bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
Deuteronomy 4
Deuteronomy 4
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 3
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 5 →
1
Annois ar a nadhbharsin éistigh, ó a Israel, ris ná reachduibh agus ris na breitheamhnusuibh, noch do mhúin mé dháoibh, chum a ndeanta, chor go mainfidhe, agus go rachtháoi a sdeach agus go sealbhuightháoi an dúthaigh do bheir an TIGHEARNA Día bhur naithreadh dháoibh.
2
Ní chnirfidhe a gcionn an nfocail aítheanus misi dhíbh, ní mó laighdeochtháoi éinní dhe, chor go gcoimhéadfuidhe aitheanta an TIGHEARNA bhur Ndía noch aithnighimsi dhíbh.
3
Do chonncadar bhur súile féin cred do rinne an TIGHEARNA a ttáobh Bhaalpeor: óir a nuile dhuine dar lean Baalpeor, do scríos an TIGHEARNA bhur Ndia as bhur measc íad.
4
Ach sibhsi noch do ghreamuigh don TIGHEARNA bhur Ndía atátháoi beó gach éanduine aguibh a niugh.
5
Féuchaidh, do mhúin mé dháoibh reachda agus breitheamhnuis, do réir mar do aíthin an TIGHEARNA mo Dhía dhíom, ionnus go ndéuntáoisi sin annsa tír a bhfuiltí ag dul dá sealbhughadh.
6
Coimhéuduigh uime sin agus déanuidh íad; óir is í so bhur críonnachd agus bhur ttuígsin a radharc na gcineadhách, noch chluinfeas na statúidesi uile, agus a déara, Go deimhin is dáoine críonna agus tuigseacha an cineadh mórsa.
7
Oír cía he an cineadh atá combmór sin, a bhfuil Día comhfhogus sin dóibh, martá an TIGHEARNA ar Ndíane annsna huile neithibh a ngoirmid air?
8
Agus cía an cineadh comhmór sin, agá bhfuilid reachda agus breitheamhnuis coimhcheart ris an dligheadhso uile, noch órduighimsi dháoibh a niugh?
9
Amháin tabhair aire dhuit féin, agus coimhéud thanam go dúthrachdach, deagla go ndearmadfá na neithe do chonnairc do shúile, agus deagla go scairfaidís ré do chroidhe uile laétheadh do bheathá: achd múin dod mhacuibh íad, agus do mhacuibh do mhac;
10
Go háirigh an lá do sheas tú a bhfiaghnuisi an TIGHEARNA do Dhía ann Hóreb, a nuáir a dubhairt an TIGHEARNA riumsa, Cruinnigh chugam na dáoine a bhfochair a chéile, agus do bhéara mé orra mo bríathra do chloisdin, chor go bhfoghlamid eagla do bheith aca romham ar feadh laétheadh a saoghail ar an ttalamh, agus chor go múínfid a clann.
11
Agus tangabhairsi a bhfogus agus do sheasabhair fáoi an tslíabh; agus do las an slíabh lé teinid go nuige meadhon nimhe, le dorchadas, le néuluibh, agus lé dorchadus tiugh.
12
Agus do labhair an TIGHEARNA ribh as lár na tineadh: do chúalabhair fuáim na mbríathar, achd ní fhacabhair samhlughadh ar bith; achd amháin go ccúalabhair guth.
13
Agus do fhoillsidh sé dháoibh a chunnradh, noch do aithin sé dhíbh do choimhlionadh eadhon deith naitheanta; agus do scríobh sé íad a ndá chlár chloiche.
14
Agus do aithin an TIGHEARNA dhíomhsa a nuáirsin reachda do mhúnádh dháoibh agus breitheamhnuis, chor go ndéantáoi íad annsa dúthaidh a rachtháoi a nunn dhá shealbhughadh.
15
¶ Tugaidhsi ar a nadhbharsin aire mhaith dháoibh féin; óir ní fhacabhair gné ar bith shamhluighthe an lá do labhair an TIGHEARNA ribh an Hóreb amach as lár na teineadh:
16
Deagla go ttruaillfidhthigh sibh féin, agus go ndéanaidh sibh íomháigh ghrabhálta, cosamhlachd fhidhreach ar bith, cósamhlachd fir nó mná,
17
Cosamhlachd éainbheathaigh dá bhfuil ar an ttalamh, cosamhlachd éoin air bith sciathanuigh noch eitíollus san naieir,
18
Cosamhlachd éainneithe dá ngluaisionn ar an dtalumh, cosamhlachd éisc ar bith dá bhfuil ann sna huisgedhibh fáoi an dtalamh:
19
Agus deagla go ttóigfeá do shúile súas chum nimhe, a nuáir do chífeá an ghrían, agus an ghealach, agus na réulta, sluágh nímhe uile, go ttáireongtháoi thú chum a nadhartha, agus do dhéanamh serbhíse dhóibh, noch do roinn an TIGHEARNA do Dhía ris a nuile chineadh fáoi neamh uile.
20
Ach do ghlac an TIGHEARNA sibhsi, agus thug amach sibh as an bhfuirnéis íaruinn, amach as an Négipt, go mbeith sibh mar phobal oighreachda aige féin, mar atátháoi a niugh.
21
Os a chionn sin do bhí an TIGHEARNA feargach riumsa ar bhur sonsa, agus do mhionnaigh sé nach rachfuinn anonn tar Iordan, agus nach rachfuinn a steach don dúthaigh mhaithsin, noch do bheir an TIGHEARNA do Dhía dhuitsi mar oighreachd:
22
Ach caithfidh misi bás dfagháil annsa tirsa, caithfidh me gan dul anonn tar Iordan: ach rachtháoisi anonn, agus sealbhochuidhe an fear ann maithsin.
23
Tugaidh bhur naire dhíbh féin, deagla go ndearmadadh sibh cunnradh an TIGHEARNA bhur Ndía, noch do rinne sé ribh, agus go ndéanadh sibh dhíbh féin íomháighe ghrabhálta, nó cosamhlachd éainneithe dár thoirmisc an TIGHEARNA bhur Ndía oruibh.
24
Oír is teinidh dhíoghbhálach an TIGHEARNA bhur Ndía, Día éadmhar.
25
¶ A nuáir gheinfeas tú clann, agus clann chloinne, agus fhanfuidhe a bhfad annsa dúthaigh, agus thruaillfighidh sibh féin, agus do dheantáoi íomháigh ghrabhálta dhíbh féin, no cosamhlachd neithe ar bith, agus do dhéantáoi olc a bhfíadhnuise an TIGHEARNA bhur Ndía, dá bhrostughadh chum feirge:
26
Goirimsi neamh agus talumh dfiaghnuisi bhur naghuidh a niugh, go sgriosfuíghear sibh go haithghearr thríd amach as an ndúthaigh ann a bhfuilti ag dul anonn tar Iordan dhá shealbhughadh; ní fhaideochthéoi bhur laéthe uirre, achd sgriosfuighear sibh go huilidhe.
27
Agus spréighfidh an TIGHEARNA sibh a measc na gcineadhach, agus fúigfighear sibh beag a nuibhir a measc na ngeinteadh mar a mbéaruidh an TIGHEARNA sibh.
28
Agus annsin do dhéantáoi serbhís do dhéeibh, oibreacha lámh dáoine, do chrann agus chloich, nach bhfaiceann fós, agus nach ccluineann, nach itheann, agus nach bholtanuigheann.
29
Achd má ghuidheann tú an TIGHEARNA do Dhía as sin, do gheabha tú é, má íarrann tú od uile chroidhe agus od uile anam é.
30
A nuáir bhías tú a mbhuaidhreadh, agus thiocfas na neithesi uile ort, eadhon annsna laéthibh deigheanacha, má fhiliéann tú chum an TIGHEARNA do Dhía, agus go mbía tú umhal dá ghuth;
31
(Oír an TIGHEARNA do Dhía as Día grásamhuil é); ní thréigfe sé thú, agus ní scriosfa sé thú, agus ní mó dhearmadfaidh sé cunnradh haithreadh noch do mhionnuigh sé dhóibh.
32
¶ Oír fíafruighe á noís ó na laéthibh do chuáidh thort, noch do bhí romhad, ón ló fár chruthaigh Día an duine ar an ttalumh, agus fíafruigh ón ttáobh go chéile do fhlaitheamhnus, an raibh leithéid an neithe mhóirsí, nó ar chlos a leithéid?
33
An ccúaladar dáoine riamh guth Dé ag labhairt amach as lár na teineadh, mar do chúala tusa, agus é mharthuinn?
34
Nó ar ghabh Día a láimh imtheachd agus cíneadh do ghlacadh chuige as lar cinidh eile, lé cathuighibh, lé comharthuibh, agus lé hiongantuibh, agus lé cogadh, agus le láimh laidir, lé láimh shínté amach, agus lé húathbhásuibh móra, do réir a nuile neithe dá ndeárna an TIGHEARNA bhur Ndía ribhsi san Négipt as coinne bhur súl?
35
Dháoibhsi do thaisbeanadh é, chor go mbía a fhios aguibh gur bé an TIGHEARNA is Día ann; agus nach bhfuil Díu ann ach é.
36
As flaitheamhnus thug sé ort a ghuth do chluinsin, chor go tteigeoscadh sé thú: agus ar an ttalumh do thaisbéin sé a theinidh mhór dhuit; agus do chualaidh tú a bhríathra amach as lár na teineadh.
37
Agus do bhrígh gur ghrádhuigh sé haithre, uime sin do thogh sé a síol na ndiáigh, agus thug se thusa amach a lathair lé na chumhachduibh neartmhara as an Négipt;
38
Do dhíbirt cineadhach romhad amach fá mhó agus fá láidre ná thú féin, dod thabhairtsi a steach, chum a bhfearannsan dá thabhairt dhuit mar oighreachd, mar atá sé a niugh.
39
Bíodh a fhios agad a niugh ar a nadhbharsin, agus meas é ann do chroidhe, gur bé an TIGHEARNA as Día a bhflaitheamhnus shúas, agus ar an ttalumh shíos: ní bhfuil éan oile ann.
40
Coimhéadfa tú ar a nadhbharsin a státuide, agus a aitheanta, noch aithnighimsi dhíot a niugh, chor go rachaidh sé go maith dhuit, agus dod chloinn ad dhiáigh, agus go bhfaduighe tú do laéthe ar an ttalamh, noch do bheir an TIGHEARNA do Dhía dhuit, go bráth.
41
¶ Annsin do órduigh Maóise trí caithreacha ar an dtáobhsi do Iordan leath ré héirghe gréine;
42
Lé bhféadfadh an marbhthach teitheamh ionta, noch do mhuirfeadh a chomharsa gan fhios dó féin, agus nach raibh fúath aige air annsa naimsir do chuáidh thort; agus ar tteitheamh go cathruigh dhíobh go bhféadadh marthuinn:
43
Eadhon, Béser annsa bhfásach, a ttír réigh, na Reubeniteach; agus Rámot ann Gílead, na Ngadíteach; agus Golan ann Basán na Mannassíteach.
44
¶ Agus sé so an dligheadh do chuir Maóise síos do chloinn Israel:
45
Siadso na fiadhnuiseadh, agus na reachda, agus na breitheamhnuis, noch do labhair Maóise ré cloinn Israel tar éis teachd amach as an Négipt,
46
Don táoibhsi do Iordan, annsa ghleann as coinne Bhet‐peor, a ttir Shihon rígh na Namoriteach, noch do áitribh an Hesbon, noch do bhuáil Maóise agus clann Israel, tar éis teachd amach as an Négipt:
47
Agus do shealbhuigheadar a dhúthaigh, agus dúthaigh Og rígh Basan, dhá rígh na Namoriteach, noch do bhí ar an ttáoibsi do Iordan leath re héirghe na gréine;
48
O Aroer, noch atá láimh re brúach na habhann Arnon, go nuige slíabh Síon ré ráidhthear Hermon,
49
Agus an réiteach uile don táoibhsi do Iordan leath shoir, eadhon go nuige an bhfairge don réiteach, fáoi thoibreachuibh Pisgah.
← Chapter 3
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 5 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31
32
33
34