigh sé dar naithribh.
24
Agus do aithin an TIGHEARNA dhínn na reachtaso uile do chomhall, agus eagla an TIGHEARNA ar Ndía, do bheith oruinn ar mhaith rinn féin a gcomhnuidhe, chor go ccoimhéadfadh sé sinn beo, mar atá san ló a niugh.
25
Agus budh é ar bhfíreúntachd, má bheirmid aire na haitheantaso uile dhéanamh a bhfiaghnuisi an TIGHEARNA ar Ndía, mar do aithin sé dhínn.
← Chapter 5
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 7 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31
32
33
34