bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
Deuteronomy 29
Deuteronomy 29
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 28
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 30 →
1
Is iad so bríathra an chunnartha, noch do aithin an TIGHEARNA do Mhaóisi do dhéanamh ré cloinn Israel a ttír Mhoaib, táobh amuigh don chunnradh do rinne sé ríu ann Hóreb.
2
¶ Agus do ghoir Maóíse ar Israel uile, agus a dubhairt riú, Do choncabhair a nuile ni do rinne an TIGHEARNA as coinne bhur súl a ccrích na Hégipte ré Phárao, agus ré na sheirbhíseachuibh uile, agus ré na dhúthaigh uile;
3
Na cathuighthe móra do chonncadar do shúile, na comharthuidhe, agus na híonganta mórasin:
4
Gidheadh ní thug an TIGHEARNA croidhe dhíbhse le tuigsin, agus súile lé faicsin, agus clúasa lé héisdeachd, gus an lá a niugh.
5
Agus do théoruidh misi ceathrachad blíadhan sibh an sa bhfásach: níor chríon bhur néadach umuibh, agus níor dhreóigh do bhróg ar do chois.
6
Níor itheabhair arán, agus níor ibheabhair fíon no deoch láidir: chor go mbía a fhios aguibh gur misi bhur TTIGHEARNA Día.
7
Agus a nuáir thangabhair don náitsi, tháinic Sihon rígh Hesbon, agus Og rígh Básan, amach ar naghuidh chum catha, agus do bhuáileamar íad:
8
Agus do ghabhamar a ttír, agus thugamar í mar oighreachd do na Réubinitibh, agus do na Gadítibh, agus do leath threibhe Mhanasseh.
9
Coimhéaduigh ar a nadhbharsin bríathra an chunnarthaso, agus déanuidh íad, chor go rachdaoi ar bhur naghuidh an sa nuile ní do dhéantaói.
10
¶ Seasuidh sibh uile a niugh a lathair bhur TTIGHEARNA Dé; bhur ccaiptínigh bhur ttreabh, bhur sinnsir, agus bhur noifigidh, maille re fearuibh Israel uile,
11
Bhur ndaóine beaga, bhur mná, agus do choimhitheach atá ann do champa, ó ghéarrthóir do chonnuidh go tairngtheoir huisge:
12
Chor go rachá a cunnradh ré do THIGHEARNA Día, agus iona mhionna, noch atá do THIGHEARNA Día do dhéanamh riot a niugh.
13
Chor go ndaingneochadh sé thú a niugh mar phobal dó féin, agus go mbía na Dhía agad mar a dubhairt sé riot, agus mar do mhionnuigh sé dot aithribh, do Abraham, do Isaac, agus do Iácob.
14
Agus ní libh féin amháin do nímse an cunnradhso agus na mionnaso;
15
Ach ris an té atá na sheasamh aguinn a niugh a bhfiaghnuisi ar TTIGHEARNA Dé, agus mar an gcéadna ris an té nach bhfuil na sheasamh aguinn a niugh:
16
(Oír atá a fhios aguibh cionnus do chomhnuigheamar a gcrích na Hégipte; agus mar thangamar thríd na críochuibh tré ar ghabhabhair;
17
Agus do chonncabhair a ngráineamhlachd, agus a niodhail, chrann agus chloiche, airgid agus óir, noch do bhí na measc:)
18
Deagla go mbíath bhur measc fear, nó bean, nó muintir, nó treabh, a niompóighionn a chroidhe a niugh ór TTIGHEARNA Día, dimtheachd agus do fhriotholamh do dhéeibh na ccineadhachso; deagla go mbíath bhur measc fréamh do bhéaradh uadh domlus agus mormónta;
19
Agus go ttiucfaidh a ccrích, a nuáir chluinfios bríathra na mallachdasa, go mbenneochuidh é féin iona chroidhe, ghá rádh, Biáidh sith agum, gidh go siubholuígh mé a neasarrumachd mo chroidhe féin, ag cur meisge a gcionn an tarta:
20
Ní choigeola an TIGHEARNA eision, achd annsin lasfuidh fearg an TIGHEARNA agus a éud a naghaidh an duinesin, agus luighfid na mallachda atá scríobhtha san leabharso uilé air, agus scriosfuidh an TIGHEARNA a ainm ó bheith faói neamh.
21
Agus deileochuidh an TIGHEARNA é chum úile amach as treabhuibh Israel uile, do réir mhallachd an chunartha uile atá scríobhtha annsa leabharso an dlighe:
22
Iondus go naibeoruidh an ginealach thiucfas dá bhur ccloinn noch éireochus súas bhur ndiáigh, agus an coimhitheach thiucfas ó chrích imchéin, a nuáir do‐chífid plágha na tíresin, agus an tinnios do leag an TIGHEARNA uirre;
23
Agus gur ruibh agus salann, agus loscadh a fhearann uile, go nach ccuirfighear í, agus nach ttiubhra toradh, no nach bhfásann luibh ar bith uirre, do réir mhillte Shodom, agus Ghomorrah, Admah, agus Sheboim, noch do mhill an TIGHEARNA iona fheirg, agus íona dhioghultas:
24
Fa dheóigh go naibeoruidh na huile chineadhacha, Cred as a ndeárna an TIGHEARNA marso ris an ttírse? cred is cíall do theas na feirge móiresi?
25
Ann sin déaruid daóine, Do chionn gur thréigeadar cunnradh an TIGHEARNA Dé a naithreadh, do rinne sé ríu a nuáir thug sé amach as crích na Hégipte íad:
26
Oír do chúadar agus do fhresdaladar dée eile, agus do adhradar íad, dee nar bhfeas dóibh, agus nach ttug seision dóibh:
27
Agus do las fearg an TIGHEARNA a naghuidh na tíre si, do thabhairt a bhfuil do mhallachduibh scríobhtha annsa leabharso uirre:
28
Agus do thochuil an TIGHEARNA amach as an ccríchsi íad a bhfeirg, agus a ndioghaltas: agus a ndíbhfeirg mhoir, agus do theilg a ttír oile íad, mar atá a niugh.
29
Beanuid na neithe secréideacha re ar TTIGHEARNA Día: achd na neithe atá ar na bhfoillsiughadh is rinne bheanuid síad agus ré ar gcloinn gó síorruidhe, chor go ndéanmaóis bríathra an dlighesi uile.
← Chapter 28
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 30 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31
32
33
34